Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gradam Ceoil TG4 le craoladh beo ar BBC ALBA Dé Domhnaigh

21.02.20

Tá ríméad ar TG4 a bheith ag obair i gcomhar le BBC Alba chun go mbeidh teacht ag teaghlaigh ar fud an hAlban agus na Ríochta Aontaithe ar shearmanas bliantúil gradam agus seóthaispeántas Cheol Traidisiúnta na hÉireann, GRADAM CEOIL TG4, den chéad uair.  Déanfar Gradam Ceoil TG4 a chraoladh Beo ar an teilifís ar TG4 agus ar BBC ALBA araon ag 9:30pm tráthnóna Dé Domhnaigh, as Halla Waterfront Bhéal Feirste agus beidh deis féachaint air ina dhiaidh sin ar an BBC iPlayer https://www.bbc.co.uk/programmes/m000ft8x agus do dhaoine ar fud an domhain ar sheinnteoir TG4, www.TG4.ie

 

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an obair i gcomhar seo idir TG4 agus BBC ALBA. Is é TG4 craoltóir seirbhíse Poiblí Gaeilge na hÉireann agus tá sé mar aidhm aige an méid daoine a bhfuil teacht acu ar ábhar cultúir agus Gaeilge TG4 ar fud an domhain a mhéadú.  Is deis a bheidh sa chomhoibriú seo le BBC ALBA i mbliana don lucht féachana in Albain agus sa Ríocht Aontaithe an scoth de cheol traidisiúnta na hÉireann a bheidh Beo ar an oíche a cheiliúradh’.

 

Dúirt Eagarthóir Cainéil BBC ALBA, Margaret Cameron Bhain BBC ALBA agus TG4 leas as an obair i gcomhar ar chomhléiriúcháin éagsúla i gcaitheamh na mblianta agus is é seo an chéad imeacht beo ceoil a bheimid ag craoladh ag an am céanna. Táimid ag súil le hoíche spleodrach de cheol traidisiúnta na hÉireann a chur ar fáil don lucht féachana ar fud na Ríochta Aontaithe.”

 

Is é TG4 an bealach teilifíse Gaeilge agus is eintiteas neamhspleách reachtúil é (Teilifís na Gaeilge). Tá craoladh á dhéanamh aige ón gcuid deiridh den bhliain 1996. Is bealach teilifíse saor go haer é TG4 agus tá bonn láidir lucht féachana aige ar fud oileán na hÉireann. Is é an 6ú cainéal is mó a bhreathnaítear air in Éirinn faoi láthair, chun tosaigh ar BB2 agus ar Channel 4.

 

Cainéal comhpháirtíochta é BBC ALBA, cainéal Ghaidhlig na hAlba sa Ríocht Aontaithe, idir MG ALBA agus an BBC, agus tá an cainéal i mbun feidhmiúcháin ón mbliain 2008.

 

Is iad na mná a bheidh i mbun ceannródaíochta i mbliana maidir leis na gradaim agus is ar phlúr na gceoltóirí mná a bhronnfar ‘Ceoltóir na Bliana’, ‘Ceoltóir Óg na Bliana’ agus ‘Cumadóir na Bliana’. Is as Cathair na Mart í an cruitire Laoise Kellyhttps://youtu.be/A7qvbcoy_uc buaiteoir ‘Cheoltóir na Bliana’ TG4 na bliana seo agus is í an buaiteoir is óige í a bhfuil an príomhghradam tugtha léi aici go dtí seo. Is as Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir, an fidléir agus dordveidhleadóir Sharon Howley atá roghnaithe mar Cheoltóir Óg na Bliana do 2019, atá báite sa cheol traidisiúnta ó bhí sí ina cailín óg agus saibhreas an cheoil go láidir ina sliocht roimpi.

 

Tá Corn Uí Riada buaite ag Lillis Ó Laoire faoi dhó, príomhdhuais an Oireachtais don amhránaíocht ar an sean-nós, in 1991 agus arís in 1994 agus is air a bhronnfar Amhránaí na Bliana.

 

Is iad na ceoltóirí eile a mbronnfar gradaim orthu Séamus Connolly ar a mbronnfar Gradam Saoil, Ned Kelly an Aonaigh ar a mbronnfar Gradam Comaoine agus bronnfar Cumadóir na Bliana ar Josephine Marsh.

 

Is é Gradam Ceoil TG4 príomhscéim bhliantúil na ngradam ceoil thraidisiúnta agus craolfar gradam na bliana seo beo ó Bhéal Feirste ar TG4 Dé Domhnaigh an 23 Feabhra a bhuíochas do thacaíocht Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Tiocfaidh cuid de réaltaí móra na tíre, idir réaltaí an cheoil, na scannánaíochta, an spóirt agus ón tsochaí shibhialta, le chéile i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo do Ghradam Ceoil 2020, a bheidh ar siúl ag Halla an Waterfront Dé Domhnaigh an 23 Feabhra. Cuirfear fáilte roimh aíonna móra le rá chuig searmanas bronnta an cheoil thraidisiúnta a bhfuil cáil mhór idirnáisiúnta air, i measc na n-aíonna sin beidh Adrian Dunbar ó Line of Duty, Iarrthóir d’Uachtaránacht an CLG Jarlath Burns agus Aire Pobal Thuaisceart Éireann Deirdre Hargey. Rachaidh Beoga, a bhfuil clú agus cáil orthu de bhar a gcuid ceoil thraidisiúnta agus a raibh baint acu le hamhrán mór-ráchairte Ed Sheeran ‘Galway Girl’, chun stáitse chomh maith le buaiteoirí na ngradam agus is cinnte go mbeidh sé seo ar an nGradam Ceoil is mó go dtí seo.

 

Labhair Beoga faoi a bheith ag dul i mbun ceoil i mBéal Feirste agus faoi fhilleadh ar an gCathair:

“Tá ríméad orainn go bhfuil muid ag glacadh páirt sa cheiliúradh ar an gceol traidisiúnta seo, 23ú Gradam Ceoil TG4. Is orainn atá an bród go bhfuil baint againn leis an imeacht mór le rá seo a dhéanann plúr na gceoltóirí as Éirinn agus plúr na gceoltóirí idirnáisiúnta a cheiliúradh agus is fada linn go dtabharfaidh muid faoin stáitse iontach i Halla an Waterfront ar an 23ú lá de mhí Feabhra.”

“Tá cosúlacht air anois go cuirfear  taispeántas dochreidte ar cheol thraidisiúnta na tíre i láthair agus táimid ag súil go mór lenár gceol a sheinm i mBéal Feirste ar an oíche úd.”

 

Cuirfear tús leis an seóthaispeántas le hiliomad imeacht ar an imeall SAOR IN AISCE ar fud Bhéal Feirste idir Déardaoin agus Dé Domhnaigh an 20 – 23 Feabhra:

I measc imeachtaí na gclár scrúdófar filíocht na mbard á rá le ceol comhaimseartha na hÉireann ar an gcruit ó Lauren O’Neill ag teach tábhairne Sunflower a bhfuil an-cháil air. Beidh na daoine a bheidh ag freastal ar imeachtaí ábalta tabhairt faoi thuras sa spás amuigh ina bhfoghlaimeoidh páistí amhráin agus damhsaí úra sa Chultúrlann agus bheidh siad ábalta sult a bhaint as ceol binn na gceoltóirí óga traidisiúnta ag Margadh Naomh Seoirse. Beidh rud éigin ag imeacht ar an imeall na bliana seo do chách, idir thurais, slite an cheoil thraidisiúnta, seisiúin ceoil, cheadail, thaispeántais agus go leor leor eile.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.gradam.ie nó chuig Facebook agus Twitter @GradamCeoil #Gradam

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: