Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Glúin Nua: Ciste Maoinithe Seolta do stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí Nua le ábhar gearrfhoirme a chruthú trí mheán na Gaeilge

10.07.20


 
Ciste maoinithe & meantóireachta seolta i gcomhpháirtíocht idir TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, Údarás na Gaeltachta agus le tacaíocht ó Ghréasán na Meán Skillnet.
 
Tá an-áthas ar TG4 scéim ‘Glúin Nua’ chun ábhar gearrfhoirme úr, nuálach agus siamsúil a choimisiúnú don lucht féachana óg a fhógairt. Is comhpháirtíocht atá sa scéim idir TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann (ILBF) agus Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet chun tacaíocht a thabhairt do thallann nua stiúrthóirí, scríobhnóirí agus léiritheoirí atá teacht chun cinn sa tionscal. Seoladh Glúin Nua ag Fleadh Scannán na Gaillimhe inniu mar chuid de Fleadh na bliana seo atá ar siúl ar líne ón 7 go dtí an 12 Iúil.
 
Faoin tionscnamh seo cuirfear ciste coimisiúnaithe agus tacaíocht meantóireachta ar fáil chun tallann nua a chothú i dtionscal closamhairc na hÉireann. Beidh comhlachtaí léiriúcháin ábalta glúin nua de scéalaithe a thabhairt chun cinn mar aon le meantóireacht a thabhairt dóibh, d’fhonn tacú leo bunábhar Gaeilge nuálach dírithe ar an aoisghrúpa 16-34. Taispeánfar an t-ábhar seo go digiteach ar ardáin TG4 ar líne ar dtús, chomh maith len é a chraoladh go líneach ina dhiaidh sin nuair is cuí.
 
Is trí chomhpháirtíocht idir TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann (ILBF) agus Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet a chuirtear tacaíocht ar fáil don chiste coimisiúnaithe seo ar fiú €240,000 ar an iomlán é.
 
Dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta & Forbartha TG4: “Tá áthas ar TG4 an scéim seo a fhógairt chun tacaíocht a thabhairt do thallann nua san earnáil. Is tosaíocht é do TG4 go mbeadh an cainéal ag freastal ar an lucht féachana níos óige chomh maith le go mbeadh tacaíocht a thabhairt do ghlúin nua de lucht cruthaithe ábhair sa tionscal.”
 
Dúirt Príomhfheidhmeannach, Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keeffe: “Tá áthas ar an BAI tacú leis an scéim seo, Glúin Nua, ciste tacaíochta a spreagfaidh glúin nua de stiúrthóirí, scríobhnóirí agus léiritheoirí i réimse na mean; agus a thabharfaidh ábhar núálach, siamsúil chun cinn dírithe ar an lucht féachana óg. Cuirimíd fáilte ar leith roimh an ghnéith comhpháirtíochta a baineann leis an togra, agus tá muid ag súil le co-oibriú le Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, Údarás na Gaeltachta, TG4 agus Gréasán na Meán Skillnet le tacú le daoine atá ag tosú amach sa ghnó. Tá luach straitéiseach ag baint leis an togra seo don BAI, le cuspóirí maidir le hÉagsúlacht agus Iolracht a chur chun cinn agus Inbhuanaitheacht Nuálaíochta & Earnála a Fheabhsú. Chomh maith leis sin, cuireann an tionscnamh tacaíocht dhíreach ar fáil maidir le haidhmeanna agus cuspóirí Phlean Gníomhaíochta an BAI don Ghaeilge, a seoladh in 2019 chun tacaíocht a chur ar fáil i ndáil le forbairt na Gaeilge ar fud earnáil closamhairc na hÉireann.”
 
Dúirt Áine Walsh, Ceann Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann: “Is príomhghnéithe d’obair an ILBF iad scileanna a fhorbairt agus oiliúint agus tá an-áthas orainn a bheith inár gcomhpháirtithe sa tionscnamh ar leith seo trína mbeidh comhlachtaí léiriúcháin bunaithe ábalta tallann nua agus tallann atá ag teacht chun cinn a bhfuil Gaeilge acu a chothú. Tá béim níos mó curtha againn ar ábhar a mhaoiniú atá dírithe ar lucht spéise níos óige agus táimid ag súil leis na cláir a thiocfaidh as an ngrúpa nua de thallann seo a fheiceáil.”
 
Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá Údarás na Gaeltachta fíorshásta a bheith rannpháirteach sa scéim “Glúin Nua”, scéim a chuirfidh deiseanna fáis ar fáil don earnáil chlosamhairc, earnáil a bhfuil muid ag tacú léi le fada an lá. Is cúis áthais dúinn a bheith i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara cuí ar an scéim seo chun deiseanna a chruthú do dhaoine óga le Gaeilge agus ón nGaeltacht le tosú amach san earnáil seo ar bhealach nuálaíoch agus spleodrach. Le blianta fada anuas, leagadh béim ar leith ar oiliúint agus traenáil a chur ar an gcéad ghlúin eile i bhfoghlaim ceirde rud a rachaidh chun sochair na teanga agus na Gaeltachta, tacóidh an scéim seo leis an gcuspóir sin chomh maith.”
 
Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis an scéim Glúin Eile a fháil anseo: https://www.tg4.ie/coimisiun
 
 
GLÚIN NUA : le tacaíocht maoinithe ó:


 
 
Agus i gcomhpháirt le:

 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: