Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fógraíonn TG4 trí bhabhta eile coimisiúnaithe don Earnáil Neamhspleách Léiriúcháin

23.04.20


 
Trí bhabhta eile coimisiúnaithe d’Earnáil na Léiriúchán Neamhspleách fógartha ag TG4 chun tacú leis an earnáil closamhairc le linn ghéarchéim Covid-19. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo:
https://www.tg4.ie/en/commissioning/commissioning/
 

Babhta Forbartha Clár
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ó Earnáil na Léiriúchán Neamhspleách chun tionscadail a fhorbairt do na babhtaí maoiniúcháin náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheidh ann go luath mar Scéim Fís agus Fuaim an BAI, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, an Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach, cistí EBU agus/nó deiseanna comhléirithe a d’fhéadfadh a bheith ann.
 

‘Pota Ollsoláthair Ilbhliantúil’ Breise
Tá pota ollsoláthair ilbhliantúil breise ar fiú €400,000 in aghaidh na bliana é ar feadh ceithre bliana fógartha.   Tá iarratais á lorg ar cheann de na seánraí seo a leanas; Fíorasach, Stair Fhíorasach, Siamsaíocht Fhíorasach, agus Siamsaíocht Cheoil Thraidisiúnta.
 

Cine 4 – An Cúigiú Babhta
Tá an 5ú babhta den scéim rathúil ‘Cine4’ fógartha. Tionscnamh idir TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann é ‘Cine4’ chun fadscannáin Ghaeilge bhunaidh a fhorbairt. Spreagann ‘Cine4’ dea-scéalaíocht, cumas físiúil agus ardluachanna léiriúcháin atá oiriúnach don scáileán mór. Tá ocht gcinn d’fhadscannáin Ghaeilge coimisiúnaithe agus forbartha go dtí seo.  Taispeánadh ‘Arracht’ agus ‘Finky’, an chéad dá scannán a ndearnadh iad a léiriú faoin scéim, ag féilte idirnáisiúnta scannán le roinnt míonna anuas.  Bronnadh an Scannán Éireannach is Fearr ar Arracht ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Virgin Media Bhaile Átha Cliath i mí Márta.
 

Déantar na babhtaí nua atá fógartha inniu a fhógairt i ndiaidh dhá ghlao eile ar iarratais a rinne TG4 in Aibreán.  D’fhógair TG4 babhta coimisiúnaithe i mí Aibreáin mar thoradh ar shrianta Covid-19 ar an earnáil, inar lorgaíodh smaointe ar ábhar ag freagairt don ghéarchéim chomh maith le smaointe ar thionscadail a d’fhéadfaí a fhorbairt le linn na tréimhse seo.   Chuir léiritheoirí fáilte mhór roimh an mbabhta agus cuireadh líon mór iarratas ar aghaidh.  Tionóladh babhta coimisiúnaithe teoranta ar leith le haghaidh clár scoileanna TG4 mar gheall ar iarrataí a rinne tuismitheoirí agus grúpaí spéise ar fud na tíre sraith shonrach oideachais do leanaí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Scoileanna sa Ghaeltacht a chur ar fáil. Ba é ‘Cúla4 ar Scoil’ an toradh a bhí ar an mbabhta sin agus tosaíodh á chraoladh Dé Luain seo caite an 20 Aibreán. Leanfar den chlár a chraoladh cúig lá sa tseachtain go dtí go bhfillfidh na leanaí ar an scoil.
 

D’fhógair Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann (ILBF) na cinntí maoiniúcháin is déanaí atá déanta acu an tseachtain seo chomh maith. Bronnadh maoiniú ar fud réimse leathan seánraí d’ábhar teilifíse agus ar líne agus d’éirigh le 11 togra le TG4 as an 16 thogra ar fad a raibh iarratas déanta acu maoiniú a fháil.  Is é an aidhm atá leis an ILBF léiriú agus craoladh ábhair Gaeilge ar ardchaighdeán a chur chun cinn don lucht féachana i dTuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin chomh maith le cuidiú an earnáil léiriúcháin Gaeilge i dTuaisceart Éireann a fhás.

 

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4:  “Mar thacaíocht dóibh sin go léir atá ag troid i gcoinne COVID-19, tá gach léiriú clár nach bhfuil riachtanach curtha ar fionraí ag TG4 agus tá déanta cinnte againn go ndéantar cláir riachtanacha lena n-áirítear ‘Nuacht TG4’ (Nuacht) agus ‘Cúla4 ar Scoil’ (Oideachas) a léiriú ar bhealach slán sábháilte. Tuigimid go maith go bhfuil tionchar ollmhór ag léiriúcháin a bheith curtha ar fionraí ar earnáil an scáileáin chruthaithigh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann agus go mbíonn an tríú cuid den earnáil sin ag obair go rialta le TG4. Dá bhrí sin, chun go mbeifear ábalta an geilleagar scáileáin neamhspleách a choinneáil ag imeacht, tá TG4 ag cur rafta de bhearta dlúthpháirtíochta ar fiú €3m ar a laghad iad i bhfeidhm. Áirítear orthu sin babhtaí forbartha le haghaidh cláracha teilifíse agus fadscannán, cearta a cheannach ar ais agus ábhar fadfoirme agus gearrfhoirme a choimisiúnú ar féidir é a léiriú go sábháilte.  Táim thar a bheith buíoch d’fhoireann coimisiúnaithe go léir TG4 agus do na léiritheoirí neamhspleácha ar fad as an tslí a bhfuil oibrithe acu le chéile féachaint le tionchar geilleagrach COVID-19 a laghdú, agus an bhéim a choinneáil ar an lucht féachana a bhfuil, in am seo na héigeandála, craoltóireacht seirbhíse poiblí níos tábhachtaí ná riamh.”
 

Tá fás agus forbairt earnáil na Léiriúchán Neamhspleách chomh maith le fostaíocht ar ardchaighdeán a choinneáil ag croílár straitéis TG4. Téann breis is 77% de mhaoiniú an chainéil i dtreo chláracha Gaeilge.  Is ionann infheistíocht TG4 sna deiseanna nua coimisiúnaithe seo chomh maith le leanúint de na potaí ollsoláthair ilbhliantúla seo agus infheistíocht €23.4 milliún in Earnáil na Léiriúchán Neamhspleách.  Tá tionchar mór imeartha ag treoirlínte an Rialtais agus an FSS le linn ghéarchéim Covid-19 ar an earnáil neamhspleách closamhairc, mar atá ar earnálacha eile chomh maith.  Tá TG4 ag obair i gcomhar le cuideachtaí chun leanúnachas fostaíochta a choinneáil agus chun treoir agus maoiniú a chur ar fáil le linn na géarchéime seo.  Cuideoidh na bearta nua atá fógartha inniu a chinntiú go mbeidh an earnáil slán faoi láthair agus chun go mbeidh sí réidh don tréimhse téarnaimh, nuair a thosóidh sí.
 

Tá TG4 ag aimsiú deiseanna oiliúna atá chun sochair don earnáil chomh maith, d’fhonn leanúint de scileanna agus daoine cumasacha a fhorbairt, agus táthar ag iarraidh comhlachtaí léiriúcháin a spreagadh le leas a bhaint as go leor de na cúrsaí oiliúna saor in aisce atá á gcur ar fáil ag Screen Skills Ireland agus Gréasán na Meán.

 

Tá potaí ollsoláthair ilbhliantúla ag TG4 faoi láthair le sé cinn déag de chuideachtaí léiriúcháin a mbeidh deireadh leo sa bhliain 2021.  Fógrófar pota nua ilbhliantúil ollsoláthair níos déanaí i mbliana, don tréimhse 2022 – 2026.
 

Tuilleadh eolais faoi na Babhtaí Coimisiúnaithe: 
Mary Ellen Ní Chualáin
Bainisteoir Coimisiúnaithe
maryellen.ni.chualain@tg4.ie

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: