Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fleadh2020 | TG4 6-9 Lúnasa @ 9.30pm

30.07.20

Fleadh 2020

Lean leis an gceol. Craolfar Fleadh2020 ar TG4 i gcomhpháirtíocht le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, ina ndéanfar ceiliúradh thar 4 oíche ar an bhFleadh Ceoil ar fud an domhain. Tiocfaidh ceoltóirí traidisiúnta na hÉireann ó gach cearn den domhan le chéile (iad deighilte óna chéile agus go fíorúil) do Fleadh2020, ceoltóirí a bheadh ag teacht le chéile ag Fleadh Cheoil na hÉireann – chun ‘An Filleadh Abhaile’ a cheiliúradh – sa Mhuileann gCearr i mí Lúnasa murach na cúinsí neamhghnácha. Ar feadh na 4 oíche ón 6 go dtí an 9 Lúnasa, tabharfaidh Fleadh2020 tuiscint agus léargas don lucht féachana ar an imeacht bliantúil seo – an ceol, na hamhráin, an damhsa agus na scéalta – agus tabharfar léargas ar leith don lucht féachana ar phobal na fleidhe, ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Ó Brisbane go Bun Cranncha, beidh idir sean agus óg, idir foghlaimeoirí agus na ceoltóirí is mó le rá ag teacht le chéile chun fleadh a chur ós ár gcomhair nach bhfacthas riamh cheana.

Is éard a dúirt an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin agus í ag caint faoi Fleadh2020, “Tá an Fhleadh go smior i saoithiúlacht agus i gcultúr na hÉireann, agus leanann de bheith ag athrú agus ag forbairt de réir mar atá an domhan mórthimpeall ag athrú, cuireann sí an áilleacht a bhaineann le traidisiún, leis an nGaeilge, agus le craic agus ceol i gcuimhne dúinn. Táim mórtasach as tacú leis an léiriúchán seo de chuid TG4 agus tá súil agam go mbainfidh gach uile dhuine a fhéachann ar na cláir sult as an gcumhacht, as an nglaineacht agus as an láithreacht a bhaineann leis an bhfleadh agus í os comhair an tír agus níos faide i gcéin.”

Is í Fleadh Cheoil na hÉireann, arna eagrú ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, an ceiliúradh is mó a dhéantar ar domhan ar cheol, amhráin agus damhsa na hÉireann agus ar an nGaeilge. Is éard a dúirt Labhrás Ó Murchú Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann linn “Tá Fleadh Cheoil na hÉireann – a eagraíonn Comhaltas Ceoltóirí Éireann – i lár chroí an chultúir Ghaelaigh. Sna caogaidí nuair a bhí lag-mhisneach ar na daoine agus bhí na mílte ag imeacht as an tír do chabhraigh an Fhleadh chun spiorad an náisiúin a mhúscailt agus a chothú. Is cúis áthais dúinn sa Chomhaltas anois gur fhreastal 750,000 duine ar Fhleadh 2019 agus do sholáthair sí €50m don réigiún. Cuireann an Comhaltas seirbhísí ar fáil do 3m duine. Is mór an chabhair dúinn anois an tacaíocht a bhíonn ar fáil ó TG4.”

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Cuireann TG4 cultúr na hÉireann i gcroílár ár sceidil agus ár straitéise agus tá an-áthas orainn go mbeidh muid in ann ‘Fleadh 2020’ a chraoladh, in ainneoin na ndúshlán ar fad a bhaineann le Covid-19 i mbliana. Tá mé thar a bheith buíoch de na ceoltóirí agus na healaíontóirí ar fad atá ag glacadh páirte ann, léiriú soiléir gur féile dhomhanda atá sa Fhleadh Cheoil. Tá an-rath ar an gcomhpháirtíocht idir TG4 agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus, i gcomhar le chéile, ba mhaith linn an ceangal seo a láidriú agus a leathnú sna blianta atá romhainn.”

Tabharfaidh na láithreoirí Dáithí Ó Sé, Doireann Ní Ghlacáin agus Kieran Hanrahan ar thuras go dtí cúige difriúil muid thar na 4 oíche. Cuirfear tús leis an scléip i gCúige Mumhan, rachfar ansin go dtí Cúige Chonnacht, as sin go Cúige Uladh agus ar deireadh go Cúige Laighean.

I measc na buaicphointí beidh:

  • Ceiliúradh 30 bliain ó thosaigh Four Men and a Dog i saol cheol traidisiúnta na hÉireann, cuireann siad fáilte ar ais roimh Gerry ‘Banjo’ O’Connor, Mick Daly agus Brian McGrath don ócáid mhór speisialta seo.
  • Seamus Begley agus Steve Cooney ag teacht le chéile arís, an bheirt atá lán le díocas;
  • Sárghrúpa an cheoil thraidisiúnta, Beoga; na ceoltóirí iontacha Matt Molloy agus John Carty; Mick Flannery as Corcaigh i dteannta Susan O’Neill; an t-amhránaí agus scríbhneoir amhrán Lisa O’Neill; an cruitire agus cumadóir atá lonnaithe i Sligeach Micheal Rooney; an grúpa de 13 fhidléir mná, Sí Fiddlers, a bhfuil Mairead Ní Mhaonaigh, Bríd Harper agus Liz Doherty ina measc; ar an bhfidle agus ar an bpianó Fergal Scahill agus Ryan Molloy;
  • I measc na bannaí céilí beidh The Blackwater, The Moylurg, Crossfields agus an Toyota Céilí Band a rinne taifead speisialta do Fhleadh 2020;
  • Teaghlaigh ceoil. I measc na dteaghlach ceoil beidh Paddy agus Kevin Glackin chomh maith le hiníon Kevin, agus láithreoir na gclár, Doireann; na deirfiúracha Kane, Liz agus Yvonne as Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe in éindí leis an damhsóir Nathan Pilatzke; beidh Padraig McGovern (ar na píopaí) agus a bhean Sabina McCague (ar an gcruit); cúigear deartháireacha agus deirfiúracha as Cromadh i gCo. Luimnigh – muintir Fitzgibbon; beidh Seamus Ó Flatharta agus a dheirfiúr Caoimhe Ní Fhlatharta as Carna i gCo. na Gaillimhe, Aidan and Áine O’Donnell; na Molloys as Doire agus muintir Uí Fhátharta as Mhaigh Cuilinn.
  • Déanfar an obair fhíorthábhachtach atá ar bun ag na múinteoirí ceoil, atá ag tabhairt an traidisiún don chéad ghlúin eile, a cheiliúradh le Kieran Hanrahan, Stiúrthóir Scoil Éigse agus le múinteoirí mar Damaris Woods, Enda Seery, Tom Doorley agus Attracta Brady;
  • Is as an Muileann gCearr a chuirfidh Cathaoirleach na Fleidhe agus an seinnteoir bainseó Joe Connaire fáilte roimh chách i dteannta a chuid cairde;
  • Beidh ceoltóirí ó ar fud an domhain inár dteannta (go fíorúil) – as Albain go Nua-Eabhrac go Brisbane;
  • Is í an Fhleadh an t-imeacht is mó sa bhliain do go leor teaghlaigh, agus beidh an dream a bhíonn ag obair go crua, gan sos gan scíth, chun go dtarlóidh an fleadh i dteannta Kieran Hanrahan gach oíche, ag caitheamh súil siar ar mar a bhí agus ag déanamh machnaimh ar an tábhacht a bhaineann leis an imeacht seo – ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh an phobail de.

Beidh an 4 chlár ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 ag www.tg4.ie agus an scléip á tabhairt ar fud an domhain againn.

Chun páirt a ghlacadh sa cheiliúradh, cuir físeán de do cheiliúradh Fleadh féin sa bhaile suas ar na Meáin Shóisialta, ag úsáid #Fleadh2020 – físeán díot féin agus port á sheinm agat, inis dúinn cé thú féin agus cárb as duit.

Is féidir an físeán a thaifead ar ghuthán póca, ag baint úsáid as frámú tírdhreacha (16:9) nó portráide (9:16)

Is féidir leat é sheoladh chugainn ar wetransfer chuig eolas@lorgmedia.com le d’ainm, cárb as duit. an grúpa traidisiúnta/Comhaltais a bhfuil tú i do bhall de, aon lorgán/clib eile ar mhaith leat a chur san áireamh agus ainm an phoirt!

Agus gan dabht, ba mhaith linn dá ndéanfadh sibh é a chur ar bhur gcainéil meán sóisialta féin trí #Fleadh2020 a úsáid.

Fleadh 2020

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: