Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fleadh 2020 | Lean leis an gCeol

24.07.20


 
Is í Fleadh Cheoil na hÉireann an ceiliúradh is mó a dhéantar ar domhan ar cheol, amhráin agus damhsa na hÉireann agus ar an nGaeilge. Bhí bliain mhór i ndán don Mhuileann gCearr, bliain ar tugadh an ‘Filleadh Abhaile’ uirthi. Bhí Fleadh na bliana 2020 in ainm is filleadh ar an áit ar cuireadh tús léi an chéad lá riamh in 1951. Ach mar gheall ar COVID-19 áfach, cuireadh an t-imeacht seo ar ceal den chéad uair ó cuireadh tús leis 70 bliain ó shin. Ach mar a deir an seanfhocal, níor dhún Dia aon doras riamh nár oscail sé ceann eile: Fáilte chuig Fleadh2020!

Sraith cláracha atá i gceist le Fleadh 2020 agus déantar iad a chraoladh 4 oíche as a chéile idir an 6 agus 9 Lúnasa ar TG4 ag 9.30pm. Blaiseadh do Fleadh2020. Craolfar na cláracha sin as an Muileann gCearr, an baile a raibh Fleadh Cheoil na bliana seo in ainm is a bheith ar siúl. Cuirfear siamsaíocht den scoth ar fáil do na céadta míle a bhí ceaptha a bheith sa Mhuileann gCearr i mí Lúnasa sna 4 chlár a bheidh 90 nóiméad an ceann ar fhad.

Beidh teacht ag an lucht féachana ó ar fud an domhain ar Fleadh2020 chomh maith leis an tsraith ar leith cláracha seo, sraith a mbeidh an tsiamsaíocht agus uilechuimsitheacht ag a croílár. Cé go bhfuiltear leis na cláracha seo a chur i láthair ar bhealach nua, agus go mbeidh teacht ar na cláracha ar líne, beidh gach ceann de na cláracha sin fréamhaithe i dtraidisiúin na hócáide.

Beidh ceoltóirí as gach cearn agus ón Diaspóra ag ceol ar shraith TG4. Áirítear orthu sin, Beoga, Mick Flannery & Susan O’Neill, Steve Cooney, Seamus Begley agus a mhuintir, Liz agus Yvonne Kane & an damhsóir Nathan Pilatske, Matt Molloy agus John Carty, Sí Fiddlers- Fidléirí mná as Dún na nGall ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, buaiteoirí na hÉireann 2018 – Blackwater Céilí Band, muintir Glackin lena n-áirítear an láithreoir Doireann, Four Men and a Dog, Eamonn MacDonncha & a mhuintir, David Geaney, Ryan Molloy agus Fergal Scahill, muintir Droney, Aedmar O’Connor, curaidh faoi 18 na bliana anuraidh Crossfields Céilí Band, Reelig, Attracta Brady agus cairde, buaiteoir faoi 12 ar an bhfidil 2019 Laoise Ní Chinnéide, Aoife Cunningham-Damaris Woods-Jack Fitzpatrick agus a dteagascóir Kieran Hanrahan, Muintir Fitzgibbon as Luimneach, Bofield CCE, an cumadóir Michael Rooney agus neart eile.

Taispeánfar míreanna de cheoltóirí eile ó ar fud an domhain i rith na gceithre clár chomh maith. I measc na míreanna sin beidh seisiún le ceoltóirí as Éirinn atá lonnaithe thall in Brisbane, Frankie McCormick i Nua-Eabhrac chomh maith le Frank McArdle agus Craobh na Irish Minstrels i nGlaschú agus beidh banna céilí arb as an tSeapáin na ceoltóirí go léir ag casadh ceoil dúinn as Tóiceo.

Beidh mír mhachnamhach ar an gclár gach oíche arna cur i láthair ag Kieran Hanrahan, agus déanfaidh painéal daoine difriúla an tábhacht agus an bhrí a bhaineann leis an bhFleadh do gach réigiún a phlé. Leagfaidh na pléití sin béim ar an tionchar atá ag an bhFleadh ar phobal áitiúil agus níos leithne na Fleaidhe.

Craolfar Fleadh2020 ceithre oíche as a chéile idir an 6 agus an 9 Lúnasa ag 9.30pm ar TG4 agus is iad Doireann Ní Ghlacáin, Dáithí Ó Sé agus Kieran Hanrahan ó Céilí House a chuirfidh na cláracha i láthair.

Power Pictures Ltd. a bheidh i mbun léirithe ar an gclár seo do TG4.
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: