Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fleadh2020 - Ceiliúradh déanta ar fud an domhain ar fhleadh fhíorúil TG4 agus Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

20.08.20

 

Rinne pobail ar fud an domhain, pobal Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus pobal na Fleaidhe Ceoil ceiliúradh breá ar fhleadh fhíorúil TG4 i gcomhar le Comhaltas Ceoltóirí Éireann an tseachtain seo caite. Murach cúrsaí a bheith mar atá, ba sa Mhuileann gCearr a bheadh Fleadh Cheoil na hÉireann na bliana seo agus bhí súil leis na mílte chuig an ‘bhFilleadh Abhaile’. Ina áit sin, ba cheiliúradh 4 oíche ar an bhFleadh Cheoil a bhí in Fleadh2020 ar TG4 ón 6 go 9 Lúnasa, agus bhí pobail ó ar fud na cruinne páirteach sa bhfleadh cheoil fhíorúil seo trí úsáid a bhaint as an haischlib #Fleadh2020.
 

Is iad Dáithí Ó Sé, Doireann Ní Ghlacáin agus Kieran Hanrahan a chuir Fleadh2020 i láthair agus taifeadadh an clár sa Mhuileann gCearr ag deireadh mhí Iúil chun cloí le treoirlínte Covid-19. Tháinig móruaisle an cheoil thraidisiúnta, Four Men and a Dog, ar ais le chéile don ócáid speisialta chomh maith leis na ceoltóirí mór le rá, Steve Cooney agus Séamus Begley a bheith páirteach. Tugadh ardán do na bannaí Céilí ar gach clár agus bhí bannaí as Tír Eoghain, Tóiceó agus neart áiteanna eile ar an gclár Bannaí Céilí Blackwater, Mhagh Loirg, Crossfields agus Tóiceó ina measc. Chas Séamus agus Caoimhe Ní Fhlatharta deartháir agus deirfiúr as Carna i gConamara leagan álainn den amhrán sean-nóis ‘Eleanóir a’ Rún’ agus ba é mhó trácht de na taispeántais feadh na gceithre oíche ar na meáin shóisialta, taispeántas ar féachadh 430,000 uair air ar na meáin shóisialta. Is féidir féachaint anseo air: Eleanóir a’Rún Séamus & Caoimhe Uí Fhátharta
 

D’fhéach breis is 330,000 ar an tsraith ar TG4, agus ba é an clár ba mhó lucht féachana é oíche Dé Sathairn an 8 Lúnasa, le sciar 6.86% den lucht féachana. D’fhéach 67,500 duine ar an meán ar an tsraith agus mar sin ba é an clár Fleaidhe ba mhó a raibh lucht féachana aige ar TG4 le dhá bhliain. Tá beagnach 8,000 sruthú déanta ar líne, ar Sheinnteoir TG4, ar an tsraith ó craoladh í.
 
Bhí daoine ó ar fud an domhain páirteach ar líne sa bhfleadh fhíorúil, ag cruthú a gcuid ábhair féin agus iad rannpháirteach sa cheiliúradh ag úsáid na haischlibe #Fleadh2020. Tá an haischlib luaite breis is 83 milliún uair ar na meáin shóisialta, agus tá breis is 1.4 milliún amharc go dtí seo ar chainéil meán sóisialta agus b’ábhar a bhí cruthaithe ag úsáideoirí 120 mír de. Is féidir montáis de na taispeántais a fheiceáil anseo: Montáis Dhomhanda Fleadh2020
 
Is féidir breathnú ar an tsraith seo ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4: Féach ar fud an Domhain ar Fleadh2020.
 

Rinne Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, comhghairdeas le gach duine a raibh baint acu leis an bhFleadh agus dúirt “Ba mhaith le TG4 aitheantas a thabhairt don fhoireann léiriúcháin, do na ceoltóirí agus do gach duine a raibh baint acu le ‘Fleadh2020’ a chur ar bun i mbliana, agus do phobal na Fleaidhe a bhí páirteach ar líne chun ceiliúradh breá a dhéanamh ar an gceol agus ar an gcultúr, ainneoin na srianta a bhí i bhfeidhm. Léiríonn Fleadh2020 an chomhpháirtíocht atá idir TG4 agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun an pobal cumasach ceoil seo ó ar fud an domhain a bhíonn páirteach sa bhFleadh Cheoil a chur os comhair an phobail agus táimid ag súil go mór le bheith ag obair in éineacht leo arís an bhliain seo chugainn. Leanann an ceol.”
 

Dúirt Labhrás Ó Murchú, Ardstiúrthóir, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, “Cé nach rabhthas ábalta Fleadh Cheoil na hÉireann a reáchtáil sa Mhuileann gCearr i mbliana, níor tugadh suas an cás. Rinne TG4 a sheacht dhícheall féasta de shiamsaíocht agus cuimhní breátha na Fleaidhe a roinnt linn agus léiríonn an lucht féachana ollmhór a bhí ag an tsraith go ndearna siad an beart. Aistear ceoil den chruthaitheacht, tallann, nuálaíocht, cumha agus mórtas pobail a bhí sa bhFleadh Fhíorúil seo. Tá moladh mór tuillte ag TG4, ag an gComhaltas agus ag muintir na hÉireann. Níl deireadh leis an bhFleadh!”

 
 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide, TG4 | Deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: