Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fáiltíonn TG4 roimh cheapúchán Chatherine Martin T.D. mar Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt agus Gaeltachta

29.06.20

Alan Esslemont, TG4

 
Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont: ‘Cuirim fáilte roimh cheapachán Chatherine Martin T.D. mar an t-Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt agus Gaeltachta. Tá an chuid is mó den tallann neamhspleách a oibríonn i gcomhpáirtíocht le TG4 lonnaithe i réigiúin na hÉireann, agus dá bhrí sin tá tionchar an-suntasach ag TG4 ar an ngeilleagar cruthaitheach ar fud an oileáin. Tá TG4 uaillmhianach dó féin, don earnáil chruthaitheach agus don Ghaeilge agus tá muid ag iarraidh ról na Gaeilge agus na cruthaitheachta a athshamhlú i sochaí na hÉireann. Tá muid ag súil go mór le bheith ag obair leis an Aire nua sna blianta atá romhainn.’
 

Tá comhpháirtíocht an-láidir ag TG4 le heagrais eile a thagann faoi chúram na Roinne nua, ar nós Fís Éireann, Screen Producers Ireland, An Chomhairle Ealaíon, Peil na mBan, an Cumann Lúthchleas Gael, Comhaltas Ceoltóirí Éireann chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí Gaeilge – Conradh na Gaeilge, An tOireachtas, Gael Linn, Gaeloideachas, Cumann na bhFiann, Glór na nGael agus iliomad eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta eile.
 

Tá TG4 ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an Roinn nua sna seachtainí agus na míonna atá romhainn.
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: