Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fáilte curtha ag TG4 roimh fhógra an Rialtais go mbeidh maoiniú breise de €3.5m á thabhairt do TG4 in 2021.

13.10.20


 

Tá fáilte curtha ag TG4 roimh fhógra an rialtais sa bhuiséad inniu go mbeidh maoiniú breise á thabhairt do TG4 i 2021. Tá maoiniú breise €3.5m ceadaithe ag an An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do TG4 do 2021. €40.7m an buiséad a bheidh ag TG4 ón státchiste sa bhliain 2021.
 
Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, “Tá muid an-bhuíoch den Aire, den Roinn agus den Rialtas as an tacaíocht shuntasach bhreise do TG4 in 2021. Léiríonn an infheistíocht seo an muinín atá acu as foireann TG4, as earnáil na léiriúchán neamhspleách, as ár straitéis lucht féachana agus as ár straitéis don earnáil chlosamhairc réigiúnach. Leanfaidh Bord agus bainistíocht TG4 orthu, in éineacht lenár gcomhpháirtithe ar fad, ag iarraidh athshamhlú a dhéanamh ar ról agus ar stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta i sochaí na hÉireann. Creideann muid gur cheart go mbeadh na meáin agus na healaíona i lár na físe athshamhlaithe sin.”
 
Mhol an tÚdarás Craolacháin €6m breise in aghaidh na bliana a chur le buiséad bliantúil TG4 ionas go mbeadh TG4 in ann a aidhmeanna straitéiseacha a bhaint amach nuair a ceadaíodh an straitéis 5 bliana 2018-2022 in 2018. Is é seo an méadú is mó atá faighte ag TG4 ón státchiste ó 2008.
 
In 2019, bhí TG4 ar an 6ú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn. Bhí méadú ar sciar lucht féachana TG4 go 1.84%. Is é an sprioc atá leagtha síos sa straitéis cúig bliana ná go mbainfeadh an stáisiún sciar 2.2% amach faoi 2022.
 

Anuraidh, rinne TG4 infheistíocht €23m in earnáil na léiriúchán neamhspleách in Éirinn, caitheadh €21m de sin ar chomhlachtaí léiriúchán neamhspleách sna réigiúin. Caitheadh breis is 70% den chaiteachas bliantúil ar ábhar nua Gaeilge a chruthú in 2019. Tabharfaidh an maoiniú breise seo deis do TG4 tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in earnáil na léiriúchán neamhspleách, agus beidh sin ina bhuntáiste ag geilleagar na tíre, sna Gaeltachtaí agus sna réigiúin ach go háirithe.
 


 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: