Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cluichí CLG Beo arís ar TG4

10.07.20

 

 
Tá an-ríméad orainn go mbeidh cluichí beo CLG ar ais ar an scáileán arís an deireadh seachtaine seo den chéad uair ó mhí Márta, agus TG4 ag seoladh a gcuid craoltaí ar chomórtas na gclubanna don bhliain 2020.

 

Cuirfidh sraith mhór-ráchairte TG4 GAA BEO tús breá leis an gcraoladh le dhá chluiche mhóra iománaíochta an deireadh seachtaine seo chugainn, cluiche amháin beo oíche Dé hAoine agus ceann eile beo tráthnóna Dé Sathairn. Cuirfidh siad tús leis an gcraoladh beo ó Chraobhchomórtas Iomána Sinsear Phort Láirge Pettitt’s Supervalu Dé hAoine an 17 Iúil nuair a bheidh na curaidh Naomh Máirtín lena sean-naimhde Abhallort – An Bealach.   Beidh cluiche mór eile againn Dé Domhnaigh nuair a thabharfaidh Naomh Éanna Baile Baodáin aghaidh ar Chill Mochuada na Crócaigh, leathcheann an chluiche a imríodh i gcluiche ceannais contae Átha Cliath sa bhliain 2018.

Leanfaidh clúdach mhór TG4 ar chraobh na gclubanna ar aghaidh gach seachtain le cluichí beo peile agus iománaíochta ó ar fud na tíre agus tá sonraí den chraoladh a bheidh i gceist sna chéad trí seachtaine tugtha thíos.

 

Cé go mbíonn an clár ar siúl beagnach gach seachtain ar feadh na bliana, beidh an láithreoir Micheál Ó Domhnaill ar ais linn arís tar éis bhriseadh 4 mhí. Is éard a dúirt sé faoi chluichí CLG a bheith ar ais ar an aer arís, “Tá ríméad orm agus tá mé sásta a bheith ar ais ag clúdach cluichí arís ar GAA Beo. Chaitheamar tréimhse fhada faoi dhianghlasáil agus táimid go léir anois ag súil le cluichí beo, agus cé go bhfuil bóthar fada amach romhainn sula mbeimid ábalta filleadh ar an saol a bhí againn, tá súil agam go mbeidh sé seo ar an gcéad chéim chuige.”

 

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Táimid thar a bheith buíoch do CLG agus do Bhoird Chontae éagsúla ar fud na tíre a bhí thar a bheith cuiditheach agus muid ag ullmhú le filleadh ar an gclúdach beo. Táimid ag súil le craoladh cuimsitheach teilifíse beo a chur ar fáil ó Chraobhchomórtas CLG sna míonna amach romhainn.”

Beidh Brian Tyers ar ais i mbun na tráchtaireachta arís agus is iad leithéidí Liam Rushe, Michael Rice, Diarmuid Lyng, Donal O’Grady a bheidh i mbun anailíse ar chluichí iománaíochta agus leithéidí Aodán Mac Gearailt, Kevin Cassidy, Seán Óg de Paor agus Jarlath Burns a bheidh i mbun anailíse ar chluichí peile.

 

Is mar seo a leanas atá sceideal na gcluichí sna chéad cúpla seachtain (tá neart eile le teacht):

 

Dé hAoine an 17 Iúil

7.15pm   GAA BEO

Craobhchomórtas Iomána Sinsear Phort Láirge Pettitt’s Supervalu

Naomh Máirtín v Abhallort – An Bealach – Beo ó Pháirc Loch Garman Chadwicks

(Ag tosú ag 7.30pm)

 

 

Dé Domhnaigh an 19 Iúil

2.30pm   GAA BEO

Craobhchomórtas Iomána Sinsear Átha Cliath

Baile Buadáin Naomh Éanna v Cill Mochuda Na Crócaigh, beo ó Pháirc Parnell

(Ag tosú ag 3pm)

 

4.40pm   GAA GOLD – 1985

Caithfear súil siar ar an gclár seo ar na himeachtaí is mó CLG a tharla le linn na bliana 1985.

 

5.10pm   All Ireland Gold

Deis eile Tiobraid Árann V Cill Chainnigh a fheiceáil i gCluiche Ceannais Chraobh Sinsear Iomána na hÉireann 1991 ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí súil ag Tiobraid Árann Craobh na hÉireann a bhuachan don dara huair i dtrí bliana i gcoinne a sean-naimhde Cill Chainnigh.

 

 

Dé hAoine an 24 Iúil

7.15pm   GAA BEO

Craobhchomórtas Iomána Sinsear Luimnigh Bons Secours Hospital

Cill Mocheallóg v Na Piarsaigh – Beo ó Pháirc na nGael LIT

(Ag tosú ag 7.30pm)

 

 

Dé Domhnaigh an 26 Iúil

2:15 pm    GAA BEO

Beo:  Craobhchomórtas Sinsear Peile Cork Premier

Gleann Bearrcháin v Raonaithe Cairbre – Beo as Cloich na Coillte

(Ag tosú ag 2.30pm)

 

Cluiche iarbheo:

Craobhchomórtas Iomána Sinsear na Gaillimhe Brooks

Na Sairséalaigh v Port Omna ó Pháirc Uí Chionnaith, Baile Átha an Rí

 

 

Dé hAoine an 31 Iúil

7.15pm   GAA BEO

Craobhchomórtas Peile Sinsear an Dúin Morgan Fuels

Cill Chua v Droichead Mhaigh Eo – Beo ó Pháirc Esler, An tIúr

(Ag tosú ag 7.30pm)

 

 

Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa

2:15 pm    GAA BEO

Beo:  Craobhchomórtas Peile Sinsear na Gaillimhe Claregalway Hotel

Cora Fine v Uachtar Ard – Beo ó Pháirc an Phiarsaigh, Bóthar na Trá

(Ag tosú ag 2.30pm)

 

Cluiche iarbheo:

Craobhchomórtas Peile Sinsear na Mí Fairyhouse Steel

Gaeil Bhaile Shíomóin v Scrín – ó Pháirc Tailteann, An Uaimh

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4 | ronan.o.coisdealbha@tg4.ie

Fintan Walsh , Léiritheoir Sraithe – GAA Beo, Nemeton TV | fintan@nemeton.ie

Cuir aithne orainn: