Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

All Ireland Gold - Cluichí ar TG4 i mí Bealtaine

Na cluichí All Ireland Gold a thaispeánfaidh TG4 i mí Bealtaine fógartha.

16.04.20

Blaisín:

 
#AllIrelandGold
 

 

Dé Domhnaigh an 3 Bealtaine
14:25                  Cluiche Leathcheannais Chraobh Sinsear Peile Laighean 1997  

Deis eile an athimirt ar Chluiche Leathcheannais Chraobh Sinsear Peile Laighean in 1997 a fheiceáil idir Cill Dara agus An Mhí ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí Áth Cliath buailte ag an Mhí, seaimpíní na hÉireann ag an am faoi stiúir Seán Boylan, i gcluiche ceathrú ceannais na Craoibhe agus ba í foireann Chill Dara faoi stiúir Mick O’Dwyer a bhí rompu sa chluiche leathcheannais.  

 

16:20                 Craobh na hÉireann i bPeil na mBan 1996 Muineachán v Laois 

Deis eile an athimirt ar chluiche Ceannais Chraobh na hÉireann i bPeil na mBan a fheiceáil nuair a thug Muineachán aghaidh ar Laois ar Pháirc an Chrócaigh. Ba í an bhliain sin an 23ú bliain de Chraobh na hÉireann i bPeil na mBan agus bhí an dá fhoireann ar chomhscór an tseachtain roimhe sin ag 2-09 an fhoireann.

 
 

Dé Domhnaigh an 10 Bealtaine  

14:40                   Cluiche Leathcheannais Chraobh Peile na hÉireann 2002 Áth Cliath v Ard Mhacha 

79,386 duine a bhí i láthair an lá a raibh súil ag foireann Ard Mhacha faoi stiúir Joe Kernan cáiliú do chluiche ceannais Chraobh na hÉireann den chéad uair ó 1977.

 

16:10                    Cluiche Ceannais Chraobh Iomána na hÉireann 1988 Gaillimh V Tiobraid Árann 

Bhí súil ag fir na Gaillimhe, a bhí faoi chúram Cyril Farrell, an chraobh a thabhairt ar ais arís an lá ar thug siad aghaidh ar fhoireann Thiobraid Árann a raibh Michael “Babs” Keating ina bhainisteoir orthu.

 
 

Dé Domhnaigh an 17 Bealtaine

14:40                  Rogha an Lucht Féachana Cluiche Ceannais Chraobh Peile na hÉireann 2013  Áth Cliath v Maigh Eo  

Bhí Áth Cliath ag súil Craobh na hÉireann a bhuachan an dara babhta le trí bliana. Chuaigh Maigh Eo chun catha in 2013 agus gan Craobh na hÉireann buaite acu ó 1951.

 

16:10                  Cluiche Ceannais Chraobh Iomána na hÉireann  2009 Cill Chainnigh V Tiobraid Árann

Ba í seo an chéad uair ar thug an dá fhoireann seo aghaidh ar a chéile i gcraobh na hÉireann ó 1991. Bhí súil ag Cill Chainnigh an Chraobh a bhuachan ceithre bliana as a chéile os comhair an 82,106 duine a bhí i láthair.

 
 

Dé Domhnaigh an 24 Bealtaine
14:40                  Rogha an Lucht Féachana  Cluiche Ceannais Chraobh Iomána na hÉireann 1968 Tiobraid Árann V Loch Garman 

Deis eile Loch Garman a fheiceáil le Tiobraid Árann i gCluiche Ceannais Chraobh Sinsear Iomána na hÉireann  ar Pháirc an Chrócaigh. I measc na n-imreoirí den ré iomána sin a d’imir in 81ú Craobh Iomána na hÉireann bhí Tony Doran, Paul Lynch, Jack Berry, Ned Colfer, Jimmy Doyle, John Doyle agus Michael Keating.

 

16:05                  Rogha an Lucht Féachana  – Cluiche Leathcheannais Chraobh na hÉireann 1977 Áth Cliath V Ciarraí
Bhí an cluiche seo ar cheann de na cluichí peile ba iontaí agus ab fhearr a imríodh sna 70í nuair a thug foirne móra Átha Cliath agus Chiarraí aghaidh ar a chéile i gcluiche den chéad scoth.  I measc imreoirí móra Átha Cliath bhí Brian Mullins, Anton O’Toole, Tony Hanahoe, David Hickey, Sean Doherty agus Bernard Brogan. Michael O’Hehir a bhí i mbun tráchtaireachta.

 
 

Dé Domhnaigh an 31 Bealtaine 

14:25                      Cluiche Leathcheannais Iomána F21 2009 An Clár v Gaillimh

Deis eile An Clár v Gaillimh a fheiceáil i gcluiche leathcheannais Chraobh Iomána na hÉireann F21 i Staid Semple,  Durlas. Ba í an chéad uair ag an gClár i gcluiche leathcheannais Chraobh Iomána na hÉireann F21. I measc na réaltaí ar na foirne F21 seo bhí Darach Honan, John Conlon, David Burke, Joe Canning, Aidan Harte agus James Skehill.

 

16:10                  Cluiche Ceannais Chraobh Peile na hÉireann 2005  Tír Eoghain V Ciarraí 

Deis eile Tír Eoghain V Ciarraí a fheiceáil in 2005 i gCluiche Ceannais Chraobh Peile na hÉireann ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí súil ag foireann Thír Eoghain faoi chúram Mickey Harte an Chraobh a bhuachan arís, an dara huair ó 2003. Ach ba iad foireann Jack O’Connor Chiarraí a bhí ina seaimpíní ag an am agus ba iontach go deo an cluiche craoibhe a bhí ann.

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: