Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Underdogs 2019

Underdogs 2019

09.09.19

Uasdátú

TABHARFAIDH NA ‘UNDERDOGS’ AGHAIDH AR MHAIGH EO SA CHLUICHE DÚSHLÁIN AG DEIREADH NA SRAITHE.

Cuirfear tús le sraith nua de ‘Underdogs’ anocht ar TG4 ag 21:30.
Tá sé fógartha inniu ag TG4, go mbeidh foireann na ‘Underdogs’ ag tabhairt aghaidh ar churaidh na sraithe náisiúnta Allianz, Maigh Eo.

Imreofar an cluiche i bPáirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh ar an Satharn 26ú Deireadh Fómhair 2019, agus beidh beochraoladh den chluiche ar GAA BEO.

Beidh foireann bainistíochta nua mór le rá ar Underdogs i mbliana, triúr laochra imeartha tráth atá anois ar an taobhlíne; is iad sin Mickey Ned O’Sullivan, iar-chaptaen agus iar- bhainisteoir Chiarraí, Valerie Mulcahy Chorcaí, duine de na peileadóirí mná ab fhearr riamh agus Caoimhín Ó Casaide, laoch Ghaoth Dobhair a d’imir do Dhún na nGall.

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, thug na Underdogs aghaidh ar sheaimpíní reatha na hÉireann, Áth Cliath, ach faraor, níor éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhir na hArdcathrach an lá sin. Ach tá buíon nua fear le roghnú anois le súil is na Underdogs a chur ar ais i mbarr a réime arís.
Beidh ar an bhfoireann bainistíochta painéal peile a roghnú a bheidh sách maith le haghaidh a thabhairt ar fhoireann idirchontae mór le rá. Níl ach aon riail amháin ann, is é sin nár imir siad peil Ghaelach ag leibhéal sinsear idirchontae craoibhe riamh.
Tháinig peileadóirí go leor ó cheann ceann na tíre chugainn le súil is deis a fháil dúshlán a thabhairt do pheileadóirí eile na hÉireann. An bhfuil siad sách maith le háit a bhaint amach ar fhoireann an chontae amach anseo meas tú?
Níl roinnt de na himreoirí seo ach ina thús agus iad ag iarraidh an deis a thapú traenáil a fháil ó laochra móra an chluiche – ach ó tharla nach féidir leis an bhfoireann bainistíochta ach 28 imreoir a thabhairt chuig an gcluiche dúshláin ag deireadh na sraithe i mí Dheireadh Fhómhair, beidh imreoirí le cur abhaile freisin. Cuirfear peileadóir amháin as campa na Underdogs abhaile gach seachtain.


Tá ‘Underdogs’, sraith chlúiteach CLG TG4, ar ais ar TG4 Déardaoin ag 21:30. Táthar sa tóir arís i mbliana ar fhoireann peile nua. Tá grúpa fear atá cumasach, díocasach agus aclaí ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne peile Gaelaí is fearr sa tír.

Beidh foireann bainistíochta nua mór le rá ann i mbliana, triúr laochra imeartha tráth atá anois ar an taobhlíne; is iad sin Mickey Ned O’Sullivan, iar-chaptaen agus iar- bhainisteoir Chiarraí, Valerie Mulcahy Chorcaí, duine de na peileadóirí mná ab fhearr riamh agus Caoimhín Ó Casaide, laoch Ghaoth Dobhair a d’imir do Dhún na nGall.

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, thug na Underdogs aghaidh ar sheaimpíní reatha na hÉireann, Áth Cliath, ach faraor, níor éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhir na hArdcathrach an lá sin. Ach tá buíon nua fear le roghnú anois le súil is na Underdogs a chur ar ais i mbarr a réime arís.

Beidh ar an bhfoireann bainistíochta painéal peile a roghnú a bheidh sách maith le haghaidh a thabhairt ar fhoireann idirchontae mór le rá. Níl ach aon riail amháin ann, is é sin nár imir siad peil Ghaelach ag leibhéal sinsear idirchontae craoibhe riamh.

Tháinig peileadóirí go leor ó cheann ceann na tíre chugainn le súil is deis a fháil dúshlán a thabhairt do pheileadóirí eile na hÉireann. An bhfuil siad sách maith le háit a bhaint amach ar fhoireann an chontae amach anseo meas tú?

Níl roinnt de na himreoirí seo ach ina thús agus iad ag iarraidh an deis a thapú traenáil a fháil ó laochra móra an chluiche – ach ó tharla nach féidir leis an bhfoireann bainistíochta ach 28 imreoir a thabhairt chuig an gcluiche dúshláin ag deireadh na sraithe i mí Dheireadh Fhómhair, beidh imreoirí le cur abhaile freisin. Cuirfear peileadóir amháin as campa na Underdogs abhaile gach seachtain.

Déanfar sonraí an chluiche dúshláin seo (an fhoireann a bheidh leo, an t-am agus an t-ionad) a fhógairt amach anseo. Craolfar an cluiche sin beo ar GAA Beo an 26 Deireadh Fómhair 2019.

Teagmháil do na Meáin
Deirdre Ní Choistín
Bainisteoir Cumarsáide TG4
Deirdre.ni.choistin@tg4.ie
0861453527

Insure My Van

Tuilleadh Eolais:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 Deirdre.ni.choistin@tg4.ie 086-1453527

Cuir aithne orainn: