Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Craolfaidh TG4 28 cluiche beo arís an séasúr seo chomh maith le craoladh iarchurtha a dhéanamh ar 9 gcinn de na cluichí a bheidh idir na cúigí.

Tús curtha leis an tSraith nua de Rugbaí Beo sa chomórtas PRO14 Guinness ar TG4

18.09.19

Cuirfear tús le Rugbaí Beo ar TG4 Dé hAoine seo chugainn an 27 Meán Fómhair nuair a thaispeánfar buaicphointí an chluiche a imríodh idir Ulaidh agus na Ospreys i Staid Kingspan.  Dé Sathairn ansin, an 28 Meán Fómhair, beidh tráthnóna mór rugbaí beo againn daoibh nuair a thabharfaidh Mumha aghaidh ar Dragons sa bhaile ar Pháirc Thuamhan. Tabharfaidh Scarlets aghaidh ar Chonnachta ina dhiaidh sin agus beidh buaicphointí ar fad an chluiche a imríodh idir Benetton Rugby, foireann a rinne thar barr anuraidh cé nach raibh aon súil leis, agus Laighin.

 

Craolfaidh TG4 28 cluiche beo arís an séasúr seo chomh maith le craoladh iarchurtha a dhéanamh ar 9 gcinn de na cluichí a bheidh idir na cúigí. Craolfar clár seachtainiúil buaicphointí freisin chun an chuid is fearr de Chraobhchomórtas PRO14 Guinness a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann. Mar aon le cur leis an gclúdach a rinneadh anuraidh ar threorú na réiteoirí, agallaimh roimh na cluichí leis na príomhchóitseálaithe agus cúlmhonatóireacht fuaime a dhéanamh ar na cóitseálaithe agus ar na himreoirí, is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh an tsraith i láthair agus cuirfidh leithéidí Eimear Considine, Deirbhile Nic a Bhaird, Marcus Horan, Ronan Loughney, Eoghan Ó Neachtain, Eamonn Molloy agus neart eile a gcuid saineolais ar fáil chomh maith.

 

Beifear ag díriú ar Chúigí na Éireann sa Chraobhchomórtas PRO14 Guinness nuair a fhéachfaidh Laighin leis an trí mhórchomórtas a thabhairt leo. Tá Connachta fós ag cruthú go maith faoi stiúir Andy Friend agus beidh siadsan ag iarraidh níos airde ná an tríú háit a bhaint amach i mbliana ina ngrúpa féin. Ní bheidh Rory Best, duine de himreoirí móra Uladh, leo i mbliana agus beidh siadsan ag iarraidh déanamh níos fearr ná mar a d’éirigh leo anuraidh agus an cluiche ceannais a bhaint amach i mbliana. Beidh súil ag Mumha go gcuideoidh imreoirí nua Graham Rowntree agus Stephen Larkham leo dul níos faide ná na cluichí leathcheannais i mbliana agus an cluiche ceannais a bheidh ar siúl i Staid Cardiff City a bhaint amach den chéad uair ó 2017.

 

Is éard a dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceann Spóirt TG4 inniu roimh tús an séasúr nua de Rugbaí Beo: ‘Is le mórtas atá TG4 ag réiteach do shéasúr eile de Rugbaí Beo, ag leanúint leis an gceangal atá aige leis an gcomórtas seo ón mbliain 2001. Bhí tóir ollmhór ar an gclúdach saor go haer a chuireamar ar fáil ar an gCraobhchomórtas PRO14 Guinness an séasúr seo caite agus táimid ag súil le nuálaíochtaí nua eile a mbeidh suim ag an lucht féachana agus ag lucht leanta rugbaí iontu a thabhairt chun cinn sa séasúr seo romhainn.”

 

Áirítear ar chlúdach Rugbaí Beo ar TG4:

  • Craoladh beo ar Chluichí Rugbaí na Mumhan agus Rugbaí Laighean ar fad in aghaidh fhoirne na Breataine Bige.
  • Craoladh beo ar chluichí baile Rugbaí Chonnacht. Craoladh beo & eisiach ar chluichí Chonnacht ar fad in aghaidh fhoirne na Breataine Bige.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcraoladh ar fad a dhéanfar ar shéasúr rugbaí na sraithe Rugbaí PRO14 Guinness téigh chuig tg4.ie/rugbaibeo

Íomhánna ar fáil anseo:client.inpho.ie/tg4launch
 

 

 

Babhta DÁTA Am BAILE   AS BAILE IONAD
1 Dé Sathairn an 28 Meán Fómhair 3.00pm Mumha v Dragons Páirc Thuamhan
1 Dé Sathairn an 28 Meán Fómhair 5:15pm Scarlets v Connachta Parc y Scarlets
2 Dé hAoine an 4 Deireadh Fómhair 7:35pm Laighin v Ospreys Rugby RDS Arena
2 Dé Sathairn an 5 Deireadh Fómhair 7:35pm Connachta v Benetton Rugby An Sportsground
3 Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair 7:35pm Dragons v Connachta Rodney Parade
4 Dé hAoine an 25 Deireadh Fómhair 7:35pm Mumha v Ospreys Rugby Páirc Irish Independent
4 Dé Sathairn an 26 Deireadh Fómhair 5:15pm Connachta v Toyota Cheetahs An Sportsground
5 Dé Sathairn an 2 Samhain 5:15pm Ospreys Rugby v Connachta Staid Liberty
5 Dé Sathairn an 2 Samhain 7:35pm Cardiff Blues v Mumha Páirc Cardiff Arms
6 Dé hAoine an 8 Samhain 7:35pm Connachta v Laighin An Sportsground
7 Dé Sathairn an 30 Samhain 5:15pm Connachta v Isuzu Southern Kings An Sportsground
8 Dé Sathairn an 21 Nollaig 5:15pm Connachta v Mumha An Sportsground
11 Dé Sathairn an 15 Feabhra 7:35pm Connachta v Cardiff Blues An Sportsground
12 Dé hAoine an 21 Feabhra 7:35pm Ospreys Rugby v Laighin Staid Liberty
13 Dé Sathairn an 29 Feabhra 5.00pm Mumha v Scarlets Páirc Thuamhan
14 Dé hAoine an 20 Márta 7:35pm Connachta v Scarlets An Sportsground
15 Dé hAoine an 27 Márta 7:35pm Mumha v Benetton Rugby Páirc Irish Independent
16 Dé hAoine an 10 Aibreán 7:35pm Connachta v Glasgow Warriors An Sportsground
16 Dé Sathairn an 11 Aibreán 3.00pm Mumha v Cardiff Blues Páirc Thuamhan
16 Dé Sathairn an 11 Aibreán 5:15pm Laighin v Zebre Rugby Club RDS Arena
18 Dé hAoine an 24 Aibreán 7:35pm Dragons v Laighin Rodney Parade
18 Dé Sathairn an 25 Aibreán 7:35pm Connachta v Ulaidh An Sportsground
19 Dé hAoine an 8 Bealtaine 7:35pm Cardiff Blues v Connachta Páirc Cardiff Arms
19 Dé Sathairn an 9 Bealtaine 7:45pm Scarlets v Laighin Parc y Scarlets
20 Dé hAoine an 15 Bealtaine 7:35pm Laighin v Cardiff Blues RDS Arena
20 Dé Sathairn an 16 Bealtaine 5:15pm Scarlets v Mumha Parc y Scarlets
20 Dé Sathairn an 16 Bealtaine 7:35pm Connachta v Edinburgh Rugby An Sportsground
Cluiche Ceannais Dé Sathairn an 20 Meitheamh Le deimhniú Le deimhniú v Le deimhniú Staid Cardiff City

 

 

Teagmháil do na Meáin:
Kieran Hartigan, Iris Productions | kieran@iris.ie | 086 0631053

Cuir aithne orainn: