Preas
Craolfaidh TG4 28 cluiche beo arís an séasúr seo chomh maith le craoladh iarchurtha a dhéanamh ar 9 gcinn de na cluichí a bheidh idir na cúigí.
Tús curtha leis an tSraith nua de Rugbaí Beo sa chomórtas PRO14 Guinness ar TG4
18.09.19
Cuirfear tús le Rugbaí Beo ar TG4 Dé hAoine seo chugainn an 27 Meán Fómhair nuair a thaispeánfar buaicphointí an chluiche a imríodh idir Ulaidh agus na Ospreys i Staid Kingspan. Dé Sathairn ansin, an 28 Meán Fómhair, beidh tráthnóna mór rugbaí beo againn daoibh nuair a thabharfaidh Mumha aghaidh ar Dragons sa bhaile ar Pháirc Thuamhan. Tabharfaidh Scarlets aghaidh ar Chonnachta ina dhiaidh sin agus beidh buaicphointí ar fad an chluiche a imríodh idir Benetton Rugby, foireann a rinne thar barr anuraidh cé nach raibh aon súil leis, agus Laighin.
Craolfaidh TG4 28 cluiche beo arís an séasúr seo chomh maith le craoladh iarchurtha a dhéanamh ar 9 gcinn de na cluichí a bheidh idir na cúigí. Craolfar clár seachtainiúil buaicphointí freisin chun an chuid is fearr de Chraobhchomórtas PRO14 Guinness a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann. Mar aon le cur leis an gclúdach a rinneadh anuraidh ar threorú na réiteoirí, agallaimh roimh na cluichí leis na príomhchóitseálaithe agus cúlmhonatóireacht fuaime a dhéanamh ar na cóitseálaithe agus ar na himreoirí, is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh an tsraith i láthair agus cuirfidh leithéidí Eimear Considine, Deirbhile Nic a Bhaird, Marcus Horan, Ronan Loughney, Eoghan Ó Neachtain, Eamonn Molloy agus neart eile a gcuid saineolais ar fáil chomh maith.
Beifear ag díriú ar Chúigí na Éireann sa Chraobhchomórtas PRO14 Guinness nuair a fhéachfaidh Laighin leis an trí mhórchomórtas a thabhairt leo. Tá Connachta fós ag cruthú go maith faoi stiúir Andy Friend agus beidh siadsan ag iarraidh níos airde ná an tríú háit a bhaint amach i mbliana ina ngrúpa féin. Ní bheidh Rory Best, duine de himreoirí móra Uladh, leo i mbliana agus beidh siadsan ag iarraidh déanamh níos fearr ná mar a d’éirigh leo anuraidh agus an cluiche ceannais a bhaint amach i mbliana. Beidh súil ag Mumha go gcuideoidh imreoirí nua Graham Rowntree agus Stephen Larkham leo dul níos faide ná na cluichí leathcheannais i mbliana agus an cluiche ceannais a bheidh ar siúl i Staid Cardiff City a bhaint amach den chéad uair ó 2017.
Is éard a dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceann Spóirt TG4 inniu roimh tús an séasúr nua de Rugbaí Beo: ‘Is le mórtas atá TG4 ag réiteach do shéasúr eile de Rugbaí Beo, ag leanúint leis an gceangal atá aige leis an gcomórtas seo ón mbliain 2001. Bhí tóir ollmhór ar an gclúdach saor go haer a chuireamar ar fáil ar an gCraobhchomórtas PRO14 Guinness an séasúr seo caite agus táimid ag súil le nuálaíochtaí nua eile a mbeidh suim ag an lucht féachana agus ag lucht leanta rugbaí iontu a thabhairt chun cinn sa séasúr seo romhainn.”
Áirítear ar chlúdach Rugbaí Beo ar TG4:
- Craoladh beo ar Chluichí Rugbaí na Mumhan agus Rugbaí Laighean ar fad in aghaidh fhoirne na Breataine Bige.
- Craoladh beo ar chluichí baile Rugbaí Chonnacht. Craoladh beo & eisiach ar chluichí Chonnacht ar fad in aghaidh fhoirne na Breataine Bige.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcraoladh ar fad a dhéanfar ar shéasúr rugbaí na sraithe Rugbaí PRO14 Guinness téigh chuig tg4.ie/rugbaibeo
Íomhánna ar fáil anseo:client.inpho.ie/tg4launch
Babhta | DÁTA | Am | BAILE | AS BAILE | IONAD | |
1 | Dé Sathairn an 28 Meán Fómhair | 3.00pm | Mumha | v | Dragons | Páirc Thuamhan |
1 | Dé Sathairn an 28 Meán Fómhair | 5:15pm | Scarlets | v | Connachta | Parc y Scarlets |
2 | Dé hAoine an 4 Deireadh Fómhair | 7:35pm | Laighin | v | Ospreys Rugby | RDS Arena |
2 | Dé Sathairn an 5 Deireadh Fómhair | 7:35pm | Connachta | v | Benetton Rugby | An Sportsground |
3 | Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair | 7:35pm | Dragons | v | Connachta | Rodney Parade |
4 | Dé hAoine an 25 Deireadh Fómhair | 7:35pm | Mumha | v | Ospreys Rugby | Páirc Irish Independent |
4 | Dé Sathairn an 26 Deireadh Fómhair | 5:15pm | Connachta | v | Toyota Cheetahs | An Sportsground |
5 | Dé Sathairn an 2 Samhain | 5:15pm | Ospreys Rugby | v | Connachta | Staid Liberty |
5 | Dé Sathairn an 2 Samhain | 7:35pm | Cardiff Blues | v | Mumha | Páirc Cardiff Arms |
6 | Dé hAoine an 8 Samhain | 7:35pm | Connachta | v | Laighin | An Sportsground |
7 | Dé Sathairn an 30 Samhain | 5:15pm | Connachta | v | Isuzu Southern Kings | An Sportsground |
8 | Dé Sathairn an 21 Nollaig | 5:15pm | Connachta | v | Mumha | An Sportsground |
11 | Dé Sathairn an 15 Feabhra | 7:35pm | Connachta | v | Cardiff Blues | An Sportsground |
12 | Dé hAoine an 21 Feabhra | 7:35pm | Ospreys Rugby | v | Laighin | Staid Liberty |
13 | Dé Sathairn an 29 Feabhra | 5.00pm | Mumha | v | Scarlets | Páirc Thuamhan |
14 | Dé hAoine an 20 Márta | 7:35pm | Connachta | v | Scarlets | An Sportsground |
15 | Dé hAoine an 27 Márta | 7:35pm | Mumha | v | Benetton Rugby | Páirc Irish Independent |
16 | Dé hAoine an 10 Aibreán | 7:35pm | Connachta | v | Glasgow Warriors | An Sportsground |
16 | Dé Sathairn an 11 Aibreán | 3.00pm | Mumha | v | Cardiff Blues | Páirc Thuamhan |
16 | Dé Sathairn an 11 Aibreán | 5:15pm | Laighin | v | Zebre Rugby Club | RDS Arena |
18 | Dé hAoine an 24 Aibreán | 7:35pm | Dragons | v | Laighin | Rodney Parade |
18 | Dé Sathairn an 25 Aibreán | 7:35pm | Connachta | v | Ulaidh | An Sportsground |
19 | Dé hAoine an 8 Bealtaine | 7:35pm | Cardiff Blues | v | Connachta | Páirc Cardiff Arms |
19 | Dé Sathairn an 9 Bealtaine | 7:45pm | Scarlets | v | Laighin | Parc y Scarlets |
20 | Dé hAoine an 15 Bealtaine | 7:35pm | Laighin | v | Cardiff Blues | RDS Arena |
20 | Dé Sathairn an 16 Bealtaine | 5:15pm | Scarlets | v | Mumha | Parc y Scarlets |
20 | Dé Sathairn an 16 Bealtaine | 7:35pm | Connachta | v | Edinburgh Rugby | An Sportsground |
Cluiche Ceannais | Dé Sathairn an 20 Meitheamh | Le deimhniú | Le deimhniú | v | Le deimhniú | Staid Cardiff City |
Teagmháil do na Meáin:
Kieran Hartigan, Iris Productions | kieran@iris.ie | 086 0631053