Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá TG4 tar éis tréaslú le Telegael de bharr an infheistíocht suntasach sa chomhlacht atá fógartha ag inniu ag an Stiúideo Anamúlachta Idirnáisiúnta ón India – Toonz.

Tréaslaionn TG4 le Telegael & Toonz

28.05.19

Fógraíodh inniu go bhfuil sciar substaintiúil glactha ag Toonz, atá lonnaithe i ndeisceart na hIndia, sa chomhlacht áiseanna léirithe & iarléirithe ón Spidéal, i gCo. na Gaillimhe.
Ag labhairt dó faoin bhfógra, deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont:
‘Is dea-scéal iontach don tionscal closamharc in Iarthar na hÉireann atá anseo. Tá sé léirithe ag Telegael le fada gur féidir le comhlacht a thosaigh go beag i 1988, fás straitéiseach a dhéanamh, saineolas ardchumais a fhorbairt agus caighdeán dosháraithe idirnáisiúnta a bhaint amach, nuair a bhíonn an cur chuige ceart.
‘Tá áthas orainn i TG4 a bheith mar chuid de scéal Telegael tríd an chomhpháirtíocht leanúnach eadrainn ó thaobh déantús & craoladh clár, ag ceannach áiseanna léiriúcháin, dubála & fotheidilithe agus ag tacú le comhléiriúcháin  agus páirtíochtaí closamharc idirnáisiúnta.
‘Tá taithí, scil & saineolas den chéad scoth forbartha ag Telegael le foireann dhíograiseach áitiúil. Tá duaiseanna agus cáil domhanda bainte amach acu. Léiríonn sé seo gur féidir le comhlachtaí sna réigiúin fostaíocht d’ardchaighdeán, ar luach ard, a chur ar fáil agus táirgí nach bhfuil a sárú le fáil in aon áit, a chruthú.
‘Tá comhlachtaí eile a dtacaíonn TG4 leo ag foghlaim ó scéal Telegael agus tá sé mar chuid lárnach d’ár straitéis corparáideach cabhrú leo sin chomh maith, chun margaí nua idirnáisiúnta a aimsiú, fostaíocht nua a chruthú agus cur le geilleagar na hÉireann le straitéisí forbartha gnó den chineál céanna’.

 

CRÍOCH

Tuilleadh Eolais:
Trevor Ó Clochartaigh, (087)2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: