Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá áthas ar TG4 a fhógairt go mbeidh siad ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta 2019 i gCeatharlach i gcomhar le Subaru, páirtí oifigiúil feithiclí TG4.

TG4 i gcomhar le Subaru ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta 2019

13.09.19

Beidh cad é ceol, damhsa agus siamsaíocht beo ar fáil gach lá den 89ú Comórtas ag seastán Subaru Bloc 2, Sraith 23, Seastán 528.

Dé Máirt 17ú Meán Fómhair, beidh ceol beo le réalt an cheoil tíre, Trudi Lalor chomh maith le ceol beo ó bhuaiteoir Ceoltóir Óg na Bliana, Gradam Ceoil TG4 2017 Liam O’Brien agus a chairde, Derek Hickey & Kate McHugh.  Beidh Trudi beo ag 1pm agus arís ag 4pm, agus beidh Liam O’Brien agus cairde beo ag 11:30am agus arís ag 2:30pm

 

Dé Céadaoin 18ú Meán Fómhair, beidh meantóir de chuid ‘Glór Tíre’, Ciarán Rosney beo ag 11:30am agus arís ag 2:30pm.  Beidh réalt eile de chuid ‘Glór Tíre’, Mike Denver beo freisin i rith an lae.  Beidh damhsa ar an sean-nós beo ag Rónán Ó Conghaile 1pm agus arís ag a 4pm, agus ceol agus amhránaíocht aige freisin.

 

Déardaoin 19ú Meán Fómhair, beidh banríon an cheoil tíre, Susan McCann ag canadh beo ag 2:30pm agus arís ag 4:30pm.  Beidh an t-amhránaí agus meantóir ‘Glór Tíre’  Jim Devine beo freisin ag 11am agus arís ag 1:30pm agus beidh ceol agus amhránaíocht ag deirfiúracha Ráth Chairn, Étáin agus Máire Ní Churraoin a bhuaigh ‘Réalta agus Gaolta’ na bliana seo.

 

Buail isteach chugainn ag seastán Subaru Bloc 2, Sraith 23, Seastán 528.  

 

Tuilleadh Eolais:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527

Cuir aithne orainn: