Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 chun Craobhchomórtais Náisiúnta Sinsear Dornálaíochta Scothaicme na bhFear agus na mBan IABA a chraoladh Dé hAoine an 22 Samhain

Craolfar an 17 dTroid ar fad Beo ar chainéal YouTube Spórt TG4, agus beidh craoladh beo ar TG4 ón 7:30pm go dtí an 11:00pm

21.11.19

Cuirfidh TG4 craoladh beo cuimsitheach de Chraobhchomórtais Náisiúnta Sinsear Dornálaíochta Scothaicme na bhFear agus na mBan IABA ar fáil ón Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath tráthnóna amárach Dé hAoine an 22 Samhain.

Déanfar an seacht dtroid déag a chraoladh beo ar shuíomh YouTube TG4 chuig lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain.  Taispeánfar na Craobhchomórtais freisin ar phríomhchainéal líneach TG4 ón 7:30pm ar aghaidh.
Is é Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh an craoladh beo ar Chraobhchomórtais Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme Sinsear IABA na hÉireann i láthair. Beidh Kellie Harrington, Jason Quigley, Kenneth Egan, Darren O’Neill agus Seán Bán Breathnach i measc na dtráchtairí.  Is é Cárthach Bán Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta ar chainéal YouTube TG4.

 

Sceideal iomlán na mbabhtaí – Craobhchomórtais Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme Sinsear IABA na bhFear agus na mBan beo as an Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath:

 

6:00pm      Paráid Fáinne & Amhrán na bhFiann  *Beo ar YouTube

6:25pm      Babhta Ceannais 49kg na bhFear    Ricky Nesbitt (Holy Family Droichead Átha)  v  Sean Mari (Baile na Manach D)

6:40pm     Babhta Ceannais 64kg na mBan       Evelyn Igharo (Clann Naofa)  v  Ciara Ginty (Gaoth Sáile)

6:55pm     Babhta Ceannais 81kg na mBan       Nell Fox (Ráth Caola) v Leona Houlihan (Cromghlinn)

7:10pm     Babhta Ceannais 60kg na bhFear     Barry McReynolds (Holy Trinity)  v  Brandon McCarthy (St Michaels Baile Átha Í)

7:30pm Beo ar TG4

7:35pm     Babhta Ceannais 48kg na mBan       Shannon Sweeney (St Annes)  v  Daina Moorehouse (Áth na Sceire)
7:54pm     Babhta Ceannais 75kg na bhFear     Jason Harty (Ráth Caola)  v  John Joe Nevin (Cromghlinn)

8:13pm     Babhta Ceannais 81kg na bhFear     Thomas O’Toole (Celtic Eagles)  v  Emmett Brennan (Docklands)

8:32pm     Babhta Ceannais 57kg na mBan       Michaela Walsh (Baile na Manach A)  v  Emma Agnew (Dealgan)

8:51pm     Babhta Ceannais 51kg na mBan        Niamh Early (Ryston)  v  Ceire Smith (An Cabhán)

9:10pm     Babhta Ceannais 52kg na bhFear     Jude Gallagher (Two Castles)  v  Regan Buckley (St Teresa’s)

9:29pm     Babhta Ceannais 57kg na bhFear     Patryk Adamus (Droimeanach)  v  Dean Clancy (Sean McDermott)
9:48pm     Babhta Ceannais 69kg na bhFear     Aidan Walsh (Baile na Manach, Aontroim)  v  Callum Walsh (Baile Roisín)
10:07pm   Babhta Ceannais 69kg na mBan      Christina Desmond (Fr Horgans)  v  Grainne Walsh (Spartacus)

10:26pm   Babhta Ceannais 63kg na bhFear    Wayne Kelly (Port Laoise)  v  George Bates (St Mary’s Baile Átha Cliath)

10:45pm   Babhta Ceannais 91+kg na bhFear   Antoine Ó Gríofa (Celtic Eagles/Óglaigh na hÉireann)  v  Kenneth Okungbowa (Baile Átha Luain)
11:05pm   Babhta Ceannais 54kg na mBan       Zara Breslin (Trá Mhór)  v  Sarah Haghighat (St Brigids, Éadan Doire)
11:20pm   Babhta Ceannais 91kg na bhFear      Kiril Afanasev (Margadh na Feirme)  v  Daniel O’Brien (Seantrabh/Óglaigh na hÉireann)

Is é an IABA atá i mbun na gCraobhchomórtas Scothaicme den dara huair i mbliana sula mbeidh babhtaí cáilithe Thóiceo 2020 ar siúl i Láthair Copper Box i Londain mí Márta seo chugainn. Beidh babhta cáilithe Domhanda amháin eile ar siúl i bPáras sa mBealtaine don 32ú Cluichí Oilimpeacha. Liffey Crane Hire a dhéanfaidh urraíocht ar na Craobhchomórtais Scothaicme Náisiúnta.

 

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha:  “Tá TG4 ag súil go mór le Craobhchomórtais Náisiúnta Sinsear IABA na Dornálaíochta Scothaicme a chraoladh as an Staid Náisiúnta. Tá sé tábhachtach deis a thabhairt do lucht féachana na teilifíse saor go haer féachaint ar chuid de na dornálaithe is fearr in Éirinn. Is mór an phribhléid a bheith ag obair leis an IABA chun clúdach beo a dhéanamh ar an imeacht a bhfuil tábhacht mhór spóirt ag baint leis don tír.
 
Dé hAoine an 22 Samhain

  • 5:55pm Beo ar YouTube Spórt TG4  –  craolfar an 17 dtroid ar fad beo ar an suíomh YouTube Spórt TG4   –  www.youtube.com/sporttg4
  • 7:30pm – 11:05pm Beo ar TG4
     

     

    Teagmháil do na Meáin:
    Rónán Ó Coisdealbha, TG4 | sport@tg4.ie | 087-2472841

    Cuir aithne orainn: