Preas
TG4 chun Craobhchomórtais Náisiúnta Sinsear Dornálaíochta Scothaicme na bhFear agus na mBan IABA a chraoladh Dé hAoine an 22 Samhain
Craolfar an 17 dTroid ar fad Beo ar chainéal YouTube Spórt TG4, agus beidh craoladh beo ar TG4 ón 7:30pm go dtí an 11:00pm
21.11.19
Cuirfidh TG4 craoladh beo cuimsitheach de Chraobhchomórtais Náisiúnta Sinsear Dornálaíochta Scothaicme na bhFear agus na mBan IABA ar fáil ón Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath tráthnóna amárach Dé hAoine an 22 Samhain.
Déanfar an seacht dtroid déag a chraoladh beo ar shuíomh YouTube TG4 chuig lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain. Taispeánfar na Craobhchomórtais freisin ar phríomhchainéal líneach TG4 ón 7:30pm ar aghaidh.
Is é Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh an craoladh beo ar Chraobhchomórtais Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme Sinsear IABA na hÉireann i láthair. Beidh Kellie Harrington, Jason Quigley, Kenneth Egan, Darren O’Neill agus Seán Bán Breathnach i measc na dtráchtairí. Is é Cárthach Bán Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta ar chainéal YouTube TG4.
Sceideal iomlán na mbabhtaí – Craobhchomórtais Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme Sinsear IABA na bhFear agus na mBan beo as an Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath:
6:00pm Paráid Fáinne & Amhrán na bhFiann *Beo ar YouTube
6:25pm Babhta Ceannais 49kg na bhFear Ricky Nesbitt (Holy Family Droichead Átha) v Sean Mari (Baile na Manach D)
6:40pm Babhta Ceannais 64kg na mBan Evelyn Igharo (Clann Naofa) v Ciara Ginty (Gaoth Sáile)
6:55pm Babhta Ceannais 81kg na mBan Nell Fox (Ráth Caola) v Leona Houlihan (Cromghlinn)
7:10pm Babhta Ceannais 60kg na bhFear Barry McReynolds (Holy Trinity) v Brandon McCarthy (St Michaels Baile Átha Í)
7:30pm Beo ar TG4
7:35pm Babhta Ceannais 48kg na mBan Shannon Sweeney (St Annes) v Daina Moorehouse (Áth na Sceire)
7:54pm Babhta Ceannais 75kg na bhFear Jason Harty (Ráth Caola) v John Joe Nevin (Cromghlinn)
8:13pm Babhta Ceannais 81kg na bhFear Thomas O’Toole (Celtic Eagles) v Emmett Brennan (Docklands)
8:32pm Babhta Ceannais 57kg na mBan Michaela Walsh (Baile na Manach A) v Emma Agnew (Dealgan)
8:51pm Babhta Ceannais 51kg na mBan Niamh Early (Ryston) v Ceire Smith (An Cabhán)
9:10pm Babhta Ceannais 52kg na bhFear Jude Gallagher (Two Castles) v Regan Buckley (St Teresa’s)
9:29pm Babhta Ceannais 57kg na bhFear Patryk Adamus (Droimeanach) v Dean Clancy (Sean McDermott)
9:48pm Babhta Ceannais 69kg na bhFear Aidan Walsh (Baile na Manach, Aontroim) v Callum Walsh (Baile Roisín)
10:07pm Babhta Ceannais 69kg na mBan Christina Desmond (Fr Horgans) v Grainne Walsh (Spartacus)
10:26pm Babhta Ceannais 63kg na bhFear Wayne Kelly (Port Laoise) v George Bates (St Mary’s Baile Átha Cliath)
10:45pm Babhta Ceannais 91+kg na bhFear Antoine Ó Gríofa (Celtic Eagles/Óglaigh na hÉireann) v Kenneth Okungbowa (Baile Átha Luain)
11:05pm Babhta Ceannais 54kg na mBan Zara Breslin (Trá Mhór) v Sarah Haghighat (St Brigids, Éadan Doire)
11:20pm Babhta Ceannais 91kg na bhFear Kiril Afanasev (Margadh na Feirme) v Daniel O’Brien (Seantrabh/Óglaigh na hÉireann)
Is é an IABA atá i mbun na gCraobhchomórtas Scothaicme den dara huair i mbliana sula mbeidh babhtaí cáilithe Thóiceo 2020 ar siúl i Láthair Copper Box i Londain mí Márta seo chugainn. Beidh babhta cáilithe Domhanda amháin eile ar siúl i bPáras sa mBealtaine don 32ú Cluichí Oilimpeacha. Liffey Crane Hire a dhéanfaidh urraíocht ar na Craobhchomórtais Scothaicme Náisiúnta.
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha: “Tá TG4 ag súil go mór le Craobhchomórtais Náisiúnta Sinsear IABA na Dornálaíochta Scothaicme a chraoladh as an Staid Náisiúnta. Tá sé tábhachtach deis a thabhairt do lucht féachana na teilifíse saor go haer féachaint ar chuid de na dornálaithe is fearr in Éirinn. Is mór an phribhléid a bheith ag obair leis an IABA chun clúdach beo a dhéanamh ar an imeacht a bhfuil tábhacht mhór spóirt ag baint leis don tír.
Dé hAoine an 22 Samhain
Teagmháil do na Meáin:
Rónán Ó Coisdealbha, TG4 | sport@tg4.ie | 087-2472841