Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Kieran Duff, Rena Buckley, Jackie Tyrrell

Sraith Nua Laochra Gael Seolta ag Uachtarán CLG

13.02.19

Fillfidh Laochra Gael, an tsraith mhór-ráchairte CLG ina dtugtar scéalta pearsanta na réaltaí spóirt chun solais, ar TG4 an tEarrach seo. Leanfar chomh maith leis an leagan amach céanna uair an chloig a bhí ann anuraidh. Beidh seisear laochra CLG faoi chaibidil i mbliana, laochra a bhfuil clár uair an chloig de dhíth chun léargas ceart a fháil ar a gcuid scéalta pearsanta, scéalta atá lán d’eachtraí corraitheacha. Is fíor-laochra iad uile agus tá a gcáil imithe rompu. Sa tsraith seo, áfach, tabharfar léargas iomlán pearsanta orthu agus ar an gceangal atá ag an spórt a imríonn siad leis an saol mórthimpeall orthu. Scéalta pearsanta a mheallfaidh an lucht féachana ar thuras nua CLG.

Jackie Tyrrell – An tAistear
Aithnítear Jackie Tyrrell Chill Chainnigh i measc na gcosantóirí ab fhearr riamh sa tír san iománaíocht. Ach bhí easpa féin-mhuinín ag cur isteach go mór ar Jackie ina shaol pearsanta agus ina shaol iománaíochta ar feadh na mblianta. Tabharfar léargas sa chlár seo ar chomh mór is a bhí an fhadhb seo ag cur as dó ina shaol pearsanta cé go raibh sé ina mháistir ar an bpáirc. Taispeánfar mar a fuair sé an ceann is fearr ar na deacrachtaí sin nuair a casadh fear air a chuidigh go mór leis. Seo é aistear Jackie Tyrrell agus mar a d’éirigh leis dul ó imreoir nach raibh muinín ar bith aige go dtí cosantóir nárbh fhéidir a shárú agus ní amháin sin, ach is mórphearsa faisin é chomh maith.

Stiúrthóir: Hugh Walsh
Rannpháirtithe: Jackie Tyrrell, Eoin Kelly, Tommy Walsh, Br. Damien Brennan, Sarah Tyrrell, Eimear Tyrrell, Damian Lawlor.

Seamus Darby – An Fear a fuair an Cúl
Is é Seamus Darby Uíbh Fhailí a scóráil an cúl peile is mó cáil riamh. Sa chlár seo, tabharfaidh sé chun cuimhne na heachtraí a thit amach ar an bpáirc ag deireadh Chluiche Ceannais na hÉireann 1982 agus an chríoch spleodrach a chuir deireadh leis an aisling a bhí ag Ciarraí an chraobh a bhaint amach cúig bliana as a chéile. Déanfar iniúchadh ar scéal Darby go dtí an tráth sin dá shaol. Cén fáth gurbh é Darby a cuireadh chun páirce agus gan ach cúpla nóiméad fanta? Tabharfar léargas freisin ar ar bhain do Darby ina dhiaidh sin agus mar a tháinig athrú tobann ar a shaol.

Stiúrthóir: Jimmy Duggan
Rannpháirtithe: Seamus Darby, Stephen Darby, Eugene McGee, Sean Lowry, Seán Walsh, Vincent Hogan.

Rena Buckley – An Duine is Fearr ar Domhain?
Scéal cheannródaí spóirt na mban, Rena Buckley Chorcaí. Tá roinnt de na curiarrachtaí CLG is mó ann sáraithe ag Rena. Tá Craobh na Éireann, idir chamógaíocht agus Pheil na mBan, buaite 18 n-uaire aici, níos mó ná aon imreoir eile sa tír (idir fhir agus mhná). Tá 10 nGradam All Star buaite aici agus nuair a d’ardaigh sí Corn Brendan Martin in 2017, ba í an chéad imreoir í chun Craobh na hÉireann a bhuachan agus í ina captaen ar dhá chód. Seo scéal gnáth-chailín as Inis Cara a chuir athrú ar an meon a bhí ann maidir le cúrsaí spóirt do mhná sa tír seo agus a bhfuil glúin nua imreoirí ban spreagtha chun imeartha aici. Ach ní raibh a haistear as Inis Cara go Páirc an Chrócaigh i gcónaí éasca.

Stiúrthóir: Jimmy Duggan
Rannpháirtithe: Rena Buckley, Mary Buckley, Briege Corkery, Paudie Murray, Eamonn Ryan, Malachy Clerkin.

Kieran Duff – Ná Déan Breithiúnas Orm
Fear é Kieran Duff Bhaile Átha Cliath a bhí ina mhuirnín ag lucht Chnoc 16 ach a tharraing go leor conspóide go minic. Ba é Duff príomhthosaí na Dubs sna 1980í, ach bhí cáil air lasmuigh d’Áth Cliath gur imreoir crua, salach fiú a bhí ann. Chuir Cluiche Ceannais na hÉireann i 1983 go mór leis an gcáil sin. Ach an raibh an cháil sin tuillte aige? Cén tionchar a bhí ag an gcáil sin air? An bhfuil níos mó ag baint leis an scéal sin ná mar atá ar eolas againn? Aistear fíor-phearsanta atá sa chlár seo le duine de laochra móra Bhaile Átha Cliath.

Stiúrthóir: Fintan Walsh
Rannpháirtithe: Kieran Duff, Mags Duff, Barney Rock, Brian Talty, Vincent Hogan

Andrew O’Shaughnessy – Scéal Shaughs
Ba é Andrew O’Shaughnessy Luimnigh an réalta faoi aois ba mhó sa tír go dtí gur chuir scléaróis iolrach deireadh lena imirt idirchontae. Ba é Andrew an t-iománaí óg ba mhó a bhí i mbéal an phobail ag tús na mílaoise. Faraor, tháinig deireadh lena shaol imeartha le Luimneach ag aois a 24. Faoin am sin bhí sé faighte amach aige go raibh scléaróis iolrach air agus bhí a shaol iompaithe bunoscionn. Caithfear súil siar sa chlár seo ar a chuid éachtaí ar an bpáirc imeartha, agus tráchtfar ar chomh maith is a d’éirigh le Richie Bennis, ar an gconspóid a bhain le Justin McCarthy, agus ar a shaol pearsanta féin ó tugadh an drochscéal dó.

Stiúrthóir: Paul Jenkins
Rannpháirtithe: Andrew O’Shaughnessy, Eimear O’Shaughnessy, Denis Ring, Stephen Lucey, Maurice O’Brien, Gráinne McElwain.

Colm Cooper – Gooch
Colm Cooper Chiarraí; Gooch. An brú, an briseadh croí agus an lúcháir. An scéal taobh thiar de na boinn. Fear a raibh bua ar leith aige agus a chuaigh i gcoinne tuairim na coitiantachta gur chluiche d’fhir mhóra í an pheil. Tabharfar léargas san eagrán seo ar an imreoir eisceachtúil a tógadh ar ghnátheastát tithíochta i gCill Airne agus ar an scéal a bhaineann leis an 5 bhonn Uile Éireann agus 8 nGradam All Star atá buaite aige. Déanfar cur síos chomh maith ar an bpian phearsanta a d’fhulaing sé den pháirc pheile nuair a fuair a athair bás. Déanfar an chonspóid a bhain leis an ócáid ómóis a reáchtáladh nuair a d’éirigh Cooper as an imirt a phlé chomh maith.

Stiúrthóir: Cormac Morel
Rannpháirtithe: Colm Cooper, Vince Cooper, Vincent Hogan, Marc Ó Sé, Malachy Clerkin, Anthony Lynch, Damian Lawlor, Conor Gormley, Bracker O’Regan, Eddie O’Connor, Noreen Buckley, Michael McCarthy.

Dúirt John Horan, Uachtarán CLG “
“ Cuirim fáilte ó chroí roimh shraith eile de Laochra Gael ar TG4. Sraith í a bhfuil an-tóir ag baill CLG agus ag lucht leanúna na gcluichí Gaelacha uirthi.

Tá an tsraith seo ina cuid thábhachtach den sárchlúdach ar na cluichí Gaelacha a chuireann TG4 agus Nemeton TV ar fáil; clúdach agus anailís a thugann léargas eisceachtúil ar na cluichí móra, agus ar na pearsana móra spóirt.

Tá mé ag tnúth go mór le héachtaí na laochra – laochra atá i measc na n-imreoirí ab fhearr a d’imir riamh- a fheiceáil. Ba cheart go mbeadh bród ar gach duine den seisear a roghnaíodh mar laochra, de bharr an méid atá déanta acu ar son na gcluichí agus ar son Chumann Lúthchleas Gael i gcoitinne. Tá ardmholadh tuillte ag gach éinne a bhí páirteach sa tsraith. Tá éacht déanta acu cláracha den scoth a chur ar fáil dúinn sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont fáilte mhór roimh an tsraith nua chomh maith agus dúirt:
‘Cuid de mhisean TG4 ó bunaíodh é ná aitheantas cuí a thabhairt do shárlaochra ár gcluichí Gaelacha. Tá áthas orm go mbeidh gach clár uair a chloig ar fhad mar go mbeidh deis cheart ann ní hamháin chun gaiscí imeartha na laochra a thaispeáint ach beidh an lucht féachana ábalta léargas a fháil ar an gcrá croí agus aistir phearsanta na sárlaochra seo ina saol spóirt. Gabhaim buíochas leis na himreoirí a ghlac páirt agus le Nemeton a bhfuil obair iontach ar siúl acu sa réimse teilifíse seo.’

Is é NemetonTV, comhlacht neamhspleách sa Rinn i nGaeltacht na nDéise a léirigh an tsraith seo agus a léiríonn formhór de chláir spóirt TG4.

Laochra Gael TG4 9.30 i.n. gach Dé Céadaoin ón 20ú Feabhra

Tuilleadh eolais ag:

Sarah McCoy, Nemeton – sarah@nemeton.ie, 058 46499
Tomás Ó Neachtain, TG4 – Tomas.O.Neachtain@tg4.ie, 091 505050

Clár 1: Jackie Tyrrell, 9.30 i.n. Dé Céadaoin, an 20 Feabhra
Clár 2: Seamus Darby, 9.30 i.n. Dé Céadaoin an 27 Feabhra
Clár 3: Rena Buckley, 9.30 i.n. Dé Céadaoin an 6 Márta
Clár 4: Kieran Duff, 9.30 i.n. Dé Céadaoin an 13 Márta
Clár 5: Andrew O’Shaughnessy, 9.30 i.n. Dé Céadaoin an 20 Márta
Clár 6: Colm Cooper, 9.30 i.n. Dé Céadaoin an 27 Márta

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: