Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Clé – Dheis: Robert Peglar (Portwest), Rachel Davoren (Portwest), Gráinne McElwain (TG4), Máire Treasa Ní Dhubhghaill (TG4), Micheál Ó Domhnaill (TG4), Cathal Hughes Jr (Portwest), Owen Hughes (Portwest)

Spórt TG4 ag dul i bpáirt le Portwest

22.01.19

Tá ríméad ar Spórt TG4 a fhógairt go gcuirfidh Portwest cótaí troma Portwest ar fáil d’fhoireann Spórt TG4.

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha, “Tá an-áthas orainn a bheith ag obair i gcomhar le branda láidir as Iarthar na hÉireann mar Portwest. Mar atá a fhios ag ár lucht féachana, téann an fhoireann Spóirt atá againn fud fad na tíre chun imeachtaí spóirt a chlúdach i ngach chineál aimsire. Tá sé thar barr ar fad go bhfuil páirtnéir againn, páirtnéir a bhfuil ardmheas air, chun éadach trom d’ardchaighdeán a chur ar fáil dúinn. Déanfaidh sin an jab atá le déanamh againn rud beag níos éasca.”

Dúirt Rachel Davoren, Bainisteoir Ginearálta Portwest: “Tá muid thar a bheith sásta a bheith ag obair i gcomhar le TG4, cuideachta iontach eile as Iarthar na hÉireann. Déanann an fhoireann spóirt sárobair le linn dóibh a bheith ag obair amuigh faoin aer agus ní mór dóibh an chosaint is fearr agus is féidir a bheith acu ó dhrochaimsir na hÉireann.”