Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Spiorád na féile bronnta ar clár TG4 Lomax in Eirinn ag Féile na Meáin Cheilteach 2019

Spiorád na féile bronnta ar clár TG4 Lomax in Eirinn ag Féile na Meáin Cheilteach 2019

06.06.19

D’eirigh le clár de chuid TG4, Lomax in Éirinn, spiorád na féile a bhaint amach ag Féile na Meáin Cheilteach tráthnóna. Tá an féile ar bun in Aviemore san Albain faoi láthair.

Lomax in Éirinn: Ba é mian Alan Lomax ceol an domhain a thaifeadadh agus a chaomhnú. I 1951 a thosaigh sé ar an taifeadadh sin in Éirinn. Nochtfar scéal an turais sin agus mar a taifeadadh an chéad albam de cheol na hÉireann dá bharr sa chlár seo. Tá ceol ar an gclár le Steve Earle, Clannad, Slow Moving Clouds, The Tulla Céilí Band agus Nell Ní Chróinín. Á chur i láthair ag Pól Brennan ón mbanna ceoil Clannad. Léiriú le Aisling Productions. Tig leat blas don clár a fháil anseo; https://youtu.be/b0k1fZgUq3c

 

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús. Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta. I Aviemore in Albain atá Féile na bliana seo, an 40ú ceann ó bunaíodh í. (www.celticmediafestival.co.uk).

Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Is mór an t-ardú croí dúinn go bhfuil gradaim chomh haitheanta le Torc ón Fhéile Cheilteach buaite ag Lomax in Éirinn ag an bhféile seo, buaic na bliana do thionscal na teilifíse in Éirinn, Albain, An Bhriotáin, Corn na Breataine agus an Bhreatain Bheag.”

 

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864, linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: