Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sonraí Sceideal CLG maidir le Sraitheanna Allianz 2020 agus Craobhchomórtais AIB na gClubanna fógartha ag TG4

18.12.19

Beidh clúdach beo agus eisiach ag GAA BEO ar gach mór Chraobh lena n-áirítear Cluichí Ceannais Shraith Peile Allianz, Cluiche Ceannais Shraith Iomána Allianz agus Cluichí Ceannais Chraobh AIB na gClubanna 

Craolfar 30 cluiche as Sraitheanna Peile agus Iomána Allianz.

 

Sheol TG4 clúdach CLG na bliana 2020 inniu agus thug sonraí maidir leis an gclúdach cuimsitheach a dhéanfar ar chluichí CLG sna míonna atá ag teacht. Craolfaidh nó sruthóidh TG4 52 cluiche CLG idir seo agus tús mhí Aibreáin ag tosú le clúdach beo ar Chluichí Leathcheannais AIB na gClubanna Dé Sathairn an 4 Eanáir.

 

Cuirfear tús le clúdach na hathbhliana ar TG4 Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 4 agus 5 Eanáir le craoladh beo ar Chluichí Ceannais Peile agus Iomána na gClubanna – Cora Fine v Raonaithe Nemo, Naomh Éanna Baile Baodáin v Cill Chua, Seamróga Bhaile Héil v Sleacht Néill agus Buiríos Ó Luigheach v Naomh Tomás. Cuirfear tús le clúdach TG4 ar Shraitheanna Allianz Dé Domhnaigh an 26 Eanáir nuair a thabharfaidh Port Láirge aghaidh ar Chorcaigh agus Cill Chainnigh aghaidh ar Áth Cliath sa chéad bhabhta den tSraith Iomána.

 

Is é GAA BEO a dhéanfadh clúdach beo agus eisiach ar gach mór Chraobh lena n-áirítear Cluichí Ceannais Shraith Peile Allianz, Cluiche Ceannais Shraith Iomána Allianz, Cluichí Ceannais AIB na gClubanna, Cluichí Ceannais Sigerson, Fitzgibbon agus Dara Leibhéal Electric Ireland.

 

Cuirfidh TG4 seirbhís chuimsitheach ar fáil freisin do lucht CLG ar leathanach YouTube Spórt TG4 áit a mbeidh clúdach beo ar 13 imeacht agus cluiche éagsúla ina measc Cluiche Ceannais Idirmheánach agus Sóisear Peile agus Iomána AIB na gClubanna, Babhtaí Ceannais Scór na nÓg agus Scór na Sinsear, Cluichí Ceannais Chorn Sigerson Electric Ireland agus Chorn Fitzgibbon, Cluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir Gourmet Food Parlour Pheil na mBan agus Cluichí Ceannais Peile agus Iomána na gColáistí (Cluichí Ceannais na nIar-Bhunscoileanna).

 

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Táimid ag súil le séasúr breá eile in 2020 agus clúdach ar na cluichí a chur ar fáil do lucht leanúna CLG gach seachtain ar fud na tíre saor go haer ar an teilifís. Tá muid bródúil go bhfuil stair fhada ag ár stáisiún clúdach cuimsitheach CLG a chur ar fáil ag an tráth seo den bhliain.

 

Is éard a dúirt Peter McKenna, Stiúrthóir Tráchtála & Staideanna CLG; “Tá TG4 ina chomhpháirtí taca craolacháin CLG ó bunaíodh an stáisiún in 1996 agus déanann sé dáileadh ar leith ar chlúdach ár gcuid cluichí ar feadh na bliana, bíodh na cluichí sin beo, iarbheo nó ina mbuaicphointí.  Is comhartha maith é craoladh an Domhnaigh chomh maith leis na craolacháin ina mbeidh trí chluiche i gceist leo le linn Shraith Allianz go bhfuil bliain mhór eile amach roimh an gCumann agus roimh TG4 i ndáil le clúdach 2020”.

Nemeton TV, comhlacht léiriúcháin as Port Láirge, a léiríonn GAA Beo agus is é Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh an tsraith i láthair agus is iad Brian Tyers, Mac Dara Mac Donncha, Marcus Ó Buachalla agus Cuán Ó Flatharta a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Beidh GAA 2020, seó buaicphointí an chainéil, ar ais freisin do shéasúr eile.  Craolfar buaicphointí eisiacha gach tráthnóna Dé Luain ag 8 pm ag tosú ar an 6 Eanáir.

 

Seo a leanas leagan amach iomlán na gcluichí ar TG4 sna míonna atá romhainn:

 

 

Dé Sathairn an 4 Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Leathcheannais Peile na Sinsear

Cora Fine v Raonaithe Nemo

Naomh Éanna Baile Baodáin v Cill Chua, Beo ón 1pm

 

 

Dé Domhnaigh an 5 Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Leathcheannais Iomána na Sinsear

Seamróga Bhaile Héil v Sleacht Néill

Buiríos Ó Luigheach v Naomh Tomás, Beo ó 1.30pm

 

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Leathcheannais Iomána na Sóisear

Mícheál Breathnach v Russell Rovers, Beo ar YouTube Spórt TG4 ó 1.25pm

 

 

Dé Sathairn an 18 Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Ceannais Sóisear & Idirmheánach Iomána

Beo ar YouTube SpórtTG4

Cluiche Ceannais Chorn Mhic Cionnaith Bhanc na hÉireann, Beo ar YouTube SpórtTG4

 

 

Dé Domhnaigh an 19 Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Ceannais Sinsear Peile & Iomána, Beo as Páirc an Chrócaigh

 

 

Dé Sathairn an 25ú Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Ceannais Sóisear & Idirmheánach Peile

Beo ar YouTube SpórtTG4

 

 

Dé Domhnaigh an 26 Eanáir

Sraitheanna Allianz

BEO:  Port Láirge v Corcaigh (Iomáint)

IARBHEO:  Cill Chainnigh v Baile Átha Cliath (Iomáint), Beo ar TG4 ó 1:30pm

 

 

Dé Céadaoin an 29 Eanáir

Cluiche Ceannais Chorn Sigerson Electric Ireland, Beo ar YouTube SpórtTG4

 

 

Dé Sathairn an 1 Feabhra

Cluichí Ceannais Uile-Éireann Scór na nÓg, Beo ar YouTube SpórtTG4 ó INEC i gCill Airne

 

 

Dé Domhnaigh an 2 Feabhra

Sraitheanna Allianz

BEO:  Luimneach v Gaillimh (Iomáint)

IARBHEO 1:  Loch Garman v An Clár (Iomáint)

IARBHEO 2: An Mhí v Dún na nGall (Peil), Beo ar TG4 ó 1:30pm

 

 

Dé Domhnaigh an 9 Feabhra

Sraitheanna Allianz

BEO/IARBHEO:  An Mhí v Maigh Eo (Peil)

BEO/IARBHEO:  Dún na nGall v Gaillimh (Peil)

BEO/IARBHEO: Tír Eogain v Ciarraí (Peil)

*Roghnú beo ag brath ar thorthaí Bhabhtaí 1 & 2.   Beo ar TG4 ó 1:30pm

 

 

Dé Céadaoin an 12 Feabhra

Cluiche Ceannais Chorn Mhic Giobúin Electric Ireland

Beo ar YouTube SpórtTG4

 

 

Dé hAoine an 14 Feabhra

Gradaim Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Beo as Páirc an Chrócaigh ag 7:30pm

 

 

Dé Domhnaigh an 16 Feabhra

BEO & IARBHEO x3 chluiche:  Sraitheanna Allianz – Iomáint Babhta 3

Beo ar TG4 ó 1:30pm

 

 

Dé Domhnaigh an 23 Feabhra

BEO & IARBHEO x3 chluiche:  Sraitheanna Allianz – Iomáint & Peil Babhta 4

Beo ar TG4 ó 1:30pm

 

 

Dé Domhnaigh an 1 Márta

BEO & IARBHEO x3 chluiche:  Sraitheanna Allianz – Iomáint & Peil Babhta 5

Beo ar TG4 ó 1:30pm

 

 

Dé Céadaoin an 4 Márta

Craobhchomórtas Peile Eirgrid Faoi 20 – Cluiche Ceannais na Mumhan, Beo ar TG4

 

 

Dé hAoine an 6 Márta

Craobhchomórtas Peile Eirgrid Faoi 20 – Cluiche Ceannais Laighean, Beo ar TG4

 

 

7 – 8 Márta 

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluichí Ceathrú Ceannais Iomána x2, Beo ar TG4

 

 

Dé Sathairn an 14 Márta

Cluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir Gourmet Food Parlour Pheil na mBan

 

 

14-15 Márta

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluichí Leathcheannais Iomána & Peil Babhta 6

Beo ar TG4

 

 

Dé Máirt an 17 Márta

Craobhchomórtas Peile Eirgrid Faoi 20 – Cluichí Leathcheannais na hÉireann

Beo ar TG4

 

 

Dé Domhnaigh an 22 Márta

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluiche Ceannais Iomána & Peil Babhta 7

Beo ar TG4

 

 

28-29 Márta

Craobhchomórtas Peile Eirgrid Faoi 20 – Craobh na hÉireann, Beo ar TG4

 

 

Dé Sathairn an 28 Márta

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluichí Ceannais Peile Sraitheanna 3&4, Beo ar TG4

 

Cluichí Ceannais Iomána na nIar-Bhunscoileanna, Beo ar YouTube SpórtTG4

 

 

Dé Domhnaigh an 29 Márta

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluichí Ceannais Peile Sraitheanna 1&2, Beo ar TG4

 

 

Dé Sathairn an 4 Aibreán

Cluichí Ceannais Peile na nIar-Bhunscoileanna, Beo ar YouTube SpórtTG4

 

 

Tuilleadh Eolais:
Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4 | sport@tg4.ie | 091 505050 | 087 2472841

Cuir aithne orainn: