Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Seoladh an Fhómhair 2019

03.09.19

Saibhreas Scéalaíochta – Daonna agus Dúchasach – i Sceideal Fómhair TG4

Tá saibhreas scéalaíochta i sceideal fómhair TG4 a seoladh i gCathair Chorcaí inniu. Bhí cáil riamh ar chláir faisnéise TG4, agus ní bheidh díomá ar an lucht féachana leis an raidhse clár cumhachtach agus corraitheach a bheidh ar an gcainéal an séasúr seo romhainn.  Beidh tarraingt ar an éagsúlacht clár siamsaíochta, ceoil, spóirt agus taistil agus beidh rud éigin ar TG4 do gach duine.

Deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont agus é ag fógairt sceideal nua fómhair an stáisiúin:

“Bíonn mianta ár lucht féachana i gcónaí ag croí na físe atá ag TG4 agus, in éineacht leis an earnáil léiriúchán neamhspleách, geallann muid sceideal iontach daoibh arís i mbliana de chláir nua, dhúchasacha, spreagúla, chomhaimseartha.  Tuigeann muid freisin an ról atá ag craoltóir seirbhíse poiblí maidir le tallann nua Éireannach a spreagadh ar an scáileán agus taobh thiar den scáileán agus maidir le comhlachtaí láidre domhanda a fhorbairt a léiríonn cláir den chéad scoth.   Aithnítear TG4 mar an fórsa is tábhachtaí i bhforbairt na hearnála closamhairc taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath/Cill Mhantáin agus tá áthas orainn go bhfuil sceideal Fómhair TG4 á sheoladh den chéad uair riamh go náisiúnta as Corcaigh.”   

Scéalta a thaispeánann an teacht aniar atá sa duine nuair atá siad i gcruachás atá sa tsraith ‘Finné’ le hOrla O’Donnell. Fiosróidh Evanne Ní Chuilinn, a huchtaíodh ina páiste, scéal casta coscrach an uchtaithe in Éirinn sa chlár ‘Uchtú – Evanne Ní Chuilinn’.  Caithfear súil i ‘Saol an Mhadra Bháin’ ar an leas a bhaintear as madraí treorach agus mar atá na madraí sin ag spreagadh saineolaithe leighis chun teacht ar réiteach ar fhadhbanna sláinte.  Sa tsraith ‘Tabú’, tugtar léargas comhaimseartha ar shochaí na tíre, scéalta faoi easpa dídine, an pobal trasinscneach, agus deireadh le portaigh Bhord na Móna.

Beidh fuíllleach clár chomh maith faoi pholaiteoirí mór le rá na linne seo agus an ama atá caite.  Clár é ‘Máthair Trump – The President’s Mother’ faoi aistear mháthair Donald Trump, Mary MacLeod as Inse Ghall na hAlban go dtí a cleamhnas i Nua Eabhrac.  Beidh léargas ar shaol agus ar shaothar Martin McGuinness sa chlár ‘Martin McGuinness – I Fought, I made Peace, I made Politics’, agus sa tsraith ‘De Valera i Meiriceá’, leanfaimid aistear Éamon de Valera go Meiriceá i 1919.
 

 
Tá beirt nua ar fhoireann bainistíochta na ‘Underdogs’ i mbliana; Mickey Ned O’Sullivan agus Caoimhín Ó Casaide a bheidh i bhfochair Valerie Mulcahy.  Bíonn siúlach scéalach agus is cinnte go mbeidh scéalta ag Hector agus é ag taisteal ó chósta go cósta Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Savannah go San Diego.   Beifear ag iarraidh teacht ar an ionad oibre is cruthaithí in Éirinn sa tsraith nua ‘Creative Company’.
 

 

Beidh Eibhlín Ní Chonghaile i gcroílár phobal na Gaeltachta sa tsraith nua Gaeltacht 2020 a dhéanfaidh scagadh ar na nithe is mó atá ag déanamh tinnis don phobal.  Seoid eile chugainn ná ‘Seoda Bhailiúchán na Scol’ ina rachaidh seachtar aitheanta ag póirseáil i mBailiúchán na Scol lena bhfuil ann a fháil amach.  Beidh cúrsaí gnéis, cearta trasinscne, agus tinneas faoi chaibidil i gcarranna na tíre ar ‘Turas Bóthair’.  Beidh Síle Nic Chonaonaigh ar ais le ‘Bailte’ ag tosú leis an mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne, agus beidh muid ar ród na Gaillimhe arís leis na ‘Bádóirí’. Beidh Seán Mac an tSíthigh thar toinn le ‘Gaeil Bhoston’ ag cur aithne ar an bpobal is mó de Ghaeil taobh amuigh den tír seo.
 

 

Craolfar scoth na drámaíochta ó Mheiriceá, an chéad chraoladh ar an taobh seo den Atlantach de Perpetual Grace LTD agus sraith nua ‘Catch-22’ le George Clooney. Tá toradh an chéad bhabhta den scéim ‘Cine4’ chugainn le ‘Finky’ agus ‘Arracht’ agus beidh ‘Ros na Rún’ ar ais anocht agus súil againn lena bhfuil i ndán do dheirfiúracha Uí Dhálaigh.

Is i lár Bhaile Átha Cliath a bheidh Doireann Ní Ghlacáin leis an tsraith ‘Tradfest TG4’.  Déanfar ceiliúradh ar na ceoltóirí Steve Cooney, Máirtín O’Connor, Patsy Hanly, Pádraigín Ní Uallacháin, agus Paddy Glackin sa tsraith nua de ‘Sé Mo Laoch’.  Fiosrófar scéal agus bailiúchán ceoil Sam Henry i sraith nua.
 

 

Idir Mná na Gaillimhe agus Mná Átha Cliath a bheidh Cluiche Cheannais Peil na mBan ar an 15ú Meán Fómhair agus súil an líon daoine a bheidh i láthair i bPáirc an Chrócaigh a mhéadú arís i mbliana. Beidh an clár siamsaíochta ‘Ceiliúradh LGFA le LIDL’ ann an oíche roimhe.  Beidh cuimhní cinn ar mhór-imreoirí peile agus iomána Alan Brogan, Diarmuid Lyng, Iggy Clarke, Brenda McAnespie, David Brady agus Kieran Donaghy i sraith nua de ‘Laochra Gael’.  Beidh ‘Rugbaí Beo’ farainn ag deireadh na míosa leis an gcomórtas Guinness PRO14, agus mar is gnáth, beidh beochraoladh eisiach ar chluichí ceannais contae agus na tús-bhabhtaí i gCraobh na gClubanna AIB ar GAA BEO.

‘Glór Tíre’ ar ais ag lorg réalta nua ceoil tíre, agus beidh scoth na gceoltóirí tíre i gcuideachta Daniel O’Donnell ar ‘Opry le Daniel’.  Beidh TG4 lár stáitse ag an Oireachtas ó Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath, le ‘Steip Beo’, ‘Lár Stáitse’, ‘Nuacht TG4’ chomh maith le clúdach cuimsitheach ar youtube agus ar na meáin shóisialta.

Tá TG4 tiomanta do chláir nua do pháistí, agus arís i mbliana, beidh rogha ar fáil do pháistí réamhscoile leis na sraitheanna nua ‘An Siopa Ealaíne’ ‘Lá le Mamó, Lá le Daideo’, ‘Is Mise’ agus ‘Ár Scéal’, agus ‘Mo Shaol, Do Shaol’, agus ‘C.L.U.B.’ do pháistí níos sine.  

Is féidir ábhar TG4 a fháil in aon áit ar domhan ar sheinnteoir TG4 ar www.TG4.ie ar Aip TG4, agus ar na hardáin shóisialta.

Tá breis eolais a fháil faoi chláir nua TG4 ag:

www.tg4.ie/fomhar19

10 gClár as Sceideal Fómhair TG4 nár cheart a chailleadh:
 
Finné
Scéalta cumhachtacha – scéalta faoi fhulaingt, éagóir, fuascailt agus teacht aniar.
 
Uchtú – Evanne Ní Chuilinn
Rachaidh Evanne Ní Chuilinn i ngleic le scéal fada agus trioblóideach an uchtaithe in Éirinn.
 
Hector USA Ó Chósta go Cósta
Beidh Hector Ó hEochagáin ar ais arís ar TG4 agus é ag tabhairt faoi aistear mór ó Savannah go San Diego sna Stáit Aontaithe
 
Ros na Rún
Beidh ‘Ros na Rún’ ar ais agus súil againn lena bhfuil i ndán do dheirfiúracha Uí Dhálaigh.
 
Máthair Trump – The President’s Mother
Tagann Síle Nic Chonaonaigh ar scéal beatha Mary MacLeod, máthair Uachtarán Mheiriceá Donald Trump.
 
Mo Shaol do Shaol
Sraith do pháistí ina mbabhtálfaidh beirt, atá go huile agus go hiomlán éagsúil óna chéile, an saol agus caitheamh aimsire ar feadh lá amháin.  Beidh dúshlán mór le baint amach acu roimh dheireadh an lae.
 
Underdogs
Tá Underdogs ar ais agus beirt nua ar an bhfoireann bainistíochta.  Mickey Ned O’Sullivan, iar-chaptaen agus iar-bhainisteoir Chiarraí, agus Caoimhín Ó Casaide, laoch Ghaoth Dobhair agus iar-pheileadóir le Dún na nGall a bheidh i dteannta Valerie Mulcahy Chorcaí, duine de na peileadóirí mná ab fhearr riamh.
 
Tradfest TG4
Sraith ceoil thraidisiúnta agus chomhaimseartha a taifeadadh beo ag TradFest TG4 i gcroílár na hardchathrach á cur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin.
 
Perpetual Grace LTD
Sraith scéinséir as Meiriceá é Perpetual Grace LTD.  Féachann fear óg an dallamullóg a chur ar an Tréadaí Byron Brown ach ní fada go dtuigeann sé gur contúirt cheart é an fear céanna.  Níl bonn bán fágtha ag an Tréadaí ná ag a bhean Lillian ag na céadta duine sa bparóiste.
 
Turas Bóthair
Sraith ina bhfaighimid deis dul ag cúléisteacht ar dhaoine ina gcuid carranna.
 

 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín               Deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Bainisteoir Cumarsáide         0861453527

 

Linda Ní Ghríofa                   linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Eagraí Cumarsáide               0879172864