Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Micheál Ó hÉanaigh – Údarás na Gaeltachta, Bláthnaid de Roiste – Ros na Rún & Niamh Ní Chualáin, Siobhán Ní Ghadhra – Ros na Rún & Alan Esslemont – TG4

Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin le Seoladh ag TG4 & Údarás na Gaeltachta

17.07.19

Sheol an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil, Richard Bruton TD, le Seán Kyne TD, An Príomh Aoire agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin go hoifigiúil, ar an 12 Iúil, in Óstán an Galmont, Gaillimh.

Is scéim nua é seo chruthaigh Is TG4 agus Údarás na Gaeltachta. Is é aidhm na scéime tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí léiriúcháin chun scileanna agus tallann san earnáil a fhorbairt, agus glúin nua tallainne a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt chun cinn le bheith ag obair sa tionscal.

Tá 10 gcomhlacht léirithe ag glacadh páirte sa scéim. Beidh rannpháirtí faoi scáth gach comhlachta agus iad i mbun oiliúna i réimsí scile éagsúla, lena n-áirítear Eagarthóirí, Stiúrthóirí, Taighdeoirí, Léiritheoirí Cúnta & Oifigigh Forbartha Léiriúcháin. Gheobhaidh na hoiliúnaithe taithí luachmhar le linn na bliana leis an gcomhlacht.

Mar aon leis an taithí, beidh ceardlanna oiliúna míosúla á rith do na rannpháirtithe, a bheidh creidiúnaithe ag GMIT agus a thabharfaidh léargas dóibh ar an tionscal. Gheobhaidh gach oiliúnaí tacaíocht bhreise oiliúna i sainscileanna ar leith, le cabhair ó Screenskills Ireland agus Gréasán na Meán. (Skillnets). Tá an scéim á mhaoiniú i gcomhpháirt ag TG4, Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí neamhspleácha.

Is gné lárnach í an scéim seo do Straitéis TG4 chun earnáil na meán Ghaeilge a neartú. Is í mian TG4 tacú le comhlachtaí sna réigiúin lena gcuid gnóthaí a fhorbairt agus a fhás, le go mbeidh siad ag feidhmiú – ní amháin in Éirinn – ach go hidirnáisiúnta. Is cuid den fhorbairt seo í an sruth nua tallainne le Gaeilge a thabhairt chun cinn. Sa bhreis ar sin, tá roinnt sparánachtaí curtha ar fáil faoin scéim do chomhlachtaí, nó daoine atá ag obair sa tionscal cheana féin, chun uasghrádú a dhéanamh ar a gcuid scileanna gnó, nó a ngairmeacha a fhorbairt.

Tá an scéim nuálaíoch bhríomhar seo ag luí freisin le straitéis Údarás na Gaeltachta tacú le cláir oiliúna agus oideachais chun scileanna agus infhostaitheacht sa Ghaeltacht a fhorbairt agus cuirfidh téagar le forbairt sruth tallainne agus scileanna nua san earnáil closamhairc agus meán digiteach Gaeilge in 2019.

Tá na comhlachtaí atá ag glacadh páirt lonnaithe fud fad na tíre, idir Ghaillimh, Ciarraí, Baile Átha Cliath agus an Rinn. Tá sainscil ag na comhlachtaí seo i réimsí éagsúla cláir, ina measc Spórt, Faisnéis, Óige, Drámaíocht agus Ceol. Is iad na comhlachtaí ná Macalla, Midas, Aniar, Fíbín, Telegael, Nemeton, Red Shoe, Iris, Ros na Rún agus Magamedia.

Tá TG4 agus Údarás na Gaeltachta araon ag déanamh infheistíocht shuntasach de €160,000 sa scéim phíolótach seo, chomh maith le hionchur na hearnála neamhspleáiche ina mbeidh na deiseanna fostaíochta agus oiliúna ar fáil.

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864

Cuir aithne orainn: