Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

‘Saol an Mhadra Bháin’ - Sraith Faisnéise Nua ar TG4

Dé Céadaoin 27ú Samhain & 4ú Nollaig @ 21:30

20.11.19

Is sraith ar leith í Saol an Mhadra Bháin a thugann léargas eisceachtúil ar shaolta madraí oibre in Éirinn agus a fiosraíonn an chaoi go bhfuil na gadhar seo ag spreagadh eolaithe agus saineolaithe leighis chun teach tar réiteach d’fhadhbanna sláinte ar fud na cruinne. Insíonn sé scéalta na fir, mná agus páistí Éireannacha atá tar éis a gcaighdeán maireachtála a neartú agus a láidriú de bharr an chomhpháirtíocht nua seo lena madra oibre. Beidh an tsraith seo le feiceáil Dé Céadaoin 27ú Samhain agus 4ú Nollaig mar chuid de séasúr faisnéise na Céadaoine ar TG4.

Is meascán de scéalta daonna agus an eolaíocht a thugann súil eile don sraith seo agus muid ag foghlaim faoin ngaol speisialta a fhásann idir madraí agus úinéirí agus conas a forbraíonn an gaol sin chun leasa sláinte an duine féin.

Taispeánann eolaithe anseo agus thar lear na fionnachtana leighis atá spreagtha ag cumas na madraí agus iad ag cabhrú cúram leighis a chur ar dhaoine le hailse, titeamas, diaibéiteas agus ag treisiú saolta daoine gan radharc na súil agus ag cuidiú le páistí le huathachas. An bhfuil níos mó buanna ag na madraí ná mar a cheapas cheana?

Tríd scéalta na madraí agus na daoine atá cabhair ag teastáil uathu a leanacht cuireann Saol an Mhadra Bháin / The Secret World of Working Dogs ábhar spéisiúil, siamsiúil agus nua os comhair an lucht féachana. Feictear na modhanna traenála agus an próiséas síolraithe nuálaíoch atá i bhfeidhm chun na madraí is fearr a chur ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

Tugann an tsraith chroíúil agus uathúil seo sraithfhéachaint nua ar shaolta na ndaoine atá faoi mhíchumas in Éirinn agus léiriítear an nasc uathúil atá acu le na amdraí a thugann cabhair gan staonadh dóibh. Thar dhá chlár feictear conas a thugann na madraí seo cúnamh agus misneach dóibh siúd atá ag fulaingt de bharr cailleadh radharc na súl, ag maireachtáil le huathachas, agus taispeánfar an bealach a chabhraíonn na madraí se oleo siúd atá buillte ag titeamas, diaibéiteas, scolóis agus diostróife mhatánach.

Is iad Midas Productions a léirigh an tsraith do TG4, agus Ann Ní Chíobháin ón nGráig, i gCorca Dhuibhne an léiritheoir.

Tá cóip den chlár ar fáil ar iarratas.

 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527

Cuir aithne orainn: