Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Nollaig na bPáistí ar TG4

12.12.19

 

Shrek – Lá Nollag 5:30pm
Leagan Gaeilge den scannán Shrek: Is gruagach é Shrek a chónaíonn leis féin sa choill agus a bhfuil faitíos ag muintir Duloc ar fad roimhe. Bíonn suaimhneas breá aige go dtí go ndíbríonn an Tiarna Farquaad gach a bhfuil sna scéalta sí isteach sa choill. Ní bhíonn aon rogha aige ach rud éigin a dhéanamh faoi!

 

Happy Feet Two 23 Nollaig 5:20pm
Leagan Gaeilge den scannán Happy Feet Two: Tá mac ag Mumble agus ag Gloria anois darb ainm Erik. Tá Erik in amhras faoi na buanna atá aige féin. Ach tá nithe eile go leor ag bagairt ar na piongain anois agus caithfidh gach uile dhuine oibriú (agus damhsa) le chéile chun an choilíneacht a thabhairt slán. Leagan Gaeilge arna léiriú ag Abú Media.

 

Spongebob – An Scannán Spúinse as Uisce 3ú Eanáir 5:20pm
(2015, Beochan) Tá saol maith ag SpongeBob SquarePants i Bikini Bottom in éineacht lena chairde Patrick, Squidward, an tUasal Krabs agus Sandy. Ach nuair a ghoidtear oideas rúnda an Krabby Burgar, caithfidh SpongeBob dul i bpáirt lena namhaid mór Planctón agus teacht i dtír chun aghaidh a thabhairt ar an bhfoghlaí mara gránna agus cruálach, Feoil-Feasóg, a bhfuil a phlean féin aige do na burgair speisialta seo.

 

Is Mise Speisialta na Nollag  17- 20 Nollaig @  3:45pm agus 23 – 26 Nollaig @ 8:50am
Tá Ríona leis an lá a chaitheamh in éineacht le Dara ag déanamh pléascóga Nollag agus páipéar beartán. Beidh an-lá ag Cóil ag cuidiú le Mary le brioscaí na Nollag a dhéanamh agus a mhaisiú le reoán. Tá Joey leis an lá a chaitheamh in éineacht lena dhaideo agus a aintín ag ullmhú an chrainn don Nollaig agus tá Róisín leis an lá a chaitheamh in éineacht le Maidhc ag ullmhú feistis do Lá an Dreoilín.

 
 

Gach Maidin ag a 9!  21 Nollaig – 3 Eanáir 

 

Oíche Nollag 24/12: Muireann agus an Litir Chuig Daidí na Nollag 
Tá cailín beag maraithe ag iarraidh foghlaim le scátáil ach nuair a bheirtear deartháir óg di díreach roimh an Nollaig, bíonn sé an-deacair aird ar bith a fháil ó Mhamaí nó Daidí!

 

Lá Nollag 25/12: Zog
Is dragan é Zog a mbaineann timpistí go leor dó go háirithe nuair a bhíonn sé ag iarraidh réalta óir a bhuachan ar scoil. Ach is mar gheall ar na timpistí sin a chastar banphrionsa cumhachtach air.

 

Lá ‘le Stiofáin 26/12: Francach an Bhóthair 
Is gadaí gan mhaith é an Francach, a bhíonn ag goid bia agus sneaiceanna ó na hainmhithe eile. An mbeidh aon duine in ann ceacht a mhúineadh dó?

 

Oíche Chinn Bhliana 31/12: Cat Cliste – Carúl Nádúrtha
Tagann taibhsí agus spioraid ar cuairt chuig an gCat Cliste Oíche Nollag.

 

Is féidir breathnú ar chláir gach lá ar www.cula4.com