Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Lá le Pádraig lán de ‘Laochra’ ar TG4

Lá le Pádraig lán de ‘Laochra’ ar TG4

12.03.19

Déanfar comóradh agus ceiliúradh ar ‘Laochra’ de chineálacha éagsúla, ar TG4 do Lá ‘le Pádraig, i mbliana. (féach blaisín anseo)

Déanfar cúirtéis agus brisfear croíthe ar an bpáirc agus i measc an tslua i bPáirc an Chrócaigh, le linn an chraolta bheo, eisiach, saor go haer, ar Chluiche Ceannais Iomána AIB na gClubanna idir Naomh Tomás (Gaillimh) v Seamróga Bhaile Héil (Cill Chainnigh), a bhfuiltear ag súil go mór leis. (@1.30pm)

Leanfaidh coimhlint eipiciúil eile sin, sa chraoladh beo ar Chluiche Ceannais Peile AIB na gClubanna idir Cora Finne (Gaillimh) v Dr. Crócaigh Chiarraí. (@3.35pm)

(Eolas breise anseo)


Fear amháin a bhfuil suim faoi leith aige sa chluiche áirithe sin ná Colm ‘Gooch’ Cooper, atá faoi chaibidil in eagrán Lá ‘le Pádraig de ‘Laochra Gael’, a chraolfar an oíche céanna ar TG4. An brú, an briseadh croí agus an lúcháir – an scéal atá leis na boinn. Fear é Colm Cooper a raibh bua ar leith aige ar pháirc na himeartha agus a léirigh nach hiad na fir mhóra a bhaineann an fómhar ar fad. Tabharfar léargas san eagrán seo ar an imreoir eisceachtúil seo a tógadh ar ghnáth eastát tithíochta i gCill Airne agus ar an scéal a bhaineann leis an 5 bhonn Uile Éireann agus 8 nGradam All Star atá buaite aige. Déanfar cur síos freisin ar an mbriseadh croí a bhain le  bás a athar. (@5.40pm)

Níos moille tráthnóna, craolfar eagrán speisialta, níos faide, de Nuacht TG4 a thabharfaidh léargas ar pharáidí & ócáidí speisialta eile an lae, ó cheann, ceann na tíre. (@ 7pm)


Laoch beo, bríomhar Éireannach de chineál eile a chuirfidh ‘Ceiliúradh na Féile Pádraig’ inár láthair. Clár speisialta ag ceiliúradh na Féile Pádraig i dteannta Daniel O’Donnell in Amharclann an Market Place in Ard Mhacha. Tá ceangal mór ag Ard Mhacha le Naomh Pádraig agus mar sin níl áit is fearr chun an ceiliúradh bliantúil seo a chomóradh. I measc na n-oirfideach beidh Celticanto, Lemoncello, Rioghnach Connolly, Seán Keane, Colin Foley agus Clancy/Holden/Dunphy, IT Dhún Dealgan agus damhsóirí ‘Jig Jazz’ agus Dylan Millar chomh maith le ceoltóirí Extreme Rhythm, Fusion Trio agus Armagh Pipers Club agus neart eile. (9.30pm)


Cuimhneoimid freisin ar an lá ar chuid de na laochra atá imithe uainn, faraor. Is é an t-ealaíontóir, ceoltóir agus fear tionlacain Alec Finn, a bhásaigh níos luaithe i mbliana, a bheidh faoi chaibidil ar an gclár ‘Sé Mo Laoch’. Ealaíontóir cáilithe é Alec Finn a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna De Dannan. Is de bhunú Yorkshire Shasana é ach tháinig sé go hÉirinn sna 60aidí. Trína chruthaitheacht agus a dhlúththuiscint, mhúnlaigh sé áit dó féin i saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn áit ar cheap sé stíl tionlacain agus rithimí nár chuala aon duine cheana roimhe ach a bhfuil an traidisiún níos saibhre anois dá bharr. (8.30pm)


Tallann eisceachtúil eile ab ea Rory Gallagher, a bheidh le feiceáil sa chlár faisnéise faoin ngiotáraí mór le rá a, a chaith a shaol ag taisteal agus ag ceol. Fear umhal nár stop ag obair riamh agus a choinnigh an slua leis i gcónaí. Aimsir na dTrioblóidí, nuair nach raibh lucht ceoil eile sásta drannadh leis an tír, thug Gallagher camchuairt ar Éirinn agus a bhí a shliocht air – thuill sin lucht leanúna dílis dó go deo. Ba eiseamláir é ag ceoltóirí óga na linne – U2 agus a leithéid. (11.10pm)

Téann muid ag tochailt go domhan sa chartlann chomh maith chun clár faoi leith a chur i láthair an phobail in athuair, as sraith a taispeánadh ar RTÉ in 1975. Tháinig Barney McKenna, nach maireann, ón mbanna The Dubliners agus an boscadóir Tony McMahon le chéile in éineacht leis an bhfear ceamara Seamus Deasy chun an tsraith sé chlár, a ndearnadh athchóiriú uirthi, a sheoladh. (@10.40pm)


Agus mar sméar mhullaigh an chnuasaigh, beidh drámaíocht den scoth againn freisin, in ollchlár ‘Ros na Rún’. Tá Cóilí Jackie cinnte gurb é David a d’íoc beatha na mbeithíoch agus bíonn sé sásta an suíomh a dhíol le David agus Gráinne dá bharr. Níl Bobbi Lee ró-shásta faoi na socruithe codlata atá sa mB&B ach tá a fhios aici nach bhfuil an dara rogha aici agus go gcaithfidh sí a béal a choinneáil dúnta. Tá Berni sásta nach bhfuil a máthair gortaithe ró-dhona agus bíonn sí ar bís í a thabhairt abhaile nó go dtugann an dochtúir drochscéala di.  Tá Tadhg ag iarraidh cúpla líne filíochta a chur ar leac uaighe Maggie, ar chothrom an lae ar bhásaigh sí. (@7.30pm)

Mar sin, níl áit níos fearr go bhféadfá a bheith Lá ‘le Pádraig beag seo chun féasta iontach de mhiotas agus laochra Gaelacha den scoth a bhlaiseadh, ach linne ar TG4.

Tuilleadh eolais:
Trevor Ó Clochartaightrevor.o.clochartaigh@tg4.ie -(087)2476624

Cuir aithne orainn: