Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is Mise

07.03.19

Rinneadh an tsraith nua réamhscoile beo Ghaeilge seo, arna léiriú ag Meangadh Fíbín do TG4, a sheoladh go hoifigiúil inniu ag 4pm Déardaoin an 7 Márta i bPálás na bPictiúr nuair a thug láithreoirí óga faoin gcairpéad dearg ag ócáid de théama na nGradam Oscar do thaispeáint speisialta den tsraith. Taispeánfar na cláir in ionaid éagsúl ar fud na tíre agus fógrófar tuilleadh sonraí faoi sin go luath.

Sraith uaillmhianach í seo faoi cheathrar láithreoirí óga a bheidh ag fiosrú agus ag foghlaim faoin domhan ar a mbealach ar leith féin. Beidh muid i dteannta Ríona, Róisín, Joey agus Cóil ar eachtraí éagsúla agus iad ag foghlaim agus ag tabhairt faoi réimse leathan gníomhaíochtaí i ngach clár, ó chuairt ar mheitheal briogáide dóiteáin go cóiriú bláthanna, ón bhfeirmeoireacht go ceacht hip hap. Cuirtear ábhar nua i láthair i ngach clár, ábhar agus gníomhacht a mbeadh suim ag an aoisghrúpa seo ann.

Tabharfaidh gach láithreoir díobh, láithreoirí a bhfuil togha na Gaeilge acu as Gaeltacht Dhún na Gall, Conamara agus Ciarraí a bpearsantacht ar leith féin chuig an tsraith agus roinneann linn go fírinneach tuairimí pháiste an lae inniu.

Dúirt Mary Bailey, léiritheoir le Meangadh Fíbín, “Tá muid thar a bheith bródúil as an tsraith shiamsúil seo agus don chéad uair riamh ar Cúla 4 na nÓg, beidh sraith beo-aicsin le láithreoirí óga as ceantair Ghaeltachta na tíre. Bhí muid ag iarraidh ábhar siamsúil trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus go bhfeicfeadh an lucht féachana óg ag baile, cainteoirí dúchais a gcomhaois féin ar an scáileán. Is sraith í seo ar bhain muid an-taitneamh as í a léiriú agus tá súil againn go mbainfidh an lucht féachana óg an taitneamh céanna aisti. Is cúis bróid agus onóra dúinn gur shocraigh TG4 an tsraith seo a chraoladh le linn príomh-am sceidil an stáisiúin. Is deis iontach í do lucht féachana TG4 le léargas a fháil ar shaibhreas ár dteanga i measc daoine óga na linne seo, saibhreas atá go smior inár réaltaí óga”.

Taispeánfaidh an tsraith Is Mise… do pháistí gur taiscéalaithe óga iad agus spreagfaidh sí an lucht féachana óg ag baile chun deiseanna éagsúla a aimsiú agus a thapú agus léiríonn sí tiomantas TG4 ábhar dúchasach a léiriú dá sceideal do dhaoine óga.

Is Mise… lán le beocht, fiosracht agus thar aon ní eile, lán d’fhírinne agus spraoi.

Déanfar an tsraith seo a sheoladh go hoifigiúil Déardaoin an 7 Márta i bPálás na bPictiúr i nGaillimh ag 4 i.n nuair a shiúlfaidh na réaltaí óga ar an gcairpéad dearg le linn ócáid cosúil le hoíche na ngradam Oscar sula dtaispeánfar clár le gach láithreoir ar an scáileán mór. Taispeánfar na cláir ar an scáileán in ionaid mórthimpeall na tíre chomh maith sna seachtainí atá romhainn agus beidh tuilleadh eolais ag teacht faoi sin go luath.

Rinne TG4 coimisiniú ar Is Mise le cabhair ó scéim Faoiseamh Cánach Scannán 481.

Beidh Is Mise le feiceáil gach Luan agus Céadaoin ar Cúla 4 na nÓg ag 3i.n ón Luan 11 Márta ar aghaidh. Déanfar, mar chuid den chraoladh speisialta, clár an duine leis na láithreoirí óga a thaispeáint le linn phríomh-am sceidil TG4 an Luan an 18 Márta tar éis na nuachta, ag tosú ag 7:15i.n

Tuilleadh eolais:

Meangadh Fíbín
Mary Bailey, 091-505855
Kathleen Nic Dhonnacha 085-2569812

Cuir aithne orainn: