Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An dóigh leat go bhfuil ar do chumas a bheith mar an chéad Nathan Carter, nó Lisa McHugh eile in Éirinn?

‘Glór Tíre’ ar thóir réalt nua!

14.06.19

An dóigh leat go bhfuil ar do chumas a bheith mar an chéad Nathan Carter, nó Lisa McHugh eile in Éirinn? Más dóigh, tá ‘Glór Tíre’, clár cáiliúil ceol tíre TG4,  ag iarraidh cloisteáil uait. Tá iarratais á chuardach faoi láthair ó amhránaithe ceol tíre do chomórtas na bliana seo.

Má tá tusa ag iarraidh a bheith i d’iomaitheoir ar an gcéad sraith eile do ‘Glór Tíre’, seol isteach físeán (nó nasc Youtube) duit féin ag canadh, chomh maith le do sheoladh, do chuid sonraí teagmhála agus eolas ar bith eile gur mhaith leat a roinnt linn chuig: glortire@gaelmedia.ie roimh 1 Lúnasa 2019 .

Uaslódálfar na hiontrálacha ar fad ar chainéal Youtube, roinnfear iad leis na meantóirí agus roghnóidh siadsan a n-iomaitheoir féin ó na hiontrálacha atá faighte.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith os cionn 18 bliain d’aois ar an 1 Meitheamh 2018. Ní ghlacfar le hiontrálacha tar éis an 1ú Lúnasa 2019.

Tuilleadh Eolais:
Trevor Ó Clochartaigh, (087)2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: