Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gach Céadaoin ón 2 Deireadh Fómhair ag 21:30 go ceann 6 seachtaine mar chuid de Shéasúr Faisnéise na Céadaoine ag TG4

Finné - Sraith 2

26.09.19

Bronnadh gradaim ar an gcéad sraith de chláracha faisnéise Finné agus beidh an dara sraith díobh ar ais ar scáileáin TG4 le fianaise phearsanta na ndaoine ar bhain tréimhsí corraitheacha coscracha leis an saol acu.  Sa tsraith seo, cuirfidh siad a scéal féin ón gcroí amach.

Seo iad na finnéithe agus seo iad a gcuid scéalta…

Tá 12 mí caite i mbun scannánaíochta ar an tsraith ag Tua Films atá lonnaithe i nGaillimh agus is í Orla O’Donnell, comhfhreagraí cúirteanna le RTÉ, a chuirfidh an tsraith i láthair.  Is sraith chorraitheach faisnéise Finné, arna spreagadh ag Netflix, trína dtugtar léargas ar chuid de réimsí coscracha an tsaoil in Éirinn. Trí fhianaise sa chéad phearsa uatha, ríomhtar scéalta ríphearsanta faoi thráthanna bhuaic na maitheasa agus umar na tubaiste, scéal Dháibhí agus scéal Ghóiliat, faoin dásachtach diongbháilte agus faoin bhfaonlag dearóil.  Bronnadh gradam na gCearta Daonna ar Shéasúr 1 ag Gradaim iomráiteacha Meán Cumarsáide an Dlí agus an Chirt sa bhliain 2019.

“Ritheann a ndeir Ida Wells Barnett, bean feachtais den chine Afrai-Mheiriceánach i gcónaí liom agus mé ag smaoineamh ar na scéalta a bhaineann leis an dara séasúr seo,” arsa Paddy Hayes, léiritheoir le Tua Films agus stiúrthóir dhá chlár de shé chlár na sraithe.  “D’áitigh sise: ‘The Way to Right Wrongs is to Turn the Light of Truth Upon Them’. Tugann Finné dóthain ama agus saoirse don uile dhuine a scéal lom láidir a chur in iúl ar a mbealach féin agus solas na fírinne a dhíriú orthu.”

Clár 1: Insíonn Sophia Murphy, as Maigh Eo ó dhúchas, faoina teacht ón uafás agus í ag glacadh sa bhliain 2018 le ciontú a hathar i ndrochíde gnéis uirthi ó bhí sí 3 bliana d’aois.

Clár 2: Tugann Tony O’ Reilly, iarbhainisteoir ar Oifig Poist, cuntas ar an gcaoi ar ghoid sé €1.75 milliún ó An Post agus ar an gcaoi a raibh €10 milliún curtha i ngeall aige trí aon chuntas cearrbhachais amháin le Paddy Power sular cuireadh i bpríosún é.

Clár 3: Cuireann Amy Dunne (nó Miss D) síos ar na cásanna cúirte sa bhliain 2007 agus í ag éileamh go ligfí di taisteal don Ríocht Aontaithe go ndéanfaí ginmhilleadh.  Déagóir a bhí inti ag an am a bhí ag súil le páiste agus mínormáltacht mharfach féatais i gceist.

Clár 4: Insíonn Paddy Merrigan faoin trioblóid a bhí aige leis an tsláinte mheabhrach sula raibh sé in ard a réime mar mharcach rásaíocht capaill agus mar a tháinig deireadh tobann lena ré ina jacaí. Tá sé ullamh anois chun aghaidh a thabhairt ar an saol sin arís.

Clár 5: Tugann an t-iar-Gharda Máirtín Mac Con Iomaire cuntas ar an obair fiosrúcháin a rinne sé maidir le drochíde gnéis agus an tAthair Green i gContae Dhún na nGall, ceann de na cásanna is measa riamh den chineál sin sa tír seo.

Clár 6: Francie McGuigan agus Liam Shannon, beirt “d’fhir na gcochlán” ag cur síos ar an íde a himríodh orthu, ar an meabhair agus ar an gcolainn, le linn a bheith i ngéibheann i mBéal Feirste i rith na 1970idí.
 
Tabharfar léargas grinn sa tsraith 6 chlár nua léirithe 60 nóiméad seo ar na scéalta iomráiteacha seo agus an cuntas á chur i láthair ag daoine ar fhág na heachtraí lorg orthu nó atá ag fulaingt dá mbarr go fóill.  Treisítear arís leis an gcáil atá ar TG4 maidir le hábhar úr dána cláir faoi scéalta mórshuime de chuid na hÉireann.

Tá dea-chlú ar TG4 maidir le cláracha faisnéise agus cuirfidh Séasúr 2 de Finné leis an gcáil sin. Scéalta láidre arna n-insint go paiteanta an bhuntréith le réimse leathan chláracha faisnéise ríspéisiúla TG4 a chraoltar ag 9.30 i.n. ar an gCéadaoin.  Déantar freastal ar an uile dhuine le hábhar ceoil, spóirt, siamsaíochta agus taistil a léirítear i stíl sainiúil de chuid na hÉireann.

Finné, gach Céadaoin ón 2 Deireadh Fómhair go ceann sé seachtaine @ 21:30 ar TG4.

 

Tuilleadh Eolais:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527

Cuir aithne orainn: