Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá Finky, an chéad fadscannán ó scéim Cine4, scéim atá bunaithe ag TG4, Fís Éirinn (FÉ) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) chun tacaíocht a thabhairt do shaothar nua bríomhar fadscannáin as Gaeilge, roghnaithe le taispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Scannán ar leith an scannán ina bhfuil drámaíocht den chéad scoth. Tráthnóna an 11 Iúil ag 6pm a thaispeánfar den chéad uair riamh é in Amharclann Halla an Bhaile.

Fadscannán Cine4 Finky le taispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

11.07.19

Ina theannta sin tá babhta 4 do Cine4 á fhógairt. Mar aon le babhtaí roimhe seo tá critéir áirithe ann. Is é an príomhchritéar do bhabhta 4 ná go gcaithfidh an stiúrthóir a bheith baineann. Is scéim í seo i leith scannáin fhada drámaíochta (90 go 120 nóiméad).  Gach eolas ag www.cine4.ie

Ag labhairt faoi babhta 4 do Cine4 deir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, “Tá drámaíocht trí Ghaeilge i gcroílár na físe atá againn don lucht féachana ó bunaíodh TG4 agus tá duaiseanna idirnáisiúnta agus náisiúnta buaite ag ár gcuid léiritheoirí. Tugann an forás leanúnach atá ar an scéim tábhachtach comhpháirtíochta seo scannánaíocht i nGaeilge chuig leibhéal eile. Is léir ón gcéad scannán faoin scéim, Finky, a chuirfear os comhair an phobail den chéad uair riamh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, go bhfuil baile eile faighte ag ábhar TG4 – an phictiúrlann.  Faoin scéim, tugtar deis do léiritheoirí neamhspleácha in Éirinn a gcumas agus a gcuid scileanna a chur os comhair an phobail ag an leibhéal is airde agus tá súil againn go gcuirfear deiseanna ar fáil dóibh sa mhargadh closamhairc freisin, margadh atá ag éirí níos domhandaithe de réir a chéile, i gcomhair ábhar drámaíochta.” 

Dúirt Michael O’ Keeffe, Príomhfheidhmeannach, Údarás Craolacháin na hÉireann “Tá an-áthas ar Údarás Craolacháin na hÉireann leanúint dá chomhpháirtíocht le TG4 agus Fís Éireann chun tacaíocht a thabhairt don tionscnamh Cine4.   Tacaítear faoin scéim le hábhar craolacháin ar ardchaighdeán in Éirinn a fhorbairt agus treisíonn an scéim tiomantas Údarás Craolacháin na hÉireann chun an teacht atá ag an lucht féachana ar chláir Ghaeilge ar ardchaighdeán a chothú, a chur chun cinn agus a mhéadú.”

Ceiliúradh ar an saol, an grá, an bás agus ar chumhacht na healaíne an cur síos atá déanta ar Finky. Arna chomhscríobh ag Keane agus Diarmuid de Faoite, is scannán é faoi Micí Finky, ceoltóir agus puipéadóir ar mian leis éalú ón am a caitheadh, a thugann a aghaidh go hAlbain in éineacht le seanchara leis chun tabhairt faoi shaol den chineál eile. Ar an gcéad oíche dóibh i nGlaschú, baineann timpiste do Finky agus fágtar gan lúth na ngéag óna bhásta síos é. Bíonn sé i ndroch-chaoi nó go dtagann Carnival Chaotica, compántas sorcais avant-garde, a thugann seans dó ar an saol arís. De réir mar a théann a aistear chun donais agus aistíola, tuigeann Finky go gcaithfidh sé dul i ngleic leis an saol cráite atá caite aige má tá sé le suaimhneas ar bith a fháil.

Maidir le roghnúchán Finky, dúirt an Stiúrthóir Dathaí Keane:

Tá ríméad orm ‘Finky’ a thaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Is mór an onóir é an scannán a bheith roghnaithe ó tharla gur as Gaillimh mé féin agus is minic a d’fhreastail mé ar a bhféile agus mé ag éirí aníos.   Is scannán an-phearsanta é Finky agus táim ag súil é a roinnt leis an lucht féachana den chéad uair.   Is as iarthar na tíre freisin go leor den chliar agus den chriú agus mar sin níl áit is fearr chun an scannán a sheoladh.

Pictiúir ón seoladh ar fáil ó Sean Ó Mainnín 087-2220241

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864

Cuir aithne orainn: