Preas
Tá a chéad mórdheireadh seachtaine spóirt den bhliain nua fógartha ag TG4.
Deireadh Seachtaine Mór Spóirt ar TG4
22.01.19
Idir shraith PRO14 Guinness, Chraobhchomórtas Náisiúnta Cispheile Hula Hoop agus an tSraith Allianz a bheith ar ais, ní féidir a rá gur drochdheireadh seachtaine a bheadh ann le bheith coinnithe istigh más duine tú ar maith leat spórt.
Seo mar a bheidh cúrsaí spóirt ar TG4 an deireadh seachtaine seo:
Dé hAoine 25/01/19
- Rugbaí BEO : Laighin v Scarlets sa i Sraith PRO 14 Guinness – Beo ag 19.20
Dé Sathairn 26/01/19
- Lúthchleasaíocht: Comórtas Idirnáisiúnta Reatha Trastíre Thuaisceart Éireann – Buaicphointí ag 11:05
- Rugbaí BEO: Dragons v Mumha i Sraith PRO 14 Guinness – Beo ag 14:55
- Rugbaí BEO: Cardiff v Connachta i Sraith PRO 14 Guinness – Beo ag 17:10
- Cispheil BEO: Cluiche Ceannais Cispheile Hula Hoop Chorn Pat Duffy na bhFear – Pyrobel Killester agus UCD Marian – Beo ag 19:35
Dé Domhnaigh 27/01/19
- An tSraith Peile Allianz Muineachán V Áth Cliath. Ar an aer ag 13:30 agus ina dhiaidh sin beidh
- Clúdach iarbheo ar an tSraith Iomána Allianz – Loch Garman V Luimneach.
- Cispheil BEO: Cluiche Ceannais Cispheile Hula Hoop Chorn Paudie O’Connor na mBan – Courtyard Liffey Celtics v Singleton SuperValu Brunell – Beo ag 17:25.
Breis Eolas:
Tomás Ó Neachtain – Spórt TG4 – 091-505050, tomas.o.neachtain@tg4.ie