Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Buaiteoirí chomórtas scríbhneoireachta Cúla4 fógartha

Buaiteoirí chomórtas scríbhneoireachta Cúla4 fógartha

28.06.19

Reáchtáil Cúla4 comórtas scríbhneoireachta inár iarradh ar dhaltaí scoile fud fad na tíre scéal a scríobh le deis a bheith acu an scéal a chur i gcló go gairmiúil.

* Catagóir 1 (Rang a 2)

Buaiteoir: Rang 2 – Gaelscoil Mhúscraí, An Bhlarna, Corcaigh

* Catagóir 2 (Rang a 3 & 4)

Buaiteoir: Rang a 3 -Scoil Ursula, Sligeach

* Catagóir 3 (Rang a 5 & 6)

Buaiteoir: Rang a 6 -Scoil Naomh Pádraig, An Fhairche, Gaillimh

An Drochthuras Scoile an téama a roghnaigh Gaelscoil Mhúscraí ina n-insítear scéal faoi thuras scoile nach n-oibríonn amach mar a cheap bhí siad ag súil leis!

An Stoirm a thug Scoil Ursula ar a scéal ina scríobhann siad faoi thaibhse a thaispeánann é féin sa scoil le linn stoirm mhór!

Is Edin ainm scéal Scoil Naomh Pádraig. Sa scéal seo téann cúigear cairde chuig an sorcas áit a gcasann siad ar bhuachaill ar chomhaois leo féin nach bhfuil saol leath chomh maith aige leosan. Cad a dhéanfaidh siad faoi?

Bhí an-spéis sa chomórtas seo agus chuir os cionn seasca scoil isteach ar an gcomórtas. Bronnadh na leabhair ar na scoileanna éagsúla i rith na seachtaine agus bhí ríméad orthu uilig.

Féach ar na húdair óga anseo https://www.facebook.com/Cula4/videos/442000279911953/

Cur aithne orainn www.Cula4.com

 



Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864

Cuir aithne orainn: