Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Buaic-Ghradam Ceoil Thraidisiúnta TG4 le Bronnadh ar an gCruitire Laoise Kelly

Fógraíonn TG4 gearrliosta Gradam Ceoil 2020

12.11.19

Is ar an gcruitire as Maigh Eo, Laoise Kelly a bhronnfar príomhghradam Ghradam Ceoil TG4 2020 ‘Ceoltóir na Bliana’. Is mór an bhrí agus an éifeacht atá léi i saol an cheoil traidisiúnta agus i saol na cruitireachta in Éirinn. Tá a stíl shainiúil féin aici agus, mar sin, is í a bhíonn ag seinm an fhoinn i ngach cuideachta ceoil a mbíonn sí páirteach leo. Bhí sí ar dhuine de na daoine a chuir tús leis an mbanna ceoil na ‘Bumblebees’, agus tá an comhar saothraithe go maith aici le cuid mhór de cheoltóirí clúiteacha an cheoil thraidisiúnta agus i stíleanna ceoil eile. Is díol suntais an saothar atá curtha le chéile aici le Tiarnán Ó Duinnchinn le tamall anuas.

 

Is ar Sharon Howley as Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir a bhronnfar Ceoltóir Óg na Bliana. Fidléir sárealaíonta aigeanta í Sharon a bhfuil athmhúnlú agus mínchóiriú déanta aici ar an gcaoi a sheinntear an veidhlín, scileanna iad seo a chuirtear i bhfeidhm ar an dordveidhil chomh maith agus tá clú agus cáil uirthi dá réir sin.  Seinneann Sharon le Banna Céilí Chill Fhionnúrach agus is le gairid a thosaigh sí ar cheol a chóiriú don bhanna.

Bronnfar ‘Amhránaí na Bliana’ ar fhear na Gaeltachta, Lillis Ó Laoire.  Tá Corn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós buaite ag Lillis faoi dhó, sa bhliain 1991 agus sa bhliain 1994.

Is ar Séamus Connolly as Cill Dalua, Co. an Chláir agus atá lonnaithe i Meiriceá a bhronnfar Gradam Saoil 2020, is ar an gcumadóir Josephine Marsh de bhunadh Co. na Mí agus Co. an Chláir a bhronnfar Cumadóir na Bliana, agus is ar Ned Kelly, as Aonach Úrmhumhan a bhronnfar an Gradam Comaoine.

Beidh Nuacht TG4 ag craoladh beo ó Chathair na Mart ag a 7pm ag seoladh Gradam Ceoil TG4 2020.

Tá Gradam Ceoil TG4 23 bliana ar an bhfód i mbliana, searmanas a thugann aitheantas do scoth na gceoltóirí traidisiúnta.

Seo a leanas liosta iomlán d’fhaighteoirí Gradam Ceoil TG4 2020:

  • Ceoltóir na Bliana: Laoise Kelly
  • Ceoltóir Óg na Bliana: Sharon Howley
  • Gradam Saoil: Séamus Connolly
  • Amhránaí na Bliana: Lillis Ó Laoire
  • Gradam Comaoine: Ned Kelly
  • Cumadóir na Bliana: Josephine Marsh 

 

Is é Gradam Ceoil TG4 an gradam ceoil traidisiúnta is tábhachtaí dá bhfuil ann, ar gradam é a bhronntar uair sa bhliain. Is painéal moltóirí neamhspleácha a roghnaíonn na faighteoirí gach bliain. Ní comórtas atá ann. Bronntar píosa speisialta dealbhóireachta ón dealbhóir clúiteach, John Coll, mar aon le síntiús beag, ar na faighteoirí.

Is le linn mórcheolchoirme i Halla an Waterfront, Béal Feirste, an Domhnach an 23ú Feabhra a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2020 agus is iad Doireann Ní Ghlacáin agus Dónal O’Connor a chuirfidh an ceolchoirm i láthair. Craolfar é beo ar TG4 ag 21:30, áit a mbeidh cairde agus aíonna speisialta eile ceoil ar stáitse in éineacht le lucht na ngradam agus plúr na n-oirfideach, agus beidh réaltaí móra eile i éineacht leo leis an ócáid a chomóradh agus na gradaim á mbronnadh.

Dúirt Ard Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont:

“Fiche is a trí bliana ó shin, cuireadh tús le Gradam Ceoil TG4, gradaim trína dtugtar aitheantas do scoth an cheoil traidisiúnta. Is scéim í atá TG4 thar a bheith bródúil aisti.   Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí na ngradam.  Is léiriú cruthanta iad ar an gceol traidisiúnta, agus tá ríméad orainn i TG4 na gradaim is airde sa cheol gaelach a bhronnadh orthu.  Bronnfar Gradam Ceoil TG4 2020 i Halla an Waterfront i mBéal Feirste don tríú bliain as a chéile, mar thoradh ar chomhpháirtíocht rathúil idir an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, TG4 agus Red Shoe Productions”


Deir Áine Walsh, ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Northern Ireland Screen:
“Tá muid iontach sásta go bhfuil Gradam Ceoil á chraoladh don tríú bhliain i ndiaidh a chéile beo ó Bhéal Feirste i 2020.  Chomh maith le haitheantas a thabhairt do bhuaiteoirí an Ghradaim, tugann sé ardán iontach d’oidhreacht leathan cheoil agus do thallann an Tuaiscirt.  Is iontach an rud é fosta go mbeidh deis ag lucht féachana domhanda amharc ar an cheiliúradh seo”.


Dúirt Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir John Finucane:

“Is ceiliúradh den scoth ar cheol traidisiúnta é an Gradam Ceoil agus tá ardmheas ag lucht leanta an cheoil ar fud na hÉireann agus thar lear air.  Is mór an onóir dúinn arís gur sa Waterfront i mBéal Feirste a bheidh Gradam Ceoil TG4 i 2020, an tríú bliain as a chéile. Táim cinnte gur ócáid den scoth a bheidh san oíche ina dtabharfar ardán don tallann iontach atá ag teacht anseo ar leac an dorais chugainn. Comhghairdeas ó chroí le lucht faighte na ngradam ar fad agus táim ag súil le fáilte a chur rompu i mBéal Feirste i mí Feabhra seo chugainn”.

Tá ticéid ar fáil le ceannach do bhronnadh Ghradam Ceoil TG4 2020 ó https://www.waterfront.co.uk/what-s-on/gradam-ceoil-tg4-2020  nó ag +44(0)2890 334455.

Tá eolas breise le fáil ag www.gradam.ie, nó ar Facebook agus Twitter @GradamCeoil  #Gradam

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527
Linda Ní Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie | 087-9172864

Cuir aithne orainn: