Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Alan Esslemont (TG4), Sinéad Ní Shúilleabháín (Na Piarsaigh), Evanne Ní Chuilinn, Aisling Whitely (Coill Mochuda – Na Crócaigh), Seán Ó Cualáín (Aniar), Richie O’Donnell (Aniar)

'Ár gCLUB' seolta ag Evanne Ní Chuilinn

30.01.19

Aréir ag Clubtheach Cumann Coill Mochuda – Na Crócaigh i mBaile Átha Cliath, sheol an láíthreoir aitheanta spóirt, Evanne Ní Chuilinn, sraith nua 7 gclár  a thugann léargas ar na teaghlaigh, na pobail, agus ar na heachtraí a thiteann amach i gceithre chumann éagsúla CLG le linn na bliana 2018. ‘Ár gClub’ an t-ainm atá ar an sraith, léirithe ag Aniar do TG4 agus beidh sé á chraoladh ón 7 Feabhra. Is iad na cumainn atá i gceist ná: Na Piarsaigh (Co. na Gaillimhe), Na Dúnaibh (Co. Dhún na nGall), Cumann Caide na Gaeltachta (Co. Chiarraí) & Coill Mochuda – Na Crócaigh (Baile Átha Cliath).

Ag tosú: 07/02/19 @ 8pm

#ClubTG4 @AniarTV

Arna léiriú ag Aniar do TG4

Féach Blaisín anseo: https://grabyo.com/g/v/H3Rnd0Fiqyc

Eolas faoin sraith:

Le 2,500 cumann cláraithe ar oileán na hÉireann, is é Cumann Lúthchleas Gael, an eagraíocht cultúir agus spóirt is mó againn. Is beag paróiste nach bhfuil cumann ann agus dá réir is é an cumann áitiúil bunrúta na heagraíochta agus an phobail áitiúil. Sa tsraith 6 clár seo rachaidh muid ar chúl dhathannaí na gcumann CLG chun léargas a fháil ar na pobail, na teaghlaigh agus ar na heachtraí a thiteann amach i gceithre chumann éagsúla le linn na bliana 2018 – CLG na Gaeltachta i gCiarraí, Na Piarsaigh i nGaillimh, Na Dúnaibh i nDún na nGall agus Cill Mochuda- na Crócaigh i mBaile Átha Cliath.

Clár 1: I mí Eanáir 2018, tá Cumann Caide na Gaeltachta ar an mbealach chuig cluiche leathcheannais idirmheánach na gclubanna, iad ag súil áit a fháil sa gcluiche ceannais agus ar dheis imeartha ar Pháirc an Chrócaigh. Thiar i gConamara tá Corn Liam Mhic Cárthaigh tagtha chomh fada le Cumann Peile na bPiarsach an oíche chéanna a bhfuil an chéad seisiún traenála ag na gasúir faoi 8. Ó thuaidh sna Dúnaibh, táthar ag ullmhú do Chomórtas Peile na Gaeltachta, onóir mhór ach tá obair mhór le déanamh roimhe sin. San ardchathair tá fadhb ag an gcumann is mó sa tír, Coill Mhochuda-Na Crócaigh, nach bhfuil dóthain páirceanna imeartha acu.

Clár 2: Tagann foirne as gach áit go Gaeltacht Chorca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí do Chomórtas bliantúil Pháidí Uí Shé atá á reáchtáil ag muintir Uí Shé agus CLG na Gaeltachta. I mBaile Átha Cliath, tá Club Chill Mochuda na Crócaigh ag iarraidh Camógaíocht a chur chun cinn sa bparóiste. Caitheann na cailíní ar an bhfoireann faoi 12 agus a dtuismitheoirí dul i ngleic le cúrsaí tráchta. Ceal airgid i dTír Chonaill, tugann baill chumann na nDúnaibh faoin seastán nua a thógáil iad féin. Agus i gConamara, tá imní ar bhainisteoir fhoireann na mban i Ros Muc nach mbeidh dóthain imreoirí aige le foireann a chur chun páirce.

Clár 3: Tá craobh sinsear Chiarraí ag tosú agus tá pobal na Gaeltachta dóchasach ach is le Curaidh an Chontae, Crócaigh Chill Airne, atá siad sa gcéad chluiche. Tá féile camógaíochta á reáchtáil ag Cill Mochuda na Crócaigh agus labhraíonn an t-imreoir idirchontae Fergal Whitely faoin gcoimhlint idir club agus contae. Éiríonn le foireann ban na bPiarsach foireann a thabhairt le chéile dá gcéad chluiche ach cé mar a éireoidh leo ar pháirc na himeartha? Anois go bhfuil deireadh seachtaine Chomórtas Peile na Gaeltachta beagnach linn, tá imircigh ó ar fud an domhain ag filleadh abhaile ar na Dúnaibh don imeacht is mó i stair an chlub.

Clár 4:Comórtas Peile na Gaeltachta linn sa deireadh agus tá idir bhród agus bhís ar oifigigh, imreoirí agus lucht leanta Chumann CLG na nDúnaibh. Tá obair mhór déanta ag an gcumann ar a gcuid áiseanna le go mbeidh siad sásúil do na sluaite a bheidh ag triail ar an gcomórtas ach cén chaoi a bhfuil foirne na bhfear agus na mban réitithe? Gan foireann na mban ach dhá bhliain ar an bhfód, an bhfuil an taithí acu leis an gcraobh a thabhairt leo.  Tá slua imirceach sa bhaile don fhéile agus cuireann sin brú ollmhór ar fhoireann na bhfear an Corn a bhuachan don chéad uair ó 1982.

Clár 5: I gCorca Dhuibhne tá feirmeoirí an cheantair ag obair go dian sna páirceanna ag sábháil an fhéir roimh chluiche cinniúnach an deireadh seachtaine, áit a gcinnteodh bua sa gcluiche stádas na Gaeltachta i ngrád na sinsear. Tá cluiche tábhachtach craoibhe iomána le himirt ag Fergal Whitely agus Cill Mochuda na Crócaigh, iad sa mbabhta leathcheannais le seaimpíní na hÉireann, Cuala. I gConamara, feicfimid mar atá ag éirí le foirne faoi aois na bPiarsach atá, ceal imreoirí, tagtha le chéile leis an mbaile is gaire dóibh  chun foireann a chur chun páirce agus beidh deis iontach ag mná an chumainn a gcéad chluiche i mbliana a bhuachan.

Clár 6: Tá iománaithe Chill Mochuda na Crócaigh i gcluiche ceannais an chontae don tríú bliain as a chéile, iad buailte le dhá bhliain anuas. Tá imreoirí agus lucht leanúna an chumainn ag súil nach amhlaidh a bheidh arís i mbliana. I gCorca Dhuibhne,  tá déanta go maith Cumann na Gaeltachta i bhfeachtas áitiúil bailiúcháin airgid do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019. Tá obair tosaithe cheana féin ar pháirc nua. I gConamara, tá na Piarsaigh ag fáil faoi réir do chluiche ceannais faoi aois.

Clár 7: Sa gclár deiridh sa tsraith, is é am na cinniúna é do na cumainn éagsúla. Beimid i dteannta iománaithe agus lucht leanúna Chill Mochuda na Crócaigh agus iad ag fáil faoi réir le cluiche ceannais sinsear Átha Cliath a imirt arís. Tá an teannas agus an brú le brath go láidir in Iarthar Chiarraí freisin mar go bhfuil foireann sinsear na Gaeltachta ag fáil faoi réir do chluiche dícháilithe. Má chaileann siad, dícháileofar iad go dtí an grád idirmheánach. I gConamara, tá cinneadh crua le déanamh ag mná na bPiarsach faoi thodhchaí fhoireann Pheil na mBan an chumainn. An í seo an bhliain deiridh ag an gcumann?

Breis Eolais:

Léiritheoir: Seán Ó Cualáin |  091 572913 |  0879480684  |  sean@aniartv.ie
Stiúrthóir: Richie Ó Domhnaill | 087 2859749 | richie.odonnell@gmail.com

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: