Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Spriocdháta: An 13 Meán Fómhair, 2019
Uaslódáil aighneachtaí chuig: http://update.tg4.ie/ecomm/login.php

An Ciste Forbartha Idirnáisiúnta Ceilteach

06.06.19

Tá áthas ar BBC ALBA (a bhfuil maoiniú faighte aige ó MG ALBA), S4C, TG4 agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann (ILBF) an dara babhta den ‘Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach’ a fhógairt, babhta comhchoimisiúnaithe bliantúil idir craoltóirí agus maoinitheoirí teilifíse sna teangacha Ceilteacha in Albain, sa Bhreatain Bheag, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann.

Is é aidhm ‘an Chiste Idirnáisiúnta Cheiltigh’ comhfhorbairt a spreagadh agus comhléiriúcháin ina dhiaidh sin trí Gháidhlig, an Bhreatnais agus an Ghaeilge agus na léiriúcháin sin, a ceapadh ar dtús sna teangacha Ceilteacha, a scaipeadh ar fud na hEorpa agus an domhain.  Táthar ag súil go dtabharfaidh an Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach deis do lucht déanta scannán saothair ar leith agus uaillmhianach a fhorbairt agus a léiriú i gcomhar a chuirfidh go mór le sceideal príomhama na gcraoltóirí, a mbeidh tionchar acu ar lucht féachana náisiúnta in Albain, sa mBreatain Bheag, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann agus a mbeidh sé mar aidhm acu dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain. 

Ceithre sheánra atá i gceist sa ghlao seo, Fíorasach,  Formáidí, Páistí (Fíorasach agus Drámaíocht) agus Drámaíocht.  Meastar go mbeidh céim forbartha i gceist maidir le gach tionscadal faoina gcuirfear maoiniú ar fáil ní hamháin chun smaointe a fhorbairt ach chun an creat comhléiriúcháin a fhorbairt, creat nach mór gné den léiriúchán a bheith ar siúl in Albain, sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann.   Cuirfear fáilte roimh aiseolas ó léiritheoirí maidir leis na seánraí a chóir a bheith san áireamh amach anseo faoin gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach.

Comhfhoireann coimisiúnaithe a riarfaidh An Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na craoltóirí agus maoinitheoirí sna teangacha Ceilteacha agus ar páirtithe iad sa scéim seo.  Ní mór aighneachtaí i dtaobh smaointe agus an lón físe a dhéanamh go leictreonach in aon cháipéis pdf amháin agus na buiséid a bheith in aon cháipéis excel amháin.  Ní mór don ‘phríomhchuideachta’ i dtionscadal comhfhorbartha clárú ar dtús ar ardán ríomhchoimisiúnaithe TG4 http://update.tg4.ie/ecomm/login.php agus a gcuid aighneachtaí a uaslódáil faoin dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí chuig an rannóg chuí, ‘Ceilteach Fíorasach 2019’, ‘Formáidí Ceilteacha -Siamsaíocht 2019’ ‘Ceilteach Fíorasach 2019’, ‘Siamsaíocht Fhíorasach Cheilteach do Pháistí 2019’, ‘Páistí, Drámaíocht do Dhaoine Óga 2019’ agus ‘Drámaíocht Pobail as a Chéile’ .

Beidh an maoiniú forbartha inaisíoctha sa chás is go rachaidh an aighneacht ar aghaidh chuig céim an léiriúcháin,  beidh an aisíocaíocht dlite nuair a chuirfear tús leis an léiriúchán. Fanfaidh an mhaoin intleachtúil leis na cuideachtaí léiriúcháin comhfhorbartha ar bhealach comhroinnte a bheidh le comhaontú eatarthu féin.

 

AIGHNEACHTAÍ A CHUR FAOI BHRÁID AN CHISTE IDIRNÁISIÚNTA FORBARTHA CHEILTIGH 2019/2020

Fíorasach – Tionscadail Uaillmhianacha a Fhorbairt 

 

  • Cuirfear fáilte roimh smaointe fíorasacha a bhfuil uaillmhian mhór ag baint leo agus a mbeidh tóir ag lucht féachana in Albain, sa Bhreatain Bheag, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann orthu agus a rachaidh i bhfeidhm orthu agus a bheifear ábalta a dháileadh i dtíortha ar fud an domhain.
  • Breithneofar gach seánra fíorasach, idir dhaonspéis, spórt, cheol, stair, na healaíona agus choireacht.
  • Is mian linn smaointe comhaimseartha nó smaointe stairiúla a bhfuil gné chomhaimseartha ag baint leo a spreagadh chomh maith le tionscadail a chuireann insint leanúnach agus dhrámatúil atá fréamhaithe i gcarachtair tharraingteacha ar fáil.
  • Ba chóir go mbeadh na tionscadail fhíorasacha ábalta aird an lucht féachana a tharraingt ag príomhamanna teilifíse agus go mbeadh teacht ag lucht féachana ar fud an domhain (craoladh, amharclainne agus ar líne) ar ár seirbhísí ar líne faoi seach agus trí dháileadh.
  • Is féidir le tionscadail a bheith:
  • ina gcláir faisnéise uair an chloig nó ina gcláir faisnéise fhada.
  • ina sraitheanna fíorasacha a bheidh idir 3 go 6 uair an chloig ar fhad.
  • ina gcláir dhráma faisnéise – cláir aonair nó sraith.
  • Leibhéal an mhaoinithe forbartha atá ar fáil: ag brath ar an tionscadal.

 

  • Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?: Cuideachtaí léiriúcháin a bhfuil saineolas acu ag obair ar chláir fhíorasacha i gceann amháin de na teangacha Ceilteacha ar a laghad agus atá ábalta comhpháirtithe idirnáisiúnta sna limistéir Cheilteacha eile a aithint.
  • Nithe atá le cur ar aghaidh:
  • Cúrsaí Eagarthóireachta:  Achoimre ghearr (suas le 30 focal) agus cur síos (suas le leathanach A4 amháin) ar an smaoineamh, ar na carachtair, mar a dhéanfar an smaoineamh a fhorbairt, an tuin agus mar a mheallfaidh an scéal seo an lucht féachana ar theilifís phríomhama.
  • Plean forbartha lena n-áirítear sonraí eagarthóireachta agus gnó maidir leis an tslí a dtabharfar an tionscadal go dtí caighdeán lena chur san iomaíocht do mhaoiniú mór domhanda.
  • An Fhoireann: Nótaí maidir le láidreachtaí léiriúcháin na príomhchuideachta agus na cuideachta comhléiriúcháin agus mar a oibreoidh an comhoibriú cruthaitheach agus gnó seo i ndáil leis an tionscadal seo agus ina dhiaidh sin.
  • Buiséad forbartha agus plean airgeadais mionsonraithe.

 

Formáid – Fíorasach/Siamsaíocht

Tá S4C, TG4 & ILBF ag lorg bunsmaointe do chláir siamsaíochta fíorasaí nó bunsmaointe i bhformáid fhíorasach gan script a mbeidh ábhar den scoth, gan choinne agus nach mór a fheiceáil ag baint leis a bheidh taitneamhach do lucht féachana de gach glúin ar fud na dtíortha Ceilteacha agus lasmuigh díobh.

Táthar ag súil teacht ar fhormáid nua, ar leith agus ann féin a mbeidh mórtas ag na Tíortha Ceilteacha as agus a mbeidh tóir uirthi ar fud na dtrí náisiún. Ní mór do smaointe a bheith cruthaitheach agus misniúil agus go rachadh siad i bhfeidhm ar an duine – cibé le gáire, deoir nó geit a bhaint as an duine agus ag an am céanna go ndéanfaí sin ar bhealach nádúrtha.

Is é an aidhm formáid a mbeidh luach ar airgead ag baint leis a fhorbairt, a mbeifear ábalta sraith rathúil, sholúbtha a dhéanamh as agus a mbeifear ábalta an tsraith sin a thabhairt ar ais arís agus í a léiriú go neamhspleách nó sraith i ndiaidh sraithe sna réigiúin Cheilteacha agus lasmuigh díobh.

Ní mór na nithe seo a leanas a áireamh i dtionscadail:

Nithe atá le cur ar aghaidh: Gearr-achoimre, cóiriú don fhormáid agus mar a bheadh sé i gceist na cistí forbartha a úsáid chun ábhar píolótach fiúntach a léiriú. Smaoineamh amháin a roghnófar ar a mbronnfar an ciste forbartha chun clár píolótach a dhéanamh lena sheachadadh faoi Mhárta 2020.

 

Drámaíocht – cláir drámaíochta pobail as a chéile

2 x 60’ (ar féidir leagan eile 90’-110’ a dhéanamh de)

Tá BBC ALBA in Albain, TG4 in Éirinn agus an ILBF i dTuaisceart Éireann ag lorg tograí do dhrámaíocht nuálach phríomhshrutha a oibreoidh i limistéar teoranta, aonair nó i gcnuasach de seiteanna.

Is é an aidhm atá leis ná an próiseas léiriúcháin as a chéile a shimpliú ar bhuiséad beag go meán-raoin. Dá bhrí sin, táimid ag lorg pobal nó domhan as féin, a bheidh inroinnte agus ar féidir an scéal a bhaineann leis a insint as féin ach go réidh i nGáidhlig agus i nGaeilge.

Ní mór don dearadh a bheith cineálach nó go mbeadh sé éasca é a chur in oiriúint maidir le gach comhthéacs náisiúnta. Ach ní mór don choincheap a bheith cineamatach ina scóip – ní fhéadfaidh an iomarca de ghnéithe an stáitse ná na hamharclainne a bheith ag baint leis.

Is éard atáthar ag iarraidh a bhaint amach ná go dtarraingeofar an lucht féachana is mó agus féidir – in Albain, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.  Tá croí, inchreidteacht agus tuiscint ríthábhachtach. Ní mór luí a bheith ag an lucht féachana láithreach leis an scéal.

Cuirfear fáilte roimh an gcuid is mó de sheánraí – ré, scéinséir, coireacht, mistéir, coiméide agus mar sin de – ach nílimid ag iarraidh go mbeidh na seánraí sin ródhírithe ar lucht féachana faoi leith – mar sin níl aon sci-fi ná uafás uainn.

 

Leibhéal na cistíochta forbartha atá ar fáil: ag brath ar an tionscadal.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh? Cuideachtaí léiriúcháin a bhfuil taithí acu ag obair leis an drámaíocht i nGáidhlig nó i nGaeilge atá ábalta comhpháirtithe idirnáisiúnta a aithint.

Nithe atá le cur ar aghaidh:

  • Achoimre ghearr (suas le 30 focal) agus cur síos (suas le ceithre leathanach A4)
  • Nótaí maidir leis an bPríomhthallann.
  • Buiséad forbartha agus plean airgeadais.

 

 

Siamsaíocht Fhíorasach do Pháistí (Ciste Ábhar BFI do Dhaoine Óga (YAC) Comhléiriú Ceilteach)

Tá BBC ALBA in Albain, S4C sa Bhreatain Bheag agus TG4 in Éirinn ag lorg formáid siamsaíochta fíorasaí do pháistí. Is ar mhaithe le páistí idir 7-13 bliana d’aois a dhéanfar an comhléiriú seo agus bainfidh an t-ábhar leis na tíortha Ceilteacha ar fad.

De bharr nach ndéanann roinnt craoltóirí ábhar atá beo a dubáil agus nach mbíonn teacht ag páistí i gcónaí ar fhotheidil, ní mór den chur chuige a bheith nuálach.

Is féidir le smaointe a bheith bunaithe ar rige socraithe, ar fhormáid láidir, nó ar sheit roinnte i stiúideo mar shampla. Tá suim ar leith againn i bhformáidí a bhaineann leis an stair, an stair bheo nó clár eachtraíochta atá bunaithe ar an stair agus ar an tírdhreach comhroinnte atá againn.  Breithneofar aon ré, áit nó cur chuige. Beidh an tsraith mór, uaillmhianach, spraíúil agus tarraingteach go leor le dul san iomaíocht le roinnt de na brandaí páistí is fearr atá á gcur ar fáil ar ardáin eile.

Beidh ar an bhformáid teorainneacha teanga a thrasnú i.e. go mbeidh leaganacha ar leith den tsraith chéanna ar fáil i nGaeilge, i nGáidhlig agus i mBreatnais; sa chás go bhfuil an trí theanga dhúchasacha san áireamh sa bhformáid, go bhfuil an cur chuige ilteangach fíor-nuálach agus go n-oibríonn sé i gcás gach tíre.

Tá an Ciste Ábhar do Dhaoine Óga oscailte anois, agus is é an aidhm atá leis ná branda Idirnáisiúnta de na Náisiúin Cheilteacha a fhorbairt a bheidh incháilithe don chiste. Is féidir tuilleadh sonraí faoin gciste a fháil anseo

https://www.bfi.org.uk/supporting-uk-film/production-development-funding/young-audiences-content-fund

Cláir – 8 x 30′ seans

Lucht féachana – 7-13 bliana

 

Drámaíocht do Pháistí agus do Dhaoine Óga (Ciste Ábhar BFI do Dhaoine Óga (YAC) Comhléiriú Ceilteach sa Drámaíocht) 

Tá BBC ALBA in Albain, S4C sa Bhreatain Bheag agus TG4 in Éirinn ag lorg sraith drámaíochta do pháistí. Ba chóir an comhléiriúchán seo a bheith feiliúnach do pháistí atá idir 7-13 bliana d’aois agus go dtabharfaí léiriú sa tsraith ar an saol mar a fheictear dóibhsean é.

Bíonn tóir ag an aoisghrúpa seo ar dhrámaíocht ar ardchaighdeán agus ba chóir an tsraith seo a bheith uaillmhianach, ábhartha, nuálach agus comhaimseartha. Beidh an drámaíocht seo san iomaíocht le roinnt den ábhar páistí is fearr ar ardáin eile a bhfuil script leis.

De bharr nach ndéanann roinnt craoltóirí ábhar atá beo a dubáil agus nach mbíonn teacht ag páistí i gcónaí ar fhotheidil, ní mór den chur chuige a bheith nuálach.

Beidh ar an bhformáid teorainneacha teanga a thrasnú i.e. go mbeidh leaganacha ar leith den script chéanna ar fáil i nGaeilge, i nGáidhlig agus i mBreatnais; sa chás go bhfuil an trí theanga dhúchasacha san áireamh sa drámaíocht go bhfuil an cur chuige ilteangach fíor-nuálach agus go n-oibríonn sé i gcás gach tíre.

Tá an Ciste Ábhar do Dhaoine Óga oscailte anois le haghaidh iarratas agus is é an aidhm atá leis an nglao seo ná go ndéanfar ábhar beo a bhfuil script leis a fhorbairt a bheidh incháilithe.

Is féidir tuilleadh sonraí faoin gciste a fháil anseo

https://www.bfi.org.uk/supporting-uk-film/production-development-funding/young-audiences-content-fund

Cláir –  6 x 30’ seans (Is féidir fad na sraithe agus fad na drámaíochta a phlé.)

Lucht féachana – 7-13 bliana

 

Is féidir ceisteanna maidir leis an bpróiseas aighneachta a bhaineann leis an gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach a chur ar aghaidh chuig Anna Marie Nic Dhonnacha Anna.Marie.Nic.Dhonnacha@tg4.ie

Maidir le ceisteanna níos leithne a bhaineann leis an gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach déan teagmháil le duine d’fheidhmeannaigh an chraoltóra/an mhaoinitheora.

BBC ALBA (Fíorasach)– Margaret Cameron margaret.cameron@mgalba.com

BBC ALBA (Páistí agus Drámaíocht) – Bill MacLeod bill.macleod@mgalba.com

S4C – Non Griffith –  non.griffith@s4c.cymru

TG4 – (Fíorasach) – Proinsias Ní Ghráinne Proinsias.ni.ghrainne@tg4.ie 

TG4 – (Formáidí & Cláir Fhíorasacha Staire & Dhrámaíochta)- Máire Ní Chonláin maire.ni.chonlain@tg4.ie

TG4 – (Daoine Óga) – Siobhán Ní Bhrádaigh siobhan.ni.bhradaigh@tg4.ie

TG4 – Mary Ellen Ní Chualáin maryellen.ni.chualain@tg4.ie

Scáileán Thuaisceart Éireann/ILBF – Áine Walsh Aine@northernirelandscreen.co.uk

 

 

Maidir le cuideachtaí léiriúcháin atá ag iarraidh dul i bpáirt le cuideachtaí eile sna limistéir Cheilteacha, is uirlis áisiúil é ‘Eolaire Comhnasctha an CMF’ http://www.celticmediafestival.co.uk/connect/directory agus moltar clárú leis an Eolaire sin ar dtús.

 

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864, linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: