Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

A Jar with Brendan Behan ar TG4 amárach i gcuimhne ar Niall Tóibín

14.11.19

Craolfar ‘A Jar with Brendan Behan’ oíche amárach Dé hAoine 15ú Samhain ag 20:30 ar TG4 i gcuimhne ar an aisteoir agus fear grinn Niall Tóibín a cailleadh an t-seachtain seo. 

Seó aonair é ‘A Jar with Brendan Behan’ ó na 70í ina bhfuil Niall Tóibín i bpáirt Brendan Behan.

Ba í Birgitta Pierre, bean ón tSualainn a bhí ag obair mar thaighdeoir le RTÉ a bhí i mbun stiúrtha agus Godfrey Graham a léirigh an clár. 

Bhí cáil ar Tóibín ina rólanna éagsúla mar Behan, bhí sé i bpáirt Behan freisin i ‘Borstal Boy’ ar Broadway agus bhí an-suim aige i saothar Behan.  

Craoladh an clár seo den chéad uair riamh ar theilifís in Éirinn ar TG4 i mí Márta na bliana seo.

Suaimhneas síoraí dá anam uasal. 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527

Cuir aithne orainn: