Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Chun a gcomhpháirtíocht nua straitéiseach a cheiliúradh sheol páirtnéirí ‘An Chiste Idirnáisiúnta Cheiltigh’, sraith sé chlár ‘The Wall’ inniu (Dé Luain an 15ú Deireadh Fómhair) a chraolfaidh an craoltóir Breatnaise S4C, an craoltóir Gaeilge TG4 agus an craoltóir sa Chóiré JTV.

'The Wall' - Comhléiriúchán Nua Ceilteach Seolta ag MIPCOM

15.10.18

Tá an tsraith, ar comhléiriú é idir Rondo sa Bhreatain Bheag agus Rosg in Éirinn, le craoladh i dtús na bliana 2019.

Faoin ‘gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach,’ reáchtáiltear babhta cómhaoinithe gach bliain idir craoltóirí agus maoinitheoirí teilifíse sna teangacha Ceilteacha in Albain, an Bhreatain Bheag, Éire agus Tuaisceart Éireann.

Is iad BBC ALBA (le maoiniú ó MG ALBA), S4CTG4 agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Northern Ireland Screen (ILBF) a bhunaigh an Ciste.

Is é aidhm an Chiste Idirnáisiúnta Cheiltigh comhfhorbairt a spreagadh agus comhléiriúcháin ina dhiaidh sin trí Gháidhlig, an Bhreatnais agus an Ghaeilge agus na léiriúcháin sin, a ceapadh ar dtús sna teangacha Ceilteacha, a scaipeadh ar fud na hEorpa agus an domhain.

Tabharfaidh An Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach deis do lucht déanta scannán obair ar leith agus uaillmhianach a fhorbairt agus a léiriú i gcomhar a chuirfidh go mór le sceideal príomhama na gcraoltóirí, a mbeidh tionchar acu ar lucht féachana náisiúnta in Albain, sa mBreatain Bheag, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann agus a mbeidh sé mar aidhm acu dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain.

Trí sheánra a bhí i gceist sa chéad ghlao – Fíorasach, Drámaíocht agus Beochan. Rachaidh na tionscadail ar fad a n-éireoidh leo faoi chéim forbartha ina gcuirfear maoiniú ar fáil chun smaointe agus creat comhléiriúcháin a fhorbairt agus ina gcaithfear gné de a léiriú in Albain, sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann.

Comhfhoireann coimisiúnaithe a riarfaidh An Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na craoltóirí agus maoinitheoirí sna teangacha Ceilteacha agus ar páirtithe iad sa scéim.

Tá fáilte curtha ag Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, roimh an tionscnamh nua comhléiriúcháin: “Tá ábhar a bhfuil luach ard léiriúcháin ag baint leis lárnach i meáin an lae inniu, cláracha atá á maoiniú ag ollchomhlachtaí saibhre. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go rachadh TG4 ag obair le páirtnéirí chun timpeallacht a chruthú ina mbeidh ár gcuideachtaí neamhspleácha féin in ann smaointe den chéad scoth a chur i lár an mhargaidh idirnáisiúnta. Mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht nua Cheilteach seo, chomh maith le tionscnaimh EBU le déanaí do chomhléiriúcháin san Eoraip, beidh TG4 ina pháirtí tábhachtach i margaí déanta clár san Eoraip agus ar fud an domhain a chuirfidh ar ár gcumas cláir ar chaighdeán níos fearr a chur faoi bhráid ár lucht féachana.”

Tá fáilte curtha ag Ceann an ILBF, Áine Walsh, roimh an tionscnamh nua comhléiriúcháin: “Tá ríméad orainn a bheith páirteach sa tionscnamh seo a chuirfidh ar chumas léiritheoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann dul i mbun oibre lenár gcomhghleacaithe Ceilteacha chun ábhar a fhorbairt a mbeidh an domhan mór in ann sult a bhaint as. Beidh an earnáil léiriúcháin níos láidre agus níos forbartha mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht nua seo agus táimid ag súil leis an ábhar nua fíorasach, drámaíochta agus beochana a thiocfaidh as, ábhar ar ardchaighdeán léiriúcháin de bhunadh na gCríoch Ceilteach a fhágfaidh a rian ar an margadh domhanda.”

Dar le Amanda Rees, Stiúrthóir Ábhair Chruthaithigh S4C: “Deis atá sa Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach dúinne tabhairt faoi chomhpháirtíochtaí rí-thairbheacha lenár gcomhghleacaithe craolacháin sna tíortha Ceilteacha, chun an tallann mhór chruthaitheach atá ann inár measc a thabhairt le chéile.”

“Sraith í The Wall a fhéachfaidh ar chuid de na nithe is conspóidí a chothaíonn deighilt ar fud an domhain agus na scéalta sin á n-insint ag teaghlaigh agus ag pobail ar an dá thaobh. Is sraith í seo atá tráthúil agus ábhartha do lucht féachana ar fud an domhain agus is sampla den chéad scoth í den méid is féidir a dhéanamh nuair a chomhoibríonn craoltóirí le chéile.”

Dúirt Iseabail MacTaggart, Stiúrthóir Straitéise & Comhpháirtíochta ag MG ALBA freisin: “Táimid uaillmhianach i dtaobh na hearnála léiriúcháin agus dar linne is deis é an tionscnamh seo do chuideachtaí léiriúcháin dul san iomaíocht ar ardán domhanda chomh maith le hábhar nua agus níos fearr a chruthú do lucht féachana BBC ALBA.  Cuirtear le caighdeán an ábhair agus leis an líon daoine a fheicfidh é trí thabhairt faoi chomhoibriú idirnáisiúnta.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: