Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Beidh TG4 i lár an aonaigh arís ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo agus muid ag craoladh beo, ag seoladh cláir agus aip nua ‘Molscéal’, ar thóir duaiseanna ag na Gradaim Chumarsáide agus ag léiriú saibhreas cartlainne an stáisiúin ann.

TG4 i Lár an Aonaigh ag Oireachtas na Samhna

31.10.18

Is í aip MOLSCÉAL an chéad aip ina gcuirtear gearrfhíseáin Ghaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge ar líne in aon áit amháin. Is scéalta físe, pobalbhunaithe iad arna gcruthú ag painéal de scéalaithe físe. Tá ábhar siamsaíochta, nuachta, cartlainne agus spóirt ar fáil ar MOLSCÉAL.  An léachtóir agus craoltóir aitheanta, Aodh Ó Coileáin, a sheolfaidh an aip go hoifigiúil, ag 5.30pm Déardaoin.

Beidh réimse leathan d’ábhar á chraoladh beo ar TG4 ó Oireachtas na Samhna arís i mbliana. Beidh Nuacht TG4 ag teacht beo ó Chill Airne san oíche Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn ag 7pm.  Craolfar an clár siamsaíochta ‘Lár Stáitse’ ag 8pm ar an Aoine agus beidh an comórtas damhsa ar an sean-nós ‘Steip’ againn beo ar an Satharn ó 1.30pm.

Chomh maith leis sin, beidh cuid mhaith ábhar breise le fáil i mbliana ar ardáin ar líne TG4. Beidh na Gradaim Chumarsáide beo ar shuíomh TG4 san oíche Dé Céadaoin. Beidh teacht ar an suíomh chomh maith ar an amhránaíocht sean-nóis mar a mbeidh Comórtas na mBan, Comórtas na bhFear agus Corn Uí Riada á gcraoladh beo. Beidh an comórtas amhrán nuachumtha do dhaoine óga, ‘Beo’ againn ar an Déardaoin chomh maith, mar aon leis na comórtais agallamh beirte, lúibíní, amhráin saothair & sceitse (daoine fásta) Déardaoin agus Dé hAoine.

Tá fáil go héasca ar na sonraí agus na craoltaí seo ar fad ag www.tg4.ie/oireachtas.

Tabharfar aitheantas faoi leith freisin do Sarah Ghriallais, amhránaí aitheanta sean-nóis, mar a dtaispeánfar den chéad uair clár nua leis an gcomhlacht léiriúcháin  Aniar TV, faoina saol agus a saothar – ‘Sé Mo Laoch – Sarah Ghriallais’ – ag ócáid ag 5.00pm ar an Aoine.

Seolfar sraith do dhaoine óga maidin Dé Sathairn chomh maith, ‘Ár Scéal’, le Meangadh Fíbín, 52 clár ealaíne agus scéalaíochta agus beidh sin ar siúl mar chuid de chóisir Cúla4.

Údar bróid do TG4  go bhfuil Gradam Saoil le bronnadh ar Iar-Leas-Cheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha ag na Gradaim Chumarsáide agus go bhfuil go bhfuil cláir, scannáin, láithreoirí, iriseoirí agus ábhar digiteach dár gcuid ainmnithe do dhuaiseanna éagsúla eile.

Tabharfar léargas i mbliana freisin ar shaibhreas chartlann TG4 mar a mbeidh taispeántas speisialta againn ag Aonach an Oireachtais agus treoir le fáil ann maidir leis na cláir, ceol, amhráin agus ábhar oideachais eile atá ar fáil tríd suíomh gréasáin TG4.

Tá liosta de na hócáidí ar fad a mbeidh baint ag TG4 leo ag Oireachtas na Samhna anseo:

CLÁIR DE CHUID TG4 A CHRAOLFAR AS OIREACHTAS NA SAMHNA 2018

Dé Céadaoin an 31 Deireadh Fómhair 2018 

Déardaoin an 1 Samhain 2018 

Dé hAoine an 2 Samhain 2018 

Dé Sathairn an 3 Samhain 2018 

Imeachtaí Eile TG4 ag Oireachtas na Samhna 2018 

Déardaoin an 1 Samhain 2017 

  • Seoladh Aip Molscéal  (5.30pm) Ballroom, Óstán Gleneagle

Dé hAoine an 2 Samhain 2017 

  • Seoladh ‘Sé Mo Laoch  (5.00pm) Amharclann an Oireachtais

Dé Sathairn an 4 Samhain 2017 

  • Cóisir Cúla4  (11am)  Seomra Mangerton, Gleneagle

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: