Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá roinnt léiriúchán de chuid TG4 le cúnamh a fháil faoin mbabhta is déanaí maoinithe faoin Scéim Físe agus Fuaime 3 atá fógartha ag an BAI.

Seacht léiriúchán de chuid TG4 le Cúnamh BAI a fháil

12.04.18

Tá maoiniú BAI €5.368m leithroinnte do 33 togra teilifíse agus maoiniú €622k leithroinnte do 93 togra raidió faoin mbabhta seo.

I measc léiriúcháin TG4 a gheobhaidh cúnamh tá;

  • Clár faisnéise Níos Mó Ná Rása  a dhíríonn ar fhorbairt nua, ar fiú seachtó milliún í, ar ráschúrsa an Churraigh, an áit a reáchtáilfear Dearbaí na hÉireann in 2019.
  • Tá Lurgan2K18  sraith faisnéise do leanaí atá ar aon dul leis an tsraith anuraidh ar éirigh thar cionn léi agus ar a mbeidh fiseáin cheoil de chuid ‘TG Lurgan’, a bhfuil an-tóir orthu ar líne, le craoladh ar TG4.
  • Scéal iontach é Pardún na Banríona  faoi bheirt fhear a chuir tús le haistear an tsaoil in áiteanna an-éagsúil ach a chríochnaigh san áit chéanna.
  • Dráma comhaimseartha é Finky atá bunaithe ar cheoltóir óg ar bhain drochthimpiste dó agus atá ag iarraidh dul i ngleic leis an saol i ndiaidh na timpiste agus a dtugann grúpa punc avant-garde an deis agus an misneach dó sin a dhéanamh.
  • Sraith ghrinn é Mo Shaol, Do Shaol ina socraíonn beirt leanaí,  a chaitheann saol an-éagsúil óna chéile, babhtáil lena chéile.
  • Tá an dráma Arracht suite sa bhliain 1845 faoi iascaire a ghéillean d’fhórsaí an oilc agus a dtéann an saol ina choinne.   Ach faigheann sé deis eile cúrsaí a chur ina gceart nuair a thugann sé cailín óg slán óna bá.
  • Dhá chlár atá i Saol an Mhadra Bháin a insíonn scéal Madraí Treorach na hÉireann.  Ó phóiriú go treorú, sraith álainn atá anseo faoin saol mar a chaitheann na hainmhithe iontacha seo é agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol, gach ceann acu ag dul ag feabhsú an tsaoil dá gcuid úinéirí nua.

Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont;  “Féachaimid i gcónaí a chinntiú go mbíonn deis ag an lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta féachaint ar ábhar ar ardchaighdeán.  Táimid buíoch don BAI don chúnamh a thugann siad dúinn an sprioc sin a bhaint amach”.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: