Preas
Tá roinnt léiriúchán de chuid TG4 le cúnamh a fháil faoin mbabhta is déanaí maoinithe faoin Scéim Físe agus Fuaime 3 atá fógartha ag an BAI.
Seacht léiriúchán de chuid TG4 le Cúnamh BAI a fháil
12.04.18
Tá maoiniú BAI €5.368m leithroinnte do 33 togra teilifíse agus maoiniú €622k leithroinnte do 93 togra raidió faoin mbabhta seo.
I measc léiriúcháin TG4 a gheobhaidh cúnamh tá;
- Clár faisnéise Níos Mó Ná Rása a dhíríonn ar fhorbairt nua, ar fiú seachtó milliún í, ar ráschúrsa an Churraigh, an áit a reáchtáilfear Dearbaí na hÉireann in 2019.
- Tá Lurgan2K18 sraith faisnéise do leanaí atá ar aon dul leis an tsraith anuraidh ar éirigh thar cionn léi agus ar a mbeidh fiseáin cheoil de chuid ‘TG Lurgan’, a bhfuil an-tóir orthu ar líne, le craoladh ar TG4.
- Scéal iontach é Pardún na Banríona faoi bheirt fhear a chuir tús le haistear an tsaoil in áiteanna an-éagsúil ach a chríochnaigh san áit chéanna.
- Dráma comhaimseartha é Finky atá bunaithe ar cheoltóir óg ar bhain drochthimpiste dó agus atá ag iarraidh dul i ngleic leis an saol i ndiaidh na timpiste agus a dtugann grúpa punc avant-garde an deis agus an misneach dó sin a dhéanamh.
- Sraith ghrinn é Mo Shaol, Do Shaol ina socraíonn beirt leanaí, a chaitheann saol an-éagsúil óna chéile, babhtáil lena chéile.
- Tá an dráma Arracht suite sa bhliain 1845 faoi iascaire a ghéillean d’fhórsaí an oilc agus a dtéann an saol ina choinne. Ach faigheann sé deis eile cúrsaí a chur ina gceart nuair a thugann sé cailín óg slán óna bá.
- Dhá chlár atá i Saol an Mhadra Bháin a insíonn scéal Madraí Treorach na hÉireann. Ó phóiriú go treorú, sraith álainn atá anseo faoin saol mar a chaitheann na hainmhithe iontacha seo é agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol, gach ceann acu ag dul ag feabhsú an tsaoil dá gcuid úinéirí nua.
Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont; “Féachaimid i gcónaí a chinntiú go mbíonn deis ag an lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta féachaint ar ábhar ar ardchaighdeán. Táimid buíoch don BAI don chúnamh a thugann siad dúinn an sprioc sin a bhaint amach”.