Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bhí síofraí Nollag TG4 cruógach i mbliana agus scoth na n-ábhar tugtha le chéile acu chun plúr na gclár a thabhairt chugainn i mbliana.

Grianghraf: Láithreoirí TG4 Fiona Ní Fhlatharta & Irial Ó Ceallaigh

Sceideal Álainn, Milis Ullmhaithe ag Síofraí Nollag TG4

17.12.18

Idir shiamsaíocht bheo, cheol na Nollag, neart spóirt bheo, chláir faisnéise eisiacha agus scannáin den chéad scoth, beidh ábhar ann a shásóidh cách.

Mar bharr smaise beidh cláir a coimisiúnaíodh go speisialta agus cláir aon-uaire, ina measc:

  • ‘Anna May – Banríon an Plough’ – Clár bhreathnaitheacha faisnéise uair an chloig faoin obair a bhíonn ar siúl ag stiúrthóir bainistíochta an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta, Anna May McHugh.
  • Muintir Mhaigh Eo & an Titanic – Scéal tubaisteach na gceathrar déag a d’fhág Leathardán i gCo. Mhaigh Eo le dul ar bord an Titanic le saol níos fearr a bhaint amach i Meiriceá.
  • ‘The Armed Man – A Mass for Peace’ – Taispeántas ar leith de The Armed Man: A Mass for Peace le Karl Jenkins arna stiúradh ag Jenkins féin ag ceolchoirm síochána a bhí ar siúl i mBeirlín i mí na Samhna chun comóradh a dhéanamh ar céad bliain ó tháinig deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. I measc na ceolfhoirne bhí 2,000 duine as 30 tír agus seacht gcór as Éirinn ina measc. Á chur i láthair ag Caitlín Nic Aoidh.
  • ‘Fáilte 2019’ – Oíche Chinn Bhliana beo as Dún na nGall ar TG4. Cuirfidh Caitlín Nic Aoidh agus Mairéad Ní Mhaonaigh chomh maith le fear Chiarraí Pádraig Ó Sé oíche bhreá ceoil, damhsa agus amhránaíochta i láthair. I measc na n-oirfideach ar an oíche beidh Polca 4, Na Conifers, Clann Mhic Ruairí, The Friel Sisters agus neart eile.
  • ‘Cabaret Craiceáilte @ 25’ – Tá ceann de na himeachtaí is réabhlóidí i saol na Gaeilge, An Cabaret Craiceáilte, 25 bliain ar an bhfód i mbliana. Féasta ceoil le leithéid KILA, Bréag, Basork, Muintir Uí Mhaonaigh, Na Campbells, Emma Ní Fhíoruisce, Eve Murtagh agus neart eile mar iad.
  • ‘Cúl Stáitse’ – Beimid in éineacht leis na hiomaitheoirí ar chúl stáitse agus iad ag fáil faoi réir ach cé leis a mbeidh an lá ag Oireachtas na Samhna 2018 i gCill Airne?
  • ‘Aon Lá Amháin’ – Clár álainn faisnéise leathuair ar fhad faoi sheisear iascairí slaite – athair agus a mhac agus a mhac sin arís, máthair agus a mac – agus iad sa tóir ar an mbreac fiáin ar Loch Coirib.
  • ‘Idir Dhá Chuairt’ – Fiosróidh Cathal Mac Coille na hathruithe sóisialta agus eacnamaíochta atá tagtha ar Éirinn ó thug an Pápa Eoin Pól II cuairt uirthi i 1979.

Beidh neart spóirt sa sceideal freisin idir rugbaí beo, cláir faisnéise ar laochra spóirt, buaicphointí CLG agus súil siar ar chuid de na cluichí is mó a imríodh i mbliana.

  • ‘Rugbaí Beo’ – Clúdach saor go haer ar Connachta v Ulaidh ón Sportsground i nGaillimh i Sraith PRO14 Guinness chomh maith leis an gcoimhlint idir Mumha V Laighin ar Pháirc Thuamhan.
  • ‘GAA – Cúil na Bliana 2018’ – Na cúil is fearr ó na cluichí iomána agus peile is mó a imríodh i mbliana.
  • ‘GAA Beo – Na Scéalta 2018’ – Súil siar ar scéalta agus ar bhuaicphointí chluichí CLG na bliana.
  • ‘Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste’ – Portráid phearsanta atá anseo de shaol Pháidí i gcomhthéacs a phobail Gaeltachta féin, á insint ag comharsana dá chuid atá ar aistear chun tuiscint a fháil ar a laoch.
  • ‘Laochra Gael – Ciarán Carey’ – Duine de laochra iomána Luimnigh sna 1990idí a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Bhí Ciarán ina chrann taca i lár na páirce nó ina leathchúlaí láir i bhfeachtais Luimnigh chun an Chraobh a bhaint.
  • ‘Tír Eoghain: The Unbreakable Bond’ – Clár faoin bhfoireann mionúr ab fhearr riamh i stair an spóirt – foireann mionúr Thír Eoghain 1997/1998. Tabharfar léargas ar thaithí phearsanta agus ar mhothúchán imreoirí na foirne ar leith seo agus mar a bhuaigh siad Craobh na hÉireann Faoi 21 faoi dhó agus Craobh Sinsear na hÉireann in 2003 faoi stiúir a mbainisteora, Mickey Harte.
  • ‘GAA USA’ – Féachann Dara Ó Sé ar íocaíochtaí d’imreoirí na gcluichí Gaelacha i Meiriceá. Tá feachtas ar bun le roinnt blianta anuas i gcoinne íocaíochta agus an tuiscint ann gur chóir an t-airgead a chaitheamh chun leanaí i Meiriceá a mhealladh chuig na cluichí.
  • ‘Cluiche Ceannais Iomána’ – Deis eile Cluiche Ceannais Iomána na bliana seo idir Luimneach v Gaillimh a fheiceáil.
  • ‘Cluiche Ceannais Peile’ – Deis eile Cluiche Ceannais Peile Sinsear na hÉireann 2018 idir Áth Cliath agus Tír Eoghain ar Pháirc an Chrócaigh a fheiceáil. Is é Garry Mac Donncha a bhí i mbun tráchtaireachta.

Beidh ceol den uile chineál againn – ceol Gaelach, Sean-nós, Ceol Tíre agus Rac.  Beidh clár nua againn ó fhéile ceol tíre Dhúlainn, cláir faisnéise ar Junior Crehan, ‘An Bhuíon Cheoil’ faoi bhanna fífeanna agus drumaí, ceann eile faoi Bhanna Céilí na Tulaí chomh maith le ceolchoirm  le Tommy Fleming, Sean Keane, Tradfest, Opry le Daniel, buaicphointí ó Oireachtas na Samhna agus neart eile.

  • ‘Doolin Folk Festival’ – Seo í an cúigiú bliain den Doolin Folk Festival, féile atá ag dul ó neart go neart agus a mbíonn plúr na gceoltóirí páirteach inti. Ina measc Luka Bloom, Susan O’Neill, Muireann Nic Amhlaoibh, Martin Hayes, Steve Cooney, Paul Brady agus neart eile.
  • ‘An Bhuíon Cheoil’ – Léargas ar an tóir atá in iarthar Thír Chonaill ar cheol bannaí fífeanna agus drumaí. Bíonn óg agus aosta díograiseach faoi na comórtais agus tabharfar léiriú ar an stair fhada a bhaineann le bannaí máirseála i bpobail thuaithe.
  • ‘Junior’ – Scór bliain in ndiaidh bhás Junior Crehan, an ceoltóir, cumadóir, scéalaí agus damhsóir as Sráid na Cathrach, baileoidh gaolta agus cairde mar aon le ceoltóirí agus damhsóirí le chéile i gcuimhne air. Ina measc beidh, Donal Lunny, muintir Mulcahy, Tim Dennehy agus Liam O’Brien.
  • ‘Gradam Ceoil TG4 2018’ – Deis eile Gradam Ceoil TG4 2018 a craoladh beo as Halla an Waterfront i mBéal Feirste i mí Feabhra a fheiceáil. Ócáid í seo a dtagann plúr na gceoltóirí traidisiúnta ó gach cearn den domhan le chéile don cheiliúradh
  • ‘TradFest TG4’ – Á chur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin as Baile Átha Cliath. Buailfidh sí leis an mbanna ceoil Bluegrass ‘I Draw Slow’. I measc na gceoltóirí eile ar an gclár beidh Paudie O’Connor agus Aoife Ní Chaoimh, Mairéad Hurley, John Blake, Paddy McEvoy agus an t-amhránaí agus ceoltóir basúcaí Cathal Ó Curráin.
  • ‘Súil Siar Corn Uí Riada 2018’ – Súil siar ar phríomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós Oireachtas na Samhna 2018 san INEC i gCill Airne. Beidh na hamhránaithe sean-nóis is fearr dá bhfuil ann san iomaíocht le ‘Corn Uí Riada’ a bhuachan.
  • ‘Súil Siar Steip 2018’ – Súil siar ar an bpríomhchomórtas damhsa ar an sean-nós do dhaoine óga ag Oireachtas na Samhna 2018 as Lárionad Náisiúnta Imeachtaí na hÉireann i gCill Airne.
  • ‘Hammond: Duais an Dorais’ – Clár faisnéise faoi David Hammond – craoltóir, amhránaí agus déantóir scannán. Tabharfar léargas ar an bhfear ar leith seo agus ar an oidhreacht atá fágtha ina dhiaidh aige trí chartlann scannán sárluachmhar agus agallaimh le lucht ealaíne na hÉireann.
  • ‘The Tulla Céilí Band’ – Scéal faoi thraidisiún atá tagtha anuas ó ghlúin go glúin agus atá fós beo sa lá atá inniu ann ainneoin an domhan mórthimpeall orainn a bheith ag athrú de shíor. Seachtú bliain i ndiaidh a bhunaithe, tá an Banna Céilí na Tulaí níos láidre ná riamh.
  • ‘Tommy Fleming – A Song for a Winter’s Night’ – Ceolchoirm Nollag le Tommy Fleming a taifeadadh beo i gCaisleán Bhéal Leice i mBéal an Átha. Casfaidh sé ‘Walking in the Air’, ‘Bells are Ringing’, ‘Angels We Have Heard on High’, ‘In the Bleak Mid Winter’, ‘Christmas 1915’, ‘O Little Town of Bethlehem’ agus neart eile
  • ‘Lumen i Luimneach – Ceol Uí Shúilleabháin i Séipéal Naomh Mhuire’: Tráthnóna ceoil i Séipéal Naomh Mhuire áit ar chas aíonna agus rannpháirtithe ceol Mhichíl Uí Shúilleabháin. Brian Kennedy, Manaigh Ghleann Stáil, Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus Nóirín Ní Riain ina measc. Faraor, bhásaigh Micheál Ó Súilleabháin an 7 Samhain 2018.
  • ‘Seán Keane & The RTÉ Concert Orchestra’ – Ceolchoirm den albam Gratitude le Seán Keane in éineacht le Ceolfhoireann RTÉ a taifeadadh sa gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath faoi stiúir David Brophy. Seo é an t-aonú albam déag ag Seán ina aonar ar a bhfuil dhá cheann déag d’amhráin nua agus sean air.
  • ‘Hup na Nollag’ – Is i gCinn Mhara a bheimid in eagrán speisialta na Nollag áit a mbeidh máistrí ceoil, amhránaíochta agus rince againn idir óg is aosta. Beidh an boscadóir breá Máirtín O’Connor inár dteannta lena chairde ConTempo Quartet, Cathal Hayden agus Gary Ó Briain, chomh maith le hamhrán ó bhuaiteoir Chorn Uí Riada Bríd Ní Mhaoilchiaráin.
  • ‘Opry le Daniel – Charley Pride’: Fillfidh Daniel O’Donnell ar Fhóram na Mílaoise i nDoire chun clár speisialta a chur i láthair in ómós Charley Pride. Tabharfar léargas sa chlár ar shaol Charley agus beidh neart amhrán le cloisteáil uaidhsean chomh maith le hamhráin a chasadh in éineacht le Daniel.

Chun tuilleadh spleodair fós a chur faoi chúrsaí ceoil, beidh cláir faisnéise agus ceolchoirmeacha rac ar taispeáint ina mbeidh Rory Gallagher, the Rolling Stones, Eric Clapton, the Boomtown Rats agus daoine eile páirteach:

  • ‘Rory Gallagher Irish Tour 1974’ – Clár faisnéise faoin ngiotáraí mór le rá as Éirinn Rory Gallagher a chaith a shaol ag taisteal agus ag ceol. Fear umhal nár stop ag obair riamh agus a choinnigh an slua leis i gcónaí.
  • ‘The Rolling Stones: Live At Hampton Coliseum’ – An 18 Nollag 1981 tháinig deireadh le camchuairt mhór ‘Tattoo You’ na Rolling Stones ar Mheiriceá le ceolchoirm sa Hampton Coliseum.  Bhí sé ar an gcéad cheolchoirm riamh a craoladh ar fhéad dhaoine íoc as len é a fheiceáil. Tá na seanphíosaí scannáin anois curtha i gcóir agus an fhuaim measctha as an nua. Chas na Rolling Stones a gcuid amhrán mór ar fad an oíche sin agus le feiceáil freisin beidh an t-achrann a bhí idir Keith Richards agus fear a thug an stáitse air féin gan cead.
  • ‘John Mayall & Eric Clapton: 70th Birthday Concert’ – Ceolchoirm speisialta in ómós John Mayall nuair a bhí se 70 bliain d’aois.
  • ‘Bob Geldof and The Boomtown Rats’ – Bob Geldof agus The Boomtown Rats ag seinm os comhair lán an tí in Amharclann an Dominion i Londain i 1985, ceolchoirm a bhí bunaithe ar an  albam deiridh acu le chéile mar bhanna – In the Long Grass. Chas siad a gcuid amhrán mór ar fad.  Rat Trap agus I Don’t Like Mondays ina measc chomh maith le neart eile.
  • ‘Nina Simone: Live at Montreux 1976’ – Féile Snagcheoil i Montreux na hEilvéise i 1976 áit ar thug duine de na hamhránaithe snagcheoil is fearr sa 20ú haois, Nina Simone, taispeántas cumhachtach.
  • ‘This is Spinal Tap’ – Clár faoin mbanna ceoil miotail trom Spinal Tap agus an ceolchoirm cinniúnach a bhí acu arna insint ag an stiúrthóir scannán Marty DiBergi.

Agus chun an sméar mhullaigh a chur ar chúrsaí beidh ardscannáin againn ina measc ‘Titanic’, ‘Moulin Rouge’, ‘Nacho Libre’ & ‘O Brother, Where Art Thou?’. Beidh féasta clár againn freisin don lucht féachana óg ‘Star Trek: Into the Darkness’, ‘Bee Movie’, ‘Rango’, ‘The Spiderwick Chronicles’, ‘Hotel for Dogs’, ‘Ice Age’ & ‘Dr Seuss’ The Lorax’.

Agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar an tsiamsaíocht agus drámaíocht Nollag i ‘Ros na Rún’ áit a mbíonn chuile duine breá sásta tigh Daly nó go dtagann cuairteoir nach raibh súil ar bith leis ag an doras. Cén chaoi a bheidh orthu ina dhiaidh? Tá Máire siúráilte go bhfuil bronntanas speisialta ag Micheál do Laoise don Nollaig. Cé air is mó a mbeidh díomá, ar Laoise nó ar Réailtín? Bíonn chuile dhuine breá gealgháireach tigh Berni nó go dtagann cuairteoir gan cuireadh gan iarraidh.

Mar sin, déan dearmad ar na turcaithe an Nollaig seo, faigh do chuid de #CácaNollag ar TG4.

Agus an rud is fearr faoi cháca nollag ná gur féidir leat a mhéid nó a laghad is maith leat a bheith agat– ar na meáin shóisialta @tg4tv, nó ar sheinnteoir www.tg4.ie ar fud an domhain!

Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.tg4.ie/nollaig

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: