Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go bhfuil ról tábhachtach ag an gcraoltóir i bhforbairt na drámaíochta Gaeilge ach nach mór don earnáil féin teacht le chéile ar dtús agus comhoibriú a chur chun cinn.

Ról ag TG4 i bhforbairt na Drámaíochta Gaeilge – Esslemont

29.04.18

Ag bronnadh na ngradam ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta a bhí ar siúl in Indreabhán, i gConamara an deireadh seachtaine seo, dúirt Alan Esslemont:

‘Ní mór d’earnáil na drámaíochta Gaeilge fás agus forbairt. Tá sé sin tábhachtach daoibhse mar lucht drámaíochta ach tá sé fíor-thábhachtach dúinne mar lucht cumarsáide chomh maith.

‘Tá díospóireacht tosaithe ag Cathaoirleach na Taibhdheirce, Aodh Ó Coileáin, maidir leis an ról atá ag Amharclann Náisiúnta na Gaeilge agus is maith an rud an díospóireacht sin.

‘Bíonn fuinneamh iontach ag na féilte scoildrámaíochta, go háitiúil agus go náisiúnta, ach cé a fhaigheann deis na léiriúcháin iontacha seo a fheiceáil agus cén tacaíocht a thugtar dóibhsean a bhíonn páirteach, chun a gceird a fhorbairt?

‘Cén chaoi ar féidir borradh níos fearr a chur faoi scríbhneoireacht, faoi fhéilte agus faoi dhrámaíocht sna réigiúin, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta?

‘Tá ról sa díospóireacht seo ag roinnt mhaith grúpaí dar liom. Lucht na drámaíochta féin – idir chompántais, léiritheoirí, scríbhneoirí, aisteoirí agus fhoirne léiriúcháin. Ag na heagrais tacaíochta – Roinn na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, na Comhairlí Ealaíon, Údarás na Gaeltachta, Oireachtas na Gaeilge, An Cumann Scoildrámaíochta agus gan dabht An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta.

‘Agus tá ról ag TG4 chomh maith. Más léir dúinne go bhfuil cur chuige, comhoibritheach ag teacht chun cinn ó lucht na drámaíochta, ní loicfidh muide i dtacaíocht a thabhairt daoibhse.

‘Caithfear dul i ngleic le bealaí, comhpháirtíochtaí agus cuir chuige nua chun cinntiú go bhfuil muid ag freastal i gceart ar an lucht féachana atá againn agus ag tabhairt inspioráide do ghlúin nua ealaíontóirí óga’.

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: