Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá imní á léiriú i measc lucht foilsitheoireachta na Gaeilge in Éirinn maidir lena bhfuil in ann don tionscal, i bhfianaise cinneadh ‘Cois Life’ dúnadh agus tá an cheist sin á chiaradh ar shraith nua léirmheastóireachta a bheidh ag tosú ar TG4 an tseachtain seo.

Imní Tionscal na Foilsitheoireachta Gaeilge faoi Chaibidil ar TG4

03.10.18

Craolfar an chéad eagrán de shraith nua de ‘Léirmheas Leabhar’, á cur i láthair ag Tristan Rosenstock, ar TG4, an Déardaoin seo 4 Deireadh Fómhair, ag 7.30pm.

Is sraith mhíosúil litríochta & léirmheastóireachta é ‘Léirmheas Leabhar’. Leagtar béim sa tsraith ar shaothar nua-fhoilsithe na Gaeilge chomh maith le léargas a thabhairt ar shaol na foilsitheoireachta agus imeachtaí leabhar do léitheoirí óga agus fásta.

Sa chéad chlár, pléifear cinneadh an fhoilsitheora leabhar ‘Cois Life’ dúnadh agus na himpleachtaí atá aige sin ar na húdair agus léitheoirí mar aon.

Cuimhneoidh Tristan agus a chuid aíonna chomh maith ar an bhfile, údar agus dramadóir, Liam Ó Muirthile, a bhásaigh níos túisce i mbliana.

Déanfar léirmheas freisin ar an leabhar ‘Camino de Santiago’. Do léitheoirí óga, déanfar léirmheas ar na leabhair ‘Bláithín ar an bPota’ agus ‘Oisín ar an bPota’.

Craolfar an clár ar TG4 ag 9.30pm ar 15 Meán Fomhair – an oíche roimh an trí chluiche is mó ar fhéilire an LGFA. I rith an seó, déanfar iniúchadh ar an gcraobhchomórtas, ar na cluichí a bheidh ag tárlú an lá dár gcionn, ar shaolta réaltaí spóirt baineann na tíre agus ar scéalta ban na hÉirinn i 2018.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: