Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gradam idirnáisiúnta CIRCOM buaite ag ‘Grace Harte’, dráma fíorspéisiúil de chuid TG4

Gradam idirnáisiúnta CIRCOM buaite ag ‘Grace Harte’

24.04.18

Gradam Meán CIRCOM don Dráma is Fearr buaite ag Grace Harte, dráma fíorspéisiúil de chuid TG4 faoi bhean in Iarthar na hÉireann atá sáinnithe i bpósadh gan phaisean.

Bhí Grace Harte san iomaíocht le 223 iontráil eile nó gur roghnaigh Cumann Gairmiúil na Craoltóireachta Seirbhíse Poiblí Réigiúnach Teilifíse san Eoraip, CIRCOM, é mar Bhuaiteoir ar chatagóir Prix CIRCOM Siamsaíocht agus Drámaíocht.   Bronnfar an gradam ag seó Gradam Gala Prix CIRCOM Déardaoin an 24 Bealtaine 2018 i Leeuwarden, san Ísiltír.

Is scéal grá é Grace Harte bunaithe faoi thriúr a mbíonn deireadh tubaisteach leis.   Is dráma trí chuid atá ann atá lonnaithe in óstán, atá i ndroch-chaoi, in Iarthar na hÉireann.   Is í Kate Nic Chonaonaigh atá sa phríomhpháirt, Grace agus is é Dara Devaney, a bhfuil gradam IFTA buaite aige, a fear céile Leo.   Is leosan an t-óstán.   Is é Eoghan Ó Dubhghaill an surfálaí uaillmhianach a tharraingítear isteach i bpleananna Grace a fear céile a dhúnmharú.

Fuair an tionscadal seo, arna choimisiúnú ag TG4, a scríobh Antoine Ó Flatharta,  a stiúir Charlie McCarthy & a léirigh Martha O’Neill do Wildfire Films, cúnamh ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann chomh maith le maoiniú Alt 481.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu le Grace Harte. Léiríonn sé an méid is féidir a bhaint amach nuair a thugtar daoine cumasacha le chéile le lucht maoinithe uaillmhianacha chun drámaíocht den chéad scoth a dhéanamh.  Sin é tús agus deireadh ‘Súil Eile’ TG4.”

Dúirt David Lowen, Uachtarán Prix CIRCOM, “Tuigfidh duine ar bith a fhéachann ar na cláir seo agus a thuigeann an scil a bhaineann lena ndéanamh go bhfuil na meáin seirbhíse poiblí breá bisiúil ar an Teilifís, ar líne agus ar na meáin shóisialta.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: