Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá curtha le cáil idirnáisiúnta TG4 mar sholáthraí ábhair den scoth seacht saothar atá luaite leis ar an gearrliosta do na babhtaí ceannais d’Fhéile na Meáin Ceilteach 2018. Tá cláir drámaíocht, spóirt, ceol, stair, beochan agus faisnéis i measc na saothar Gaeilge atá roghnaithe i mbliana.

7 dTogra le TG4 gearrliostaithe don Fhéile Cheilteach 2018

07.03.18

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Beidh Féile na bliana seo ar bun i Llanelli sa Bhreatain Bheag. (www.celticmediafestival.co.uk )

Is iad seo na saothair le TG4 atá roghnaithe i mbliana: An Klondike 2, Rocky Ros Muc, Murdair Mhám Trasna, Éire Fhiáin, Port, Song of Granite agus An Béal Bocht.

  • An Klondike- (Sraith drámaíochta) An dara sraith den dráma aitheanta ríomhtar an dara cuid de scéal an triúr dearthár as Conamara agus iad i ngleic le saol achrannach na mianadóireachta óir in Alasca in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, céad fiche bliain ó shin. Tar éis eachtraí fuilteacha shraith 1, tá na deartháireacha le chéile arís agus tuigeann an pobal i Dominion Creek gur fórsa láidir iad. Ach is tréimhse chorrach í seo sa gceantar agus is beag géilleadh atá don chothrom na féinne ná don dlí. Tugtar dúshlán na gConnollys agus tá a bhfuil bainte amach acu i mbaol dá bharr. Léiriú le Abú Media.
  • Rocky Ros Muc- (Spóirt) Fadscannán faisnéise a insíonn scéal Seán Ó Mainnín an dornálaí is iomráití riamh as Conamara ach a chuimsíonn go leor gnéithe eile dá shaol le léargas géarchúiseach ar raon leathan ábhar – an imirce, cathú na coiriúlachta, an grá agus cumha an deoraí atá i bhfad ó bhaile. Tá an saothar seo bunaithe ar dhuais-leabhar Rónáin Mhic Con Iomaire den teideal céanna. Bíodh gurbh as pobal iargúlta Gaeltachta a fáisceadh é agus go raibh an eacnamaíocht in Éirinn is ísle brí agus é ag teacht in aois fir sna 1970idí, d’oscail a chumas mar dhornálaí doirse go leor dó. Tá duaiseanna go leor buaite ag an saothar seo cheana féin, ina measc ag Féile Scannán Éireannach Bhoston agus Fleadh Scannán na Gaillimhe. Léiriú le Below the Radar Productions.
  • Murdair Mhám Trasna- (Stair) Fadscannán drámaíochta/faisnéise ina dtugtar chun cuimhne an dúnmharú brúidiúil a rinneadh ar theaghlach i gceantar iargúlta Mhám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo sa mbliain 1882. Thuill na heachtraí fuilteacha seo, a tharla i ndorchadas na hoíche, poiblíocht ar fud an domhain ag an am. Ach rinne an triail inar cuireadh an choir in aghaidh roinnt fear ón gceantar brachán iomlán den scéal. Riaradh an triail go hiomlán trí mheán an Bhéarla, teanga nach raibh ag na fir a bhí cúisithe. Bhí an t-ionchúiseamh bunaithe go hiomlán ar fhianaise bhréige. B’í an bhreith gur daoradh agus gur crochadh daoine go éagórach agus gur gearradh príosúnú saol ar dhaoine neamhchiontacha. Léiriú le Rosg.
  • Éire Fhiáin- (Sraith Fíorasach) Sraith speisialta dhá chlár ar an bhfiadhúlra suntasach atá le fáil ar feadh 1,600km de chósta Atlantaigh na hÉireann. Á cur i láthair ag Eoin Warner. Sraith sonrach é seo ar ainmhithe agus ceantair na tíre nach bhfuil mórán eolas againn orthu. Léiriú le Crossing the Line Productions.
  • Port – (Siamsaíocht) Sraith ceoil a dhéanann ceiliúradh ar cheol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban. Á chur I láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Léiriú le Bees Nees Media Ltd.
  • Song of Granite- (Ealaín) Saol agus oidhreacht an fhonnadóra Joe Éinniú, a áirítear ar dhuine de mháistrí an tsean-nóis. Fáisceadh as tobar an dúchais é in Iorras Aithneach in iarthar Ghaeltacht na Gaillimhe agus cé gur sa gcontae sin agus i mBaile Átha Cliath a fuair sé a chuid oideachais, ní fada gur ar imirce a bhí sé agus is thar sáile a chaith sé an chuid eile dá shaol, an chuid is mó de i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus é ansin, thuill sé clú agus cáil agus cé gur mhinic é ar cuairt go hÉirinn, mheas sé féin agus ghoill sé air, gur sa tír thall is mó a fuair a chuid amhránaíochta aitheantas agus gradaim. Léiriú le Roads Entertainment.
  • An Béal Bocht- (Beochan) Leagan anamúlachta den aoir aitheanta le Myles na gCopaleen (Brian Ó Nualláin), an t-aon leabhar Gaeilge óna pheann agus an saothar is greannmhaire ar fad, uaidh, meastar. Foilsíodh an bun saothar sa mbliain 1941, dírbheathaisnéis, mar dhea, ógfhir Gaeltachta atá i nGéibheann Shligigh agus é ag cuimhneamh siar ar a óige i mbochtaineacht na tuaithe agus ar na foghlaimeoirí Gaeilge a thagadh sa Samhradh. Seo anois é, curtha i láthair den chéad uair don scáileán agus sin déanta go healaíonta mar shaothar anamúlachta, an chéad iarracht sa bhformáid áirithe seo ag an stiúrthóir aitheanta, Tom Collins.

Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gur maith an tomhais ar ardchaighdeán TG4 na cláir seo a bheith páirteach sna babhtaí ceannais d’Fhéile na Meán Ceilteach 2018. “Spreagann an fhéile seo muid gach bliain agus muid i láthair ár gcomhghleacaithe as Albain, An Bhreatain Bhig, Corn na Breataine, Bhriotáin agus Manainn.” a deir sé. “Tugann an gearrliosta seo ardú dúinn agus muid ag súil go n-éireoidh go geal leis na cláir seo agus iad in iomaíocht le saothair as na náisiúin eile sin.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: