Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá fáilte curtha ag Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, roimh an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc a d’fhoilsigh an tAire Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, Josepha Madigan TD, an tseachtain seo.

Fáiltíonn TG4 roimh Phlean Gníomhaíochta Closamhairc an Rialtais

28.06.18

Ag labhairt dó inniu deir Esslemont:

“Tá an earnáil Ghaeilge ag croílár an tionscal cruthaitheach in Éirinn.

“Tá na cuspóirí sa phlean seo ag teacht go mór le Plean Straitéiseach 5 Bliana TG4, mar gheall ar an mbéim atá ann ar fhorbairt an tionscal closamhairc sna réigiúin ach go háirithe.

“Aithnítear an tábhacht mhór atá leis an tionscal chun cur le heacnamaíocht na tíre agus na deiseanna forbartha breise atá ann le hidirnáisiúnú na hearnála. Tá sé léirithe ag TG4 le roinnt mhaith blianta anuas chomh rathúil is atá an cur chuige seo agus tá samplaí de na torthaí le feiceáil ó chomhlachtaí ar nós Telegael, Nemeton & Cartoon Saloon, a thosaigh amach san earnáil le TG4 agus atá anois ag obair sna margaí idirnáisiúnta.

“Aithnítear sa phlean an gá atá ann le cistí breise forbartha, léiriúcháin agus comhchistiú, chomh maith leis na scéimeanna faoiseamh cánach atá ar fáil a neartú.

“Caithfidh traenáil a bheith lárnach do na hiarrachtaí freisin, le go mbeidh sruth nua tallann ar fáil go leanúnach don earnáil chlosamhairc.

“Tá sé tábhachtach go n-aithníonn an tuairisc an buntáiste eacnamaíoch atá leis an tionscal closamhairc i nGaeilge, do na réigiúin ina bhfuil na comhlachtaí sin lonnaithe.

“Is cóir don Rialtas aitheantas a thabhairt do TG4 mar cheann de na príomh geallsealbhóirí maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta seo agus beidh muid ag súil, mar thoradh ar sin, le hionadaíocht ag na fóraim éagsúla a bheidh ag déileáil leis”.

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: