Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá fáilte curtha ag Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont roimh cheapachán Joe Reddington ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4.

Fáilte roimh cheapachán Reddington ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4

08.06.18

Ag labhairt dó inniu, deir Esslemont, ‘Tá tuiscint an-mhaith ag Joe Reddington ar fhís TG4 agus na dúshláin a bhaineann le soláthar seirbhísí nuachta comhaimseartha, i saol atá ag athrú de shíor. Fáiltímid go mór roimh a cheapachán.

‘Tá taithí na mblianta ag Joe ar a bheith ag obair linn sa cheannáras anseo i mBaile na hAbhann agus cuireann sé a chroí agus a anam san obair a dhéanann sé i gcónaí.

‘Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis sna blianta romhainn, ag freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ag cur le hacmhainní agus le scóp iriseoireacht na Gaeilge’.

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: