Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

#BlocArBís

Más duine de ghlúin na mílaoise thú, duine de Ghlúin C nó de Ghlúin Z, beidh lón spéise agat in BLOC, an mol nua d’ábhar físeáin gairid i nGaeilge don lucht féachana 18+ atá ina ardán ar féidir le hógánaigh fásta a gcuid scéalta féin a chur i láthair don domhan mór.

BLOC - An Mol Digiteach Seolta ag TG4

30.11.18

Tá BLOC ar fáil ar Facebook, Twitter, Instagram, YouTube, IGTV agus ar an gcóras cluichíochta Twitch.  Is féidir tiúnáil isteach lá i ndiaidh an lae go bhfeictear na scéalta is mó le rá ó dhaoine cumasacha nua ar fud na tíre faoi réimsí éagsúla ábhair, mar shampla  ceisteanna sóisialta, siamsaíocht, taisteal agus eile.

Tá gradaim buaite ag BLOC cheana féin, ‘BLOG na Bliana 2018’ agus ‘SOCKIE na Bliana 2018’, tar éis saothar líon níos mó ná 30 cruthaitheoir ábhair óg de chuid na hÉireann agus ón iasacht a chur ar taispeáint.  Sásaítear lucht a bhreathnaithe lá i ndiaidh an lae agus deis acu a bheith ag faire agus na BLOCairí ag trasnú fiordanna na hÍoslainne,  ag marcaíocht clár ar ghaineamh i bPeiriú, ag teacht ar eas rúnda i nDún na nGall, ag míniú rialacha an ghrá agus ag caitheamh amhrais ar ghnáthnós na linne le fonn ábhar de scoth an domhain a chruthú IN ÉINEACHT LEATSA!

Cuireann BLOC saothar beo bríomhar agus lán eolais ar fáil. Taispeántar do mhná mar is ceart a gcuid cíoch a sheiceáil san fhíseán le gairid faoi scrúdú brollaigh, cuid den tsraith #Féinaire. Tarraingítear aird le díospóireachtaí de chuid BLOC BEO ar cheisteanna éagsúla de leithéid ‘Drugaí a chur i nDeochanna’, agus téann gearrscannáin agus sraitheanna grinn go croí na ceiste gan fiacail a chur ann agus amhras acu ar ghnáth-thuiscintí na ndaoine.

Ba léir an réimse éagsúlachta agus an dánacht a bhaineann le BLOC tráthnóna (Déardaoin, an 29 Samhain) ag an Workman’s Club i mBaile Átha Cliath agus BLOC á sheoladh go hoifigiúil.  Bhí deis ag lucht leanta BLOC taitneamh a bhaint as ceol le Daithí, an DJ agus an léiritheoir ceoil a bhfuil cáil go hidirnáisiúnta air.  Thug oirfidigh Bella Go Go an rí rá leis an ruaille buaille lena gcuid spleodair agus bhí lucht cluichíochta á fhéachaint lena chéile i gcúinne na hiomaíochta mar a raibh córas mór millteach Connect 4.

Bhí fear an tí, Micheál Ó Ciaraidh, agus aos dána BLOC ann, chomh maith lena gcomhghleacaithe ó shaol an raidió, na teilifíse agus na scríbhneoireachta in Éirinn, chun comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar sheoladh BLOC.

Más mian leat a bheith i do BHLOCAIRE: bloc@tg4.ie

Fiosrú ó lucht na meán cumarsáide: caroline.ni.dhubhchoin@tg4.ie

www.tg4.ie/bloc (@bloc_TG4) #BlocArBis

Breis Eolas:

Caroline Ní Dhubhchóin – BLOC, TG4 – 091-505050, caroline.ni.dhubhchoin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: