Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An gceapfá go bhfuil tú ábalta feabhas a chur ar An Aimsir? Má cheapann, tá TG4 ar do thóir! Tá láithreoirí nua aimsire agus leanúnachais á lorg ag an gcraoltóir náisiúnta Gaeilge.

Ar féidir leat An Aimsir a fheabhsú?

11.04.18

Níl agat ach cúpla lá chun d’ainm a chur san áireamh le bheith ar an gcéad láithreoir aimsire eile ar TG4. Táthar ag glacadh le hiarratais go dtí Dé Luain seo chugainn an 16 Aibreán.

D’fhéadfá a bheith ar an gcéad Daithí Ó Sé, Síle Seoighe, Aoife Ní Thuairisg nó Páidí Ó Lionáird eile a chuir tús lena slí bheatha teilifíse ag cur faisnéis na haimsire i láthair ar TG4.

“Tá taithí iontach le fáil sa ról seo i dtaobh scileanna láithreoireachta agus cumarsáide a fhorbairt”, a deir Stiúrthóir Margaíochta & Forbartha TG4, Lís Ní Dhálaigh. “Tá na láithreoirí aimsire agus leanúnachais ina gcuid lárnach d’fhoireann TG4. Is iad guth an chainéil iad ar aer agus ar na meáin shóisialta agus tá siad aitheanta i measc lucht féachana TG4”.

Deir duine de láithreoirí reatha TG4, bean Thír Chonaill, Caitlín Nic Aodha, “Mar stáisiún atá nuálach, fadradharcach agus atá i gcónaí chun tosaigh, tá bród as cuimse orm a bheith ar dhuine d’fhoireann TG4.  Bíonn obair éagsúil ar bun againn agus muid i dtólamh chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta anseo in earnáil na teilifíse. Tá scaifte cuidiúil, croíúil, cruthaitheach agus ildánach ag obair anseo agus mhothaigh mé ar dhuine den fhoireann ón gcéad lá”.

Má tá suim agat iarratas a dhéanamh ar na folúntais seo, seol mír físe nóiméad ar fhad ag déanamh cur síos ort féin chomh maith le curriculum vitae chuig cv@tg4.ie. Tá breis eolais le fáil faoi na poist seo ag www.tg4.ie/foluntais.

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: