Preas
Tá aon ainmniúchán déag faighte ag cláracha agus pearsana de chuid TG4 ar Ghearrliosta na nGradam IFTA 2018.
11 Ainmniúchán ag TG4 do Ghradaim IFTA 2018
10.05.18
I measc na n-ainmniúchán, tá dhá sraith do dhaoine óga. Is iad sin Is Eolaí Mé – sraith spraíúil eolaíochta á chur i láthair ag Peadar Ó Goill agus Úna Ní Fhlatharta agus Lurgan 2K17 – sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeántar físeáin nua de chuid ‘TG Lurgan’ agus ina gcuirtear aithne ar roinnt de na daltaí ardchumasacha a bhíonn páirteach iontu.
Fuair Éire Fhiáin – An Cósta Thiar ainmniúcháin sa gcatagóir Fíorasach. Sraith speisialta ar fhiadhúlra suntasach na hÉireann á cur i láthair ag Eoin Warner.
Tá dhá ainmniúchán faighte ag Ros na Rún sna catagóirí Sobaldráma & Cláracha Gaeilge. Tá Ros na Rún ar an sobaldráma is daonna agus is dúchasaí ar an teilifís in Éirinn, an t-aon sobalchlár in Éirinn a bhfuil rian na tuaithe air.
Tá TG4XX Beo ainmnithe sa gcatagóir Craoladh Beo. Ceolchoirm speisialta a craoladh beo ó láithreacha éagsúla ar fud na tíre le ceiliúradh a dhéanamh ar scór bliain de TG4. I measc na gceoltóirí bhí Liam Ó Maonlaí, Le Galaxie & Daithí, Banna Mháirtín O’Connor, Sharon Shannon, Duke Special & Ulaid, ProdiJIG, Muireann Nic Amhlaoibh & Aeons.
Ainmniúchán faighte freisin ag Hector Central sa rannóg Fíorasach. Is ar Mheiriceá Láir a bhí a thriall sa tsraith nua, 8 gclár ó Chathair Panama go Cathair Belize agus é ag leanúint bhóthar an Pan-American Highway den chuid is mó.
Tá an t-aisteoir Seán McGinley ainmnithe dá pháirt i Fir Bolg agus tá trí ainmniúchán eile faighte ag cláracha de chuid TG4 sa rannóg Cláracha Gaeilge. Is iad sin Frank O’Connor – Idir Dhá Shruth, Rocky Ros Muc agus Fir Bolg. (Tá liosta iomlán d’ainmniúcháin TG4 do Ghradaim IFTA ar fáil thíos.)
Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóirí éagsúla. Bronnfar na gradaim IFTA féin ag ócáid ghalánta an 31ú Bealtaine i mbliana.
Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, a gcuid ainmniúchán ar fad le léiriúcháin TG4 atá ar an nGearrliosta IFTA. Dúirt sé gur cruthúnas ar ardchaighdeán raon na gclár a bhíonn ag TG4 é an rogha seo. “Thuill TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim náisiúnta gradam seo,” a dúirt sé. “Táimid an bhródúil as an líon ainmniúchán a fuaireamar ar ghearrliosta na bliana seo, go háirithe i réimse na faisnéise agus daoine óga. Is mór an sásamh dúinn gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú,” a dúirt an tArdstiúrthóir.
IFTA 2018 – Ainmniúcháin TG4
Fíorasach
- Hector Central (Léiriú de chuid Good Company Productions)
Sraith faisnéise
- Éire Fhiáin- An Cósta Thiar (Léiriú de chuid Crossing the Line)
Sobal dráma
- Ros na Rún (Léiriú de chuid EO Teilifís & Tyrone Productions)
Male Performance
- Sean McGinley, Fir Bolg (Léiriú de chuid Dearg Films)
Beo chraoladh
- TG4XX Beo (Léiriú de chuid Gifted Empire)
Daoine Óga
- Is Eolaí Mé (Léiriú de chuid Meangadh Fíbín)
- Lurgan 2K17 (Léiriú de chuid Iris Productions)
Cláracha Gaeilge
- Fir Bolg (Léiriú de chuid Dearg Films)
- Frank O’Connor- Idir Dhá Shruth (Léiriú de chuid AnimoTV)
- Rocky Ros Muc (Léiriú de chuid Below the Radar)
- Ros na Rún (Léiriú de chuid EO Teilifís & Tyrone Productions )